Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin. Comhroinnimid oifigí le hOifig an Ombudsman, le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus leis an gCoimisiún Reifrinn (agus é ar bun). Is í Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn an rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin.

I dteannta a chéile, tugtar “an Oifig” ar na hoifigí sa rannán seo den suíomh Gréasáin.

An tOifigeach Rochtana

Más rud é go bhfuil deacracht agat rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an suíomh seo, déan teagmháil lenár n-oifigeach rochtana ag accessofficer@sipo.ie

Na ceanglais ar an eagraíocht faoin Acht um Míchumas, 2005

Mar chomhlacht poiblí, ní mór don eagraíocht cloí le hailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005. Ní mór don eagraíocht a chinntiú:

  • Gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn na limistéir phoiblí ina hoifigí, i gcomhréir le halt 25
  • Gurb amhlaidh, a mhéid is féidir, gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn a seirbhísí príomhshrutha, i gcomhréir le halt 26. Más gá, ní mór don eagraíocht cabhrú le daoine faoi mhíchumas a seirbhísí a rochtain, agus ní mór di sainchomhairle agus sainscileanna a bheith ar fáil aici chun a chinntiú gurb inrochtana a bhíonn a cuid seirbhísí
  • Go mbíonn “oifigeach rochtana” aici a eagróidh cabhair agus treoir do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh siad in ann a cuid seirbhísí a rochtain, i gcomhréir le halt 26(2)
  • Gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn aon earraí nó seirbhísí a fhaigheann sí, i gcomhréir le halt 27
  • Gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn aon fhaisnéis a sholáthraíonn sí, i gcomhréir le halt 28.

Tá beartais agus straitéisí i bhfeidhm ag an Oifig chun na ceanglais atá orainn mar chomhlacht poiblí faoin Acht um Míchumas, 2005, a chomhlíonadh.

Déanfaimid dianiarracht freisin a chinntiú go gcomhlíonann ár suíomh Gréasáin na caighdeáin theicniúla seo a leanas:

  • Inrochtaineacht – féachaimid lena chinntiú go mbíonn ár leathanaigh go léir ag comhlíonadh leibhéal AA den Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin
  • Cód – ar mhaithe le soiléire cóid, táirgtear ár suíomh trí XHTML 1.0 Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) a úsáid
  • Formáidiú – ar aon dul le moltaí ó W3C, úsáidimid comhaid stílbhileoige cascáidí (CSS). Más fearr leat déanamh amhlaidh, is féidir leat an comhad sin a dhíchumasú agus amharc ar leagan “gnáth-théacs” den suíomh
  • Dearadh an suíomh Gréasáin freisin chun go mbeadh sé comhoiriúnach d’fhormhór na mbrabhsálaithe atá ar fáil. Is féidir rochtain a fháil ar an suíomh trí bhrabhsálaithe nach bhfuil comhoiriúnach le CSS a úsáid ach is féidir nach dtaispeánfar na grafaicí.

 

Gearáin a dhéanamh

Féadfaidh duine gearán a dhéanamh lenár n-oifigeach pearsanra faoi alt 38 den Acht i gcás go measann sé/sí gur mhainníomar cloí le hailt 25, 26, 27 nó 28 den Acht. Tarchuirfidh an t-oifigeach pearsanra an ní chuig oifigeach fiosrúcháin.

Más rud é go bhfuil tú ag déanamh gearán faoi inrochtaineacht ár gcuid seirbhísí agus go dteastaíonn cabhair uait chun déanamh amhlaidh, déan teagmháil lenár n-oifigeach rochtana chun cúnamh a fháil.

Riachtanais inrochtaineachta mar chuid de nósanna imeachta soláthair

Dar le halt 27 den Acht um Míchumas, 2005: “I gcás go soláthrófar seirbhís do chomhlacht poiblí, cinnteoidh ceann an chomhlachta sin gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn an tseirbhís”.

Tá feidhm aige sin maidir le seirbhísí a sholáthar agus le hearraí a sheachadadh. Fágann sé go gceanglaítear le halt 27 ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bheidh aon earraí nó seirbhísí a fhaigheann siad, ach amháin i gcás nach bhfuil sé indéanta, go bhfuil sé róchostasach nó go gcruthódh sé moill neamhréasúnach. Tá feidhm ag an alt sin maidir le tairiscintí a chur amach le haghaidh trealaimh, ábhar, teicneolaíocht faisnéise, saoráidí comhdhála, agus nithe eile.

Is é an cuspóir atá againn an caighdeán inrochtaineachta is airde is féidir a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas, ach é a bheith réasúnta. Is é atá inár mbeartas ná a chinntiú go gcuirtear riachtanais inrochtaineachta ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas ar áireamh i ngach céim den phróiseas tairisceana. Ghlacamar na nósanna imeachta seo a leanas:

  • Agus tairiscintí á n-ullmhú acu, ba cheart do bhaill foirne dul i gcomhairle leis an oifigeach rochtana maidir le haon riachtanais inrochtaineachta ba cheart a bhreithniú mar chuid den phróiseas tairisceana. Is féidir freisin go mbeidh orthu dul i dteagmháil le comhairleoirí seachtracha, leis an Údarás Náisiúnta Míchumais agus/nó le daoine faoi mhíchumas freisin chun aon riachtanais den sórt sin a shainaithint.
  • Má chinntear nach bhfuil riachtanais inrochtaineachta ábhartha do na hearraí nó na seirbhísí atá á gceannach, nach bhfuil siad indéanta nó go gcruthóidh siad costas míchuí nó moill mhíchuí, ní mór an cinneadh sin a thaifeadadh.
  • Má tharlaíonn sé gurb ann do riachtanais inrochtaineachta, ní mór iad a lua go soiléir san iarraidh ar thairiscintí.
  • Ní mór inrochtaineacht a chur san áireamh ar fud an phróisis tairisceana. Ba cheart iarraidh ar sholáthraithe na gnéithe dá dtáirge nó dá seirbhís atá ábhartha do na riachtanais inrochtaineachta a thaispeáint. Má iarrtar orthu cur i láthair a thabhairt, ba cheart do sholáthraithe cúrsaí inrochtaineachta a chur ar áireamh sa chur i láthair sin.
  • Ba cheart riachtanais inrochtaineachta, má chuirtear ar áireamh iad, a bhreithniú le linn na gcéimeanna scórála agus meastóireachta freisin.

Tionscnaimh eile

1) An Timpeallacht Thógtha

Tá ár n-oifig suite ag 18 Sráid Líosain Íochtarach. Cuireadh oibreacha i gcrích ag an bhfoirgneamh chun soláthar a dhéanamh do na nithe seo:

  • Rampa ag an mbealach isteach chun rochtain do dhaoine a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu a éascú
  • Doras tosaigh uathoibrithe a bhfuil rochtain brúchnaipe aige
  • Ardaitheoir ardáin sa limistéar fáiltithe
  • Idirchum gan sreang ag na ráillí ar leibhéal sráide
  • Lúba ionduchtúcháin sa limistéar fáiltithe agus sa seomra comhdhála ar an mbunurlár íochtarach; agus lúb iniompartha lena úsáid sna seomraí agallaimh
  • Doirse uathoibrithe sa taobh istigh den fhoirgneamh
  • Rochtain ardaitheora ar na hurláir go léir
  • Saoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas.

2) An Fháil ar Shaineolas

Faoi alt 26(1)(c) den Acht um Míchumas, 2005, ní mór do chomhlacht poiblí saineolas agus scileanna a bheith ar fáil aige chun comhairle a chur air maidir lena chuid seirbhísí a dhéanamh. Sa “Cód Cleachtais maidir le hInrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar fáil” ón Údarás Náisiúnta Míchumais, luaitear an méid seo: “féadfar saineolas den sórt sin a chur ar fáil laistigh den eagraíocht nó, nuair is féidir, féadfar é a fhoinsiú go seachtrach”.

Cuireadh oiliúint feasachta ar mhíchumas ar fáil do gach ball foirne. Chuireamar bunachar sonraí le chéile freisin, agus é comhdhéanta de na sonraí teagmhála, de na costais agus den fhógra a theastaíonn do chuideachtaí a sholáthraíonn:

  • Aistriú doiciméad isteach in Braille
  • Seirbhísí teanga comharthaíochta
  • Doiciméid atá scríofa i mBéarla sothuigthe
  • Oibreacha inrochtaineachta.