Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin preaseisiúintí ó am go chéile. Tugtar fógra iontu do dhaoine de na meáin agus den phobal faoi fhoilseacháin nua, faoi fhógraí, agus faoi ráitis arna dtabhairt ag an gCoimisiún.

Preaseisiúintí

Preaseisiúint - An Tuarascáil maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó.

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. B’ann do 19 bpáirtí polaitíochta chláraithe a raibh ceangal orthu ráitis chuntas a chur ar fáil don bhliain 2018. Aimsíodh go raibh deich bpáirtí ag comhlíonadh go hiomlán na n-oibleagáidí dlíthiúla atá orthu ráiteas cuntas bliantúil a chur ar fáil. Chuir cúig pháirtí ráiteas cuntas ar fáil nár chomhlíon an tAcht agus theip ar cheithre pháirtí polaitíochta ráiteas cuntas a chur ar fáil.

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gurb iomarcach atá an ceanglas atá ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas a thabhairt agus a iarraidh go ndéanfadh iniúchóir poiblí iniúchadh orthu, beag beann ar mhéid an pháirtí nó ar mhéid a ioncaim agus a chaiteachais.  Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an athuair go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht d’fhonn díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2018 ar fáil.

Cúlra

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí sa bhliain 2001. Is comhlacht neamhspleách é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2014.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2, D02 HE97

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Preaseisiúint – Tuarascálacha ar Mhaoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu ar an maoiniú státchiste do pháirtithe polaitíochta agus do TDanna agus Seanadóirí neamhspleácha sa bhliain 2018.

Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018

Féadfaidh páirtithe polaitíochta cáiliú le haghaidh maoiniú ón Státchiste faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), bunaithe ar an gcéatadán den vóta a fuair siad sa toghchán Dála is déanaí.

Sa bhliain 2018, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht Toghcháin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.964 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2018. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.978 milliún an caiteachas iomlán a tuairiscíodh i leith na bliana.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Is é Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018 teideal na tuarascála. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie.

An Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Féadfaidh ceannairí páirtí agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas maoiniú a fháil faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, rud ar a dtugtar “an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte” go neamhfhoirmiúil.

Féadfaidh páirtí polaitíochta cáiliú le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte más rud é go bhfuil sé cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus gur toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó go ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann san olltoghchán is déanaí. Is incháilithe freisin atá comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas.

Sa bhliain 2018, bhí ocht bpáirtí ann a cháiligh le haghaidh an liúntas a fháil. Ba iad sin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. B’ionann agus €7.587 milliún an maoiniú iomlán a bhí iníoctha sa bhliain 2018 leis na ceannairí páirtí parlaiminteacha ar na páirtithe sin.

B’ionann agus €703,704 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2018.

B’ionann agus €309,121 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2018.

B’ionann agus €9.053 milliún sa bhliain an tsuim thuairiscithe iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na ráitis a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2018. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie.

***

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Faigheann an Coimisiún tacaíocht ó Rúnaíocht bhuan, atá lonnaithe ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Preaseisiúint - Nochtann Páirtithe Polaitíochta na Síntiúis a Fuair Siad sa bhliain 2018

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu ina dtuarascáil bhliantúil ar na síntiúis a fuair páirtithe polaitíochta gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €159,819 don bhliain 2018.

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2018. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2018 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2019, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2018 agus ar mó a luach ná €1,500. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór d’aonaid chuntasaíochta ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €1,150,073 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2018.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2018, sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Preaseisiúint - An Tuarascáil ar an Toghchán Uachtaránachta 2018

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí tuairisc ar an Toghchán Uachtaránachta 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir leis an Toghchán Uachtaránachta 2018. Sa tuarascáil, tugtar faisnéis faoi chaiteachas toghcháin agus faoin nochtadh síntiús ag gníomhairí toghcháin.

Thosaigh an tréimhse toghcháin 2018 an 28 Lúnasa 2018 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 26 Deireadh Fómhair 2018. Ní raibh sé ina cheangal cuntas a choinneáil ar airgead a caitheadh lasmuigh den tréimhse sin ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí.

Nocht gníomhairí toghcháin speansais toghcháin dar luach €1.36 milliún. Tá an figiúr sin 41% níos lú ná an figiúr €2.32 milliún a tuairiscíodh le haghaidh an Toghcháin Uachtaránachta sa bhliain 2011.

Ba iad síntiúis dar luach iomlán €74,300 a nocht triúr iarrthóirí (ba é €304,570 an figiúr coibhéiseach sa bhliain 2011).

Cháiligh beirt iarrthóirí le haghaidh aisíocaíocht speansais toghcháin agus ba é €319,911.30 an t-iomlán a bhí deimhnithe lena íoc.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar an Toghchán Uachtaránachta 2018 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2018 uaidh a fhoilsiú inniu. Tugtar sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2018 faoin reachtaíocht um eitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin agus maoiniú Stáit. Tugtar inti freisin faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta um eitic, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitíochta, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha.

Faoi na hAchtanna um Eitic, phróiseáil an Coimisiún 29 ngearán, chuir sé réamhfhiosrúchán amháin i gcrích agus reáchtáil sé ceithre éisteacht imscrúdaithe sa bhliain 2018. Foilsíodh trí thuarascáil sa bhliain freisin. Anuas air sin, rinneadh 80 imscrúdú agus ullmhaíodh sé thuarascáil ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

Faoin Acht Toghcháin, rinne an Coimisiún maoirseacht ar mhaoiniú toghcháin don toghchán uachtaránachta a cuireadh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2018. Foilseofar tuarascáil ar an toghchán uachtaránachta sa bhliain 2019. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha reachtúla bliantúla ar an bhfothoghchán don Seanad a cuireadh ar siúl i mí Aibreáin, agus tuarascálacha ar shíntiúis a tugadh do pháirtithe polaitíochta, do TDanna, do Sheanadóirí, do FPEnna, do chuntais pháirtí polaitíochta agus d’aonaid chuntasaíochta.

Sa tuarascáil uaidh don bhliain 2018, dhearbhaigh an Coimisiún an athuair gur mhaith leis go ndéanfaí athchóiriú toghcháin. Cé go dtugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh roinnt bearta dearfacha ina leith sin, táthar dóchasach go mbeadh athbhreithniú reachtach iomlán ar an Acht Toghcháin ag gabháil le hathrú struchtúrach den sórt sin. Tá an tAcht breis agus 20 bliain d’aois anois agus is gá é a nuachóiriú.

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.sipo.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún a léamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2
(01) 6395666

Ríomhphost:             info@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:   www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an reachtaíocht um eitic, toghcháin agus maoiniú Stáit a riar agus ceann eile ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar. Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa bhliain 2018 a fhoilsiú an 27 Meitheamh. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin ag www.lobbying.ie.

 

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar shíntiúis a fuair TDanna, Seanadóirí agus FPEnna sa bhliain 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar shíntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna sa bhliain 2018. Cuimsítear sa tuarascáil seo freisin faisnéis faoi shíntiúis eile nach mór iad a nochtadh.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Don tréimhse tuairiscithe 2018, ceanglaíodh ar 230 ionadaí poiblí san iomlán ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2019. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála (TD), 60 Seanadóir, iar-Sheanadóir amháin agus 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.  Tá gach duine díobh sin ag comhlíonadh na rialacha go substainteach, cé gur chomhdaigh roinnt díobh tuairisceáin tar éis an spriocdháta.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ó fhoinse aonair ar mó a luach iomlán ná €1,000.  Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh.

Nocht cúigear ionadaithe poiblí síntiúis arb ionann a luach iomlán agus €6,480 don bhliain 2018.

Níor nochtadh aon síntiúis ar mhó iad ná an teorainn uasta €1,000. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin má fhaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Is féidir amharc ar líne ar thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ráitis síntiús aonair ag Comhaltaí Ráitis Síntiús Tuarascáil 2018

Cúlra

Faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ceanglaítear ar ionadaithe poiblí atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa sonraí faoi na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach áirithe a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin).

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Teagmhálaí: Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
01 6395666

 sipo@sipo.ie

D’fhoilsigh an Coimisiún dhá thuarascáil ar leith inniu mar thoradh ar imscrúduithe a rinneadh ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.Tagann na tuarascálacha sna sála ar éisteachtaí imscrúdaithe a rinneadh ar iompar an Chomhairleora Joe Queenan, Comhairle Contae Shligigh, agus ar iompar an Chomhairleora John O’Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall, ar seoladh a n-éisteachtaí an 10 Meán Fómhair 2018 agus an 11 Meán Fómhair 2018 faoi seach.

Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Queenan i dtaca le trí cinn de na ceithre shárú líomhnaithe. Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora O’Donnell freisin i dtaca le gach ceann de na trí shárú líomhnaithe.

De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic agus de réir cheanglais alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, thug an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha uaidh don bheirt Chomhairleoirí, don Chathaoirleach agus don Phríomhfheidhmeannach ar an dá Chomhairle lena mbaineann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá na tuarascálacha imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo: www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Tá seisear comhaltaí aige agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Is é an Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe an cathaoirleach reatha. Is iad na comhaltaí eile ná: Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Tyndall, an tOmbudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Jim O’Keeffe, iarchomhalta de Dháil Éireann.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun amharc ar na tuarascálacha, tabhair cuairt ar www.sipo.ie.

Preasoifigeach
Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascálachaar neamhchomhlíonadh na Reachtaíochta um Eitic

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dháthuarascáil inniu ar a n-imscrúduithe ar neamhchomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (na hAchtanna).

Faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (an tAcht), ceanglaítear ar cheapaithe chuig poist shinsearacha fostaíochta nó chuig stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí poiblí fianaise a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de thréimhsí reachtúla ar chomhlíonadh na reachtaíochta cánachais.  Ceanglaítear ar an gCoimisiún leis an Acht freisin imscrúdú a dhéanamh ar aon sáruithe ar na forálacha imréitigh cánach a d’fhéadfadh teacht aníos.

Baineann na tuarascálacha a eisíodh inniu le daoine aonair ar theip orthu cloí leis na hoibleagáidí atá orthu fianaise ar chomhlíonadh cánach a chur ar fáil don Choimisiún tráth a gceapacháin chuig oifig shinsearach. Ag teacht sna sála ar a imscrúduithe, fuair an Coimisiún amach gur theip ar na daoine aonair seo a leanas cloí le forálacha comhlíonta cánach na nAchtanna:

  • An tUas. Ciaran Brady, Lia Comhairleach, Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh
  • An Dr Bryan Jones, Lia Comhairleach, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe

Mar a cheanglaítear leis na hAchtanna, leag an Coimisiún cóip de na tuarascálacha sin faoi bhráid an Oireachtais agus chuir sé cóip ar fáil don duine aonair agus don chomhlacht poiblí atá ag fostú an duine sin. 

Cé gurb amhlaidh an babhta seo go bpléitear sna tuarascálacha le neamhchomhlíonadh i measc daoine aonair atá fostaithe mar lianna comhairleacha, níl sé fíor go bhfuil lianna comhairleacha ar an aon ghrúpa daoine amháin atá faoi réir oibleagáidí comhlíonta cánach an Achta. Ní mór do shealbhóirí oifige sinsearaí i raon leathan comhlachtaí poiblí fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach tráth a gceapacháin, agus féadfaidh an Coimisiún gach duine den sórt sin a imscrúdú as neamhchomhlíonadh an Achta. 

I gcás go bhfuil an Coimisiún eolach ar cheapacháin chuig oifig shinsearach, féachann sé le comhlíonadh ag an duine aonair lena mbaineann a chinntiú. Formhór na ndaoine aonair a gcuirtear a n-oibleagáidí in iúl dóibh, comhlíonann siad iad ina dhiaidh sin. Má theipeann ar dhuine aonair comhlíonadh nó obair leis an gCoimisiún, seolfaidh an Coimisiún imscrúdú.

Baineann na tuarascálacha foilsithe le daoine aonair a ceapadh chuig oifig shinsearach i gcás gur thug an comhlacht poiblí lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin gceapachán, rud a éascaíonn comhlíonadh an Achta ag a chuid fostaithe. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh gurb ann do roinnt ceapaithe chuig oifig shinsearach nár iniúchadh mar nach dtugann gach comhlacht poiblí fógra don Choimisiún faoi cheapacháin chuig oifig phoiblí.

Chun a chinntiú go bhfuil daoine aonair atá faoi réir oibleagáidí imréitigh cánach eolach ar a n-oibleagáidí agus chun comhlíonadh a éascú, d’iarr an Coimisiún ar gach comhlacht poiblí sonraí a chur ar fáil faoi gach ceapachán ábhartha a dhéantar.  Níl aon cheanglas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí déanamh amhlaidh agus, mar thoradh air sin, is neamh-chomhsheasmhach go dtí seo atá comhlíonadh na hiarrata ón gCoimisiún.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh, labhair an Coimisiún faoi na deacrachtaí a mbíonn sé ag déileáil leo fós agus é ag maoirsiú na bhforálacha sin de bharr na fírice nach bhfuil gach comhlacht poiblí ag cur na faisnéise riachtanaí ar fáil, rud a fhágann go bhfuil sé doiligh na daoine aonair atá faoi réir fhorálacha an Achta a shainaithint.  Is é an toradh atá ar an teip ar chomhlachtaí poiblí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil ná go gcuirtear bac ar chur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin den Acht. Chomh maith leis sin, fágann sé gur neamhchomhlíontach atá na fostaithe, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go gcuirfí faoi imscrúdú iad.

Leanfaidh an Coimisiún le comhlíonadh ag ceapaithe aonair a chinntiú agus leanfaidh sé le faisnéis thráthúil a iarraidh ó chomhlachtaí poiblí faoi cheapacháin chuig oifig shinsearach.  Is féidir go n-eiseofar tuilleadh tuarascálacha i gcásanna eile neamhchomhlíonta.  

Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun na tuarascálacha imscrúdaithe a léamh, téigh chuig suíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.sipo.ie.

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Reachtaíocht Ábhartha

  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995
  • An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001

Alt 23 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001

Fianaise go bhfuil na hAchtanna á gcomhlíonadh ag sealbhóirí ar oifig shinsearach.

23.—(1) Déanfaidh duine a cheapfar chuig oifig shinsearach tar éis thosach feidhme an ailt seo na nithe seo a leanas a thabhairt don Choimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis an dáta a cheapfar amhlaidh é nó í (“dáta an cheapacháin”)—

(a) (i) deimhniú imréitigh cánach atá i bhfeidhm agus a eisíodh chuig an duine tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dháta an cheapacháin,

(ii) ráiteas iarratais a eisíodh chuig an duine agus a rinneadh tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dháta an cheapacháin,

agus

(b)     dearbhú reachtúil a bheidh déanta ag an duine tráth nach luaithe ná aon mhí amháin roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an dáta sin, lena ndearbhófar, tráth déanta an dearbhaithe, go ndéanann an duine, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, na hoibleagáidí a shonraítear i bhfo-alt (1) d’alt 25 a chomhlíonadh agus nach gcoisceann aon ní i bhfo-alt (2) den alt sin deimhniú imréitigh cánach a eisiúint chuige nó chuici.

(2) Má sháraíonn duine fo-alt (1), déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an ní agus déanfaidh sé tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an imscrúdaithe a ullmhú agus cóip di a thabhairt don chomhlacht poiblí lena mbaineann.

(3) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara cóipeanna de thuarascáil faoi fho-alt (2) a leagan faoi bhráid gach Tí.

Preasráiteas - Tuarascáil Imscrúdaithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

D’fhoilsigh an Coimisiún trí thuarascáil ar leith inniu mar thoradh ar imscrúdú a rinneadh ar sháruithe líomhnaithe ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, ag an gComhairleoir Frank Durcan, ag an gComhairleoir Cyril Burke, ar comhaltaí de Chomhairle Contae Mhaigh Eo iad, agus ag an Uas. Peter Hynes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo.  Tagann na tuarascálacha sna sála ar éisteacht imscrúdaithe a reáchtáladh go príobháideach thar sheacht lá idir an 23 Deireadh Fómhair 2017 agus an 16 Feabhra 2018. 

Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Durcan i dtaca le dhá cheann de na trí shárú líomhnaithe. Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Burke freisin i dtaca le dhá cheann de na cúig shárú líomhnaithe. Níor thug an Coimisiún aon bhreith i gcoinne an Uas. Hynes. 

De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic agus de réir cheanglais alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, sheol an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha ábhartha chuig na daoine seo:

1.      An Comhairleoir Frank Durcan, an Comhairleoir Cyril Burke agus an tUas. Peter Hynes.

2.      An Comhairleoir Blackie Gavin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

3.      Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá na tuarascálacha imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo:

1. Durcan

2. Burke 

3. Hynes

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an tríú tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó. 

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é seo an tríú bliain atá ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. 

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gur cheart díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí nó i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann ach méid beag síntiús príobháideach. Aontaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh. 

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 
Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2017 ar fáil ag: www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97

Fiosrúcháin ó na Meáin: Sherry Perreault
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an Scéim Teanga nua uaidh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a sheoladh inniu. D’fhormheas an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta an Scéim seo an 19 Meán Fómhair 2018 agus tá sí in éifeacht ón lá seo amach. Beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta sin nó go dtí go ndearbhóidh an tAire Scéim nua de réir alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is é aidhm na scéime seo na seirbhísí a sholáthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin sa Ghaeilge a dhaingniú agus leanúint lena bhfeabhsú. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin tiomanta don raon iomlán seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus beidh gach doiciméad a fhoilseofar ar a shuíomhanna Gréasáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Cé go soláthraíonn an Coimisiún seirbhísí sa dá theanga cheana féin, sainaithnítear sa scéim roinnt réimsí le haghaidh na seirbhísí sin a fheabhsú sa todhchaí.

Chun amharc ar chóip den Scéim Teanga, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

D02 HE97

Teileafón:                  (01) 6395666

R-phost:                     sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:   www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin Treoirlínte don Toghchán Uachtaránachta

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Treoirlínte inniu don Toghchán Uachtaránachta atá le tionól an 26 Deireadh Fómhair 2018. Cuimsítear sna treoirlínte príomhcheanglais an Achta Toghcháin maidir leis na nithe seo a leanas:

  • síntiúis pholaitíochta;
  • caiteachas toghcháin; agus
  • speansais toghcháin a aisíoc le hiarrthóirí cáilithe.

Moltar d’iarrthóirí agus dá ngníomhairí toghcháin teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí má bhíonn aon cheisteanna acu maidir lena n-oibleagáidí reachtúla.

Chun amharc ar chóip de na Treoirlínte, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin: www.sipo.ie.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

(01) 6395666

Ríomhphost:                     sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:            www.sipo.ie

Twitter:                               @SIPOCIreland

***

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

·         An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;

·         Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;

·         Peter Tyndall, an tOmbudsman;

·         Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;

·         Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus

·         Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

FOILSÍONN AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN AN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL DON BHLIAIN 2017 UAIDH

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2017 uaidh a fhoilsiú inniu. Tugtar sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2017. Tugtar inti freisin faisnéis maidir le comhlíonadh faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí agus faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), lena n-áirítear gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha.

Faoi na hAchtanna um Eitic, dhún an Coimisiún 38 ngearán sa bhliain 2017; chríochnaigh sé réamhfhiosrúchán amháin; d’eisigh sé tuarascáil ar imscrúdú críochnaithe; lean sé ar aghaidh le trí imscrúdú ar chásanna eile neamhchomhlíonta fhéideartha; agus sheol sé 41 imscrúdú ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

I gcás comhlíonadh cánach, tugann an Coimisiún faoi deara an ról tábhachtach a imríonn comhlachtaí poiblí i ndáil leis an dóigh a gcomhlíonann a gcuid fostaithe forálacha an Achta. Sa tuarascáil, iarrann an Coimisiún go ndéanfaí leasú ar an Acht chun ceangal a chur ar chomhlachtaí poiblí faisnéis thráthúil a thabhairt faoi cheapacháin chuig an oifig shinsearach. Gan faisnéis den sórt sin a bheith ann, d’fhéadfadh daoine aonair atá fostaithe ag na comhlachtaí sin na hAchtanna a shárú trí mhainneachtain fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach laistigh de spriocdhátaí reachtúla.

Le linn na bliana 2017, rinne an Coimisiún scrúdú ar ghearán i gcás inar tháinig faisnéis chun solais á tabhairt le fios go bhféadfadh go ndearna iarchomhalta den Dáil sárú ar na hAchtanna um Eitic. Mar thoradh ar bhearna sa reachtaíocht, níl aon sásra ann le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ag comhalta den Oireachtas (seachas Aire nó Aire Stáit) i gcúinsí nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig.  Molann an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil uaidh go leasófaí an reachtaíocht chun déileáil go sainráite le cásanna ina bhféadfadh gur sháraigh comhalta den Oireachtas na hoibleagáidí atá air/uirthi faoi na hAchtanna um Eitic agus nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig.

Tugann an Coimisiún tuairisc ar ghníomhaíochtaí faoin Acht Toghcháin freisin, agus eisíonn sé tuarascálacha reachtúla ar leith ar roinnt de na gníomhaíochtaí sin. Sa tuarascáil seo, cuireann an Coimisiún ábhair imní in iúl faoin easpa rialála a dhéantar ar chaiteachas i dtoghcháin. Ní luaitear caiteachas ar reifrinn san Acht Toghcháin, 1997. Ní phléitear teorainneacha caiteachais ná nochtadh san Acht ach oiread.

Tugann an Coimisiún faoi deara freisin an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le fógraíocht dhigiteach agus feachtais mheán sóisialta. Cé go bhfuil toirmisc ar shíntiúis pholaitíochta eachtracha ann, seachas i gcúinsí sonracha, is cúis imní don Choimisiún go bhféadfadh daoine aonair agus eagraíochtaí atá lonnaithe lasmuigh d’Éirinn tionchar a imirt ar an toradh ar thoghchán nó reifreann trí fhógraíocht pholaitiúil nó feachtais dhigiteacha a mhaoiniú. Is nithe iad sin nach rialáiltear leis an Acht faoi láthair.

Dúirt Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach an Choimisiúin, “Ós rud é nach ann d’aon chreat reachtach faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar na nithe sin, is cosúil gur neamhrialáilte atá uirlis thábhachtach a bhíonn ag athrú de shíor i ndioscúrsa polaitíochta nua-aimseartha na hÉireann. Cuireann sé sin ar chumas gníomhaithe eachtracha tionchar a imirt ar thoghcháin Éireannacha agus ar reifrinn Éireannacha, rud a bhféadfadh iarmhairtí suntasacha a bheith aige. Molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht d’fhonn an fhadhb sin a réiteach. B’fhearr é sin a dhéanamh i gcomhthéacs coimisiún toghcháin a chruthú.”

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa bhliain 2017 a fhoilsiú an 28 Meitheamh. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin ag www.lobbying.ie.

Tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.sipo.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún a léamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

(01) 6395666

Ríomhphost:                      sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:            www.sipo.ie

Twitter:                                 @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

 

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí agus an tAcht Toghcháin, 1997 (arna leasú), a riar agus ceann eile ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar.

Preas Ráiteas - An Tuarascáil ar an bhFothoghchán don Seanad, 2018

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 
Preaseisiúint

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir leis an bhFothoghchán don Seanad, 2018.

Chuaigh naonúr iarrthóirí san iomaíocht sa toghchán le haghaidh dhá shuíochán ar an Rolla Talmhaíochta. Toghadh an Seanadóir Anthony Lawlor agus an Seanadóir Ian Marshall.

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo san Fhothoghchán don Seanad ráiteas síntiús agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis an lae ábhartha ar ar dúnadh an vótaíocht. Ba é an 22 Meitheamh 2018 an dáta faoinar ghá ráitis síntiús a bheith faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Chomhlíon gach duine de na hiarrthóirí nár éirigh leo a n-oibleagáidí faoin spriocdháta. Níor nochtadh aon síntiúis san Fhothoghchán don Seanad.

Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Sheanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain. Maidir leis na ráitis síntiús a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an mbliain 2018, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2018 i ndáil leis an bhFothoghchán don Seanad. Ní mór na ráitis sin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2019.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an bhFothoghchán don Seanad, 2018, ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017 inniu ar mhaoiniú Státchiste a fuair páirtithe polaitíochta.

Sa bhliain 2017, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.963 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2017. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar an maoiniú agus ní fhéadfar é a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.536 milliún an caiteachas iomlán a tuairiscíodh i leith na bliana.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Is é Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2017 teideal na tuarascála.

Tá an tuarascáil sin ar fáil ag www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Preaseisiúint – Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an tuarascáil 2017 uaidh ar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte do Pháirtithe Polaitíochta agus do Chomhaltaí Neamhspleácha

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an maoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht lena rialaítear an liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte.

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar pháirtí cáilitheach ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin is déanaí agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann.

Sa bhliain 2017, bhí naoi bpáirtí ann a cháiligh le haghaidh an liúntas a fháil. Ba iad sin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Páirtí Sóisialach agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. B’ionann agus €7.629 milliún an maoiniú iomlán a bhí iníoctha sa bhliain 2017 leis na ceannairí páirtí parlaiminteacha ar na páirtithe sin. Chuir ocht de na naoi páirtithe ná tuairiscí riachtanacha isteach agus tá siad i gcomhréir, tá ceann amháin fós le réiteach.

B’ionann agus €703,704 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2017.

B’ionann agus €299,891 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2017.

B’ionann agus €7.359 milliún an tsuim iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha sa bhliain a chuir tuairiscí isteach.

Níl ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin sa mhaoiniú sin a leithdháileadh. Mar sin féin, tá ról maoirseachta aige i dtaca le caitheamh na gcistí.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na Ráitis Chaiteachais agus na Tuarascálacha Iniúchóirí a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tugtar iad faoin teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2017. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Preaseisiúint - Nochtann Páirtithe Polaitíochta na Síntiúis a Fuair Siad sa bhliain 2017

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu ina dtuarascáil bhliantúil ar na síntiúis a fuair páirtithe polaitíochta gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €156,699 don bhliain 2017.

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2017. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2017 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2018, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2017 agus ar mó a luach ná €1,500. Ba é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór d’aonaid chuntasaíochta ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €922,508 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2017.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2017, sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar shíntiúis a fuair TDanna, Seanadóirí agus FPEnna sa bhliain 2017

Faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ceanglaítear ar ionadaithe poiblí atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa sonraí faoi na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach áirithe a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin). D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar nochtadh síntiús don bhliain 2017. Cuimsítear sa tuarascáil seo freisin faisnéis faoi shíntiúis eile nach mór iad a nochtadh.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Don tréimhse tuairiscithe 2017, ceanglaíodh ar 229 n-ionadaí phoiblí san iomlán ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2018. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála (TD), 60 Seanadóir agus 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá gach duine díobh sin ag comhlíonadh na rialacha go substainteach, cé gur chomhdaigh roinnt díobh tuairisceáin tar éis an spriocdháta.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ó fhoinse aonair ar mó a luach iomlán ná €1,000. Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh. Nocht seachtar ionadaithe poiblí síntiúis arb ionann a luach iomlán agus €6,360 don bhliain 2017.

Níor nochtadh aon síntiúis ar mhó iad ná an teorainn uasta €1,000.00. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin má fhaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Is féidir amharc ar líne ar thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus Ráitis Síntiús aonair ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Déan teagmháil le: Rosanne Meehan, Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an dara tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó. 

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é seo an dara bliain atá ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. 

Tar éis próiseas comhairliúcháin a reáchtáladh le páirtithe polaitíochta agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, rinneadh na Treoirlínte a athrú chun dáta agus a leasú i mí Iúil 2017 chun an taithí phraiticiúil ar an Acht a riar a léiriú.

Mar a luadh cheana féin sa tuarascáil don bhliain 2015, tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gur cheart díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí. Aontaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh. 

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 
Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2016 ar fáil ag: www.sipo.ie

Cúlra
Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97

Preasoifigeach: Rebecca Coyle
Teileafón: 01 - 6395721
Ríomhphost: rebecca.coyle@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an cúigiú tuarascáil bhliantúil déag uaidh a fhoilsiú inniu don bhliain tuairiscithe 2016. Tugtar sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí a rinne sé faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2016 i dtaca le gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, speansais toghcháin, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha. Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a fhoilsiú an 3 Iúil 2017.

Bhí an bhliain 2016 ina bliain ghnóthach don Choimisiún um Chaighdeáin. Le linn na bliana, reáchtáladh toghcháin don Dáil agus don Seanad, críochnaíodh imscrúdú amháin agus seoladh ceann eile a chríochnófaí ina dhiaidh sin sa bhliain 2017, agus cuireadh forálacha nua chun feidhme lena gceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta ráitis iniúchta a sholáthar don Choimisiún. D’fhoilsigh an Coimisiún roinnt tuarascálacha reachtúla le linn na bliana 2016 freisin, lena n-áirítear tuarascálacha maidir le comhlíonadh iarrthóirí nár éirigh leo sna toghcháin don Dáil agus don Seanad.

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin,1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chaighdeáin don bhliain 2016

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
An tUas. Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
An tUas. Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
An tUas. Séamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
An tUas. Jim O'Keefe, iar-Theachta Dála; agus
An tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

Teagmhálaí: Rebecca Coyle, Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666 

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an maoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht um an liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte.

B’ionann agus €7.215 milliún an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil sa bhliain 2016 do cheannairí parlaiminte na naoi bpáirtí polaitíochta cháilitheacha (an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Páirtí Sóisialach agus Páirtí an Lucht Oibre). 

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar pháirtí cáilitheach ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin is déanaí agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann.

B’ionann agus €640,887 san iomlán an maoiniú a cuireadh ar fáil do chomhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2016. 

B’ionann agus €249,159 san iomlán an maoiniú a cuireadh ar fáil do chomhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2015. 

B’ionann agus €8.034 milliún an tsuim iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha sa bhliain.

Níl ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin sa mhaoiniú sin a leithdháileadh. Mar sin féin, tá ról maoirseachta aige i dtaca le caitheamh na gcistí.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na Ráitis Chaiteachais agus na Tuarascálacha Iniúchóirí a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar www.sipo.ie

Déan teagmháil le: Adam Conway, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an tuarascáil uaidh inniu ar mhaoiniú Státchiste a fuair páirtithe polaitíochta don bhliain 2016.

Bunaithe ar na torthaí ar olltoghchán na Dála a cuireadh ar siúl an 26 Feabhra 2016, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht. Mar a bhí amhlaidh anuraidh, cuireadh Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ar áireamh. Ar na páirtithe nua a cuireadh ar áireamh sa bhliain 2016 bhí an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, an Comhaontas Glas, Renua agus na Daonlathaithe Sóisialta.

Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.882 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2016. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar an maoiniú agus ní fhéadfar é a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.810 milliún an caiteachas iomlán don bhliain.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu.

Tá an tuarascáil sin ar fáil ar www.sipo.ie

Déan teagmháil le: Adam Conway, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €163,640 don bhliain 2016.

Bhí 20 páirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2016. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2016 a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2017. Ceanglaíodh orthu síntiúis ar mhó a luach ná €1,500 agus a fuarthas le linn na bliana 2016 a nochtadh. Ba é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Ní mór ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

Ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €583,655 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2016.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta.  Tá an tuarascáil agus na ráitis maidir le síntiúis pháirtithe polaitíochta ar fáil ar www.sipo.ie

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

 

Faoin Acht Toghcháin, 1997, ní mór d’ionadaithe poiblí ar comhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa iad sonraí a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) faoi aon síntiúis a fhaigheann siad atá os cionn luach ar leith. D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an nochtadh síntiús sa bhliain 2016, rud ina bhfuil faisnéis faoi shíntiúis eile a gceanglaítear iad a nochtadh freisin.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Ceanglaíodh ar 259 n-ionadaí phoiblí ar fad ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2017. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála, 60 Seanadóir, 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, 19 n-iarTheachta Dála agus 11 iar-Sheanadóir.  Cé gur chuir roinnt díobh tuairisceáin isteach go déanach, d’éirigh le gach duine díobh na ceanglais a chomhlíonadh go substainteach.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ar mó a luach iomlán ná €1,000 ón aon fhoinse amháin.  Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh. Nocht dhá ionadaí phoiblí is daichead síntiúis dar luach iomlán €72,969.00. Tá an tsuim sin níos mó ná a dhá oiread na síntiús iomlán a fuarthas sa bhliain 2015, ba é sin, €33,870.00. D’fhéadfaí an méadú sin a chur i leith Olltoghchán na bliana 2016.

Níorbh ann d’aon síntiúis nochta ar mhó a luach ná an teorainn uasta €1,000.00. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ó dhaoine lasmuigh d’oileán na hÉireann ach amháin i gcás go bhfaightear iad ó shaoránach Éireannach. Sa bhliain 2016, fuarthas síntiúis ó naonúr síntiúsóirí Éireannacha a raibh cónaí orthu lasmuigh den oileán.

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin i gcás go bhfaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Ráitis síntiús ó shíntiúsóirí

Ní mór do shíntiúsóirí ráitis síntiús a dhéanamh i leith aon bhliana ina dtugann siad síntiúis ar mó a luach ná €1,500.00 do bheirt chomhaltaí nó níos mó den aon pháirtí polaitíochta amháin nó do pháirtí agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí. 

Fuarthas ocht ráiteas síntiús ó shíntiúsóirí maidir leis an mbliain 2016. Ba é €37,274.00 luach iomlán na síntiús a nochtadh.  

Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus Ráitis Síntiús aonair ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Déan teagmháil le: Adam Conway, Oifigeach Preasa
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu an tuarascáil imscrúdaithe uaidh ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic), ag an Uas. Richard Hickey, iarchomhalta de Bhord na seanGhníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh. Eascraíonn an tuarascáil as éisteacht imscrúdaithe a cuireadh ar siúl an 30 Eanáir 2017.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an tUas. Hickey an reachtaíocht um eitic nuair a chuir sé, agus é ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh, éilimh dhúblacha le haghaidh speansais taistil agus chothaithe isteach chuig an nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus chuig Ionad Acmhainní Teaghlaigh Naomh Bríd i ndáil le freastal ar na himeachtaí céanna.

Líomhnaíodh go ndearna an tUas Hickey ‘gníomh sonraithe’ de réir bhrí na nAchtanna um Eitic. Bhain an gníomh sonraithe le speansais a bheith á n-éileamh faoi dhó ag an Uas. Hickey, rud nach raibh ag teacht le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna mar chomhalta den Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh.

Ag tabhairt aird ar chineál agus mhéid an éilimh dhúblaigh speansas, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur d’aon turas a rinne an tUas. Hickey an ‘gníomh sonraithe’ agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. De réir cheanglais an Achta, sheol an Coimisiún cóip dá thuarascáil chuig an Uas. Hickey, chuig an gCathaoirleach ar Tusla agus chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin um Chaighdeáin, ar fáil anseo www.sipo.ie

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2                                                                                                       

D02 HE97

TEILEAFÓN: 01-6395666

Ríomhphost:sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland             

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Cinneadh go ndearna an tUas. Hickey sárú ar an alt seo a leanas de na hAchtanna um Eitic:

         Is é seo an bhrí atá le “gníomh sonraithe” mar a thagraítear dó in alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001:

"gníomh... nó neamhghníomh... ar gníomh nó neamhghníomh é de chineál, nó maidir le himthosca an chéanna gur imthosca iad de chineál, a bheidh ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus gur ní é a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis."

  • Díscaoileadh an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus aistríodh a fheidhmeanna chuig Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) le héifeacht ón 1 Eanáir 2014 faoin Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, 2013
  • Le linn scrúdú an Choimisiúin, fuarthas amach go ndearna an tUas. Hickey éilimh dhúblacha speansas ab fhiú breis agus €43,000 sa tréimhse idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2013

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir le hOlltoghchán na Dála 2016. Tugtar faisnéis sa tuarascáil seo faoi chaiteachas toghcháin a nocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta, lena n-áirítear caiteachas tuairiscithe ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh chun críocha toghcháin le linn na tréimhse toghcháin, aisíocaíocht speansais toghcháin iarrthóirí, nochtadh síntiús ag iarrthóirí nár éirigh leo, agus gníomhaíocht tríú páirtí le linn na tréimhse toghcháin. Bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh ar an reachtaíocht a riar, shainaithin an Coimisiún roinnt athruithe molta ar an reachtaíocht freisin.

Thosaigh an tréimhse toghcháin 2016 le lánscor na Dála an 3 Feabhra 2016 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 26 Feabhra 2016. Ní raibh sé ina cheangal cuntas a choinneáil ar airgead a caitheadh lasmuigh den tréimhse sin ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí.

Nocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta speansais toghcháin dar luach €8.39 milliúnd’olltoghchán 2016. Tá an figiúr sin geall le 10% níos lú ná an figiúr €11.08 milliún a tuairiscíodh le haghaidh olltoghchán 2011.

Sa bhliain 2016, cháiligh 321 iarrthóir le haghaidh aisíocaíocht speansais toghcháin agus is é €2,701,454.71 an t-iomlán atá deimhnithe lena íoc go dtí seo.

Táthar ag rá nár sháraigh iarrthóir ar bith na teorainneacha reachtúla le caiteachas. Ba iad seo na teorainneacha a bhí i bhfeidhm d’olltoghchán 2016: €30,150 (3 shuíochán), €37,650 (4 shuíochán) agus €45,200 (5 shuíochán).

Murar éirigh le hiarrthóir sa toghchán, ceanglaíodh air/uirthi, ráiteas síntiús a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin (faoin 22 Aibreán 2016) lena dtabharfaí sonraí faoi gach síntiús ar mó a luach ná €600.00 a fuarthas i ndáil leis an toghchán. Ceanglaítear ar iarrthóirí Ráiteas Síntiús a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2017 lena nochtar síntiúis ar mó a luach ná €600.00 a fuarthas i ndáil le hOlltoghchán na Dála 2016.

Ba iad síntiúis dar luach iomlán €112,320.38 a nocht 102 iarrthóir nár éirigh leo (ba é €285,618 an figiúr coibhéiseach sa bhliain 2011).

Tharchuir an Coimisiún um Chaighdeáin 66 chomhad chuig an nGarda Síochána i dtaca le sáruithe féideartha ar an Acht le linn olltoghchán na Dála, lena n-áirítear mainneachtainí ráitis síntiús, deimhnithe síntiús airgid, dearbhuithe reachtúla, ráitis ó institiúid airgeadais nó ráitis speansas toghcháin a chur isteach.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le hOlltoghchán na Dála 2016 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir le hOlltoghchán an tSeanaid 2016. Tugtar faisnéis sa tuarascáil maidir le speansais toghcháin na n-iarrthóirí nár éirigh leo in Olltoghchán an tSeanaid i mí Aibreáin 2016 agus maidir leis na síntiúis a fuair siad.

Chuaigh 171 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán (125 iarrthóir Rolla agus 46 iarrthóir Ollscoile).  Chuir Oifig Cheann Comhairimh an tSeanaid agus na hollscoileanna lena mbaineann ainm agus seoladh na n-iarrthóirí rolla ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin.  Toghann na rollaí gairme trí Sheanadóir is daichead agus toghann an dá rolla ollscoile seisear Seanadóirí (toghann Ollscoil na hÉireann triúr agus toghann Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide) triúr).

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo in olltoghchán an tSeanaid ráiteas síntiús agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis an lae ábhartha ar ar dúnadh an vótaíocht.  Ceanglaíodh go nochtfaí sonraí faoi gach síntiús ar mhó a luach ná €600.00 a fuair iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán.  Ba é an 20 Meitheamh 2016 an dáta faoinar ghá ráitis síntiús a bheith faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i gcás iarrthóirí rolla nár éirigh leo. Ba é an 21 Meitheamh 2016 an dáta coibhéiseach i gcás iarrthóirí ollscoile nár éirigh leo.

Mar thoradh ar olltoghchán an tSeanaid 2016, ceanglaíodh ar 122 iarrthóir nár éirigh leo (82 iarrthóir rolla agus 40 iarrthóir ollscoile) ráiteas síntiús agus deimhniú síntiús airgid a chur isteach. Ceanglaíodh go dtabharfaí ráitis síntiús chomhlánaithe agus deimhnithe síntiús airgid comhlánaithe don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 20 Meitheamh 2016 i gcás iarrthóirí rolla nár éirigh leo agus faoin 21 Meitheamh 2016 i gcás iarrthóirí ollscoile nár éirigh leo.

Go dtí seo, tá na hoibleagáidí atá orthu comhlíonta ag 98 nduine den 122 iarrthóir. I mí na Samhna 2016, sheol an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána maidir leis na 24 iarrthóir a mhainnigh na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur isteach.  

Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Sheanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain.  Maidir leis na ráitis síntiús a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an mbliain 2016, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2016 i ndáil le holltoghchán an tSeanaid.  Ní mór na ráitis sin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2017.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le hOlltoghchán an tSeanaid 2016 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra
Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Díscaoileadh an 31ú Dáil an 3 Feabhra 2016.  De réir alt 8 d’Airteagal 18 den Bhunreacht, ní foláir olltoghchán don Seanad a bheith ann lá nach déanaí ná nócha lá d’éis lánscor don Dáil.  Eisíodh páipéir bhallóide do chomhaltaí rolla an 11 Aibreán 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 25 Aibreán 2016.  Rinneadh páipéir bhallóide do na toghdais ollscoile a eisiúint agus a phostáil an 21 Márta 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 26 Aibreán 2016.  


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) an chéad tuarascáil bhliantúil inniu maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó.

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é atá sa tuarascáil seo an chéad uair riamh a bhí ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta.

Bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh ar na hoibleagáidí nua sin ar pháirtithe polaitíochta a riar, shainaithin an Coimisiún roinnt moltaí lena ndéanfaí próisis tuairiscithe a chuíchóiriú agus lena laghdófaí an t-ualach riaracháin atá ar pháirtithe beaga agus iad ag cloí le ceanglais reatha an Achta dá gcuirfí na moltaí sin chun feidhme. Molann an Coimisiún go háirithe go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht d’fhonn díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí. Aontaíonn an Coimisiún gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh.

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2015 ar fáil ag www.sipo.ie

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin foilsiú inniu ar an tuarascáil imscrúdaithe uaidh ar sháruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil (Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001) ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, iarchomhalta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall. Eascraíonn an tuarascáil as éisteacht imscrúdaithe a cuireadh ar siúl an 9 Bealtaine 2016.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill reachtaíocht um eitic tráth a rinne sé éilimh ar chostais taistil agus chothaithe ó dhá chomhlacht leithleacha i dtaca leis an aon dáta amháin nuair a bhí sé ina chomhairleoir.

Bhain an t-imscrúdú le naoi sárú líomhnaithe ar an reachtaíocht um eitic, ar sáruithe iad a d'eascair as trí thacar imthosca leithleacha. Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin cinneadh in aghaidh an tSeanadóra Uí Dhomhnaill i dtaca le gach ceann de na sáruithe líomhnaithe.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill alt 168 agus alt 169(3) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, gur ghníomhaigh sé gan aird ar fhorálacha an Chóid Iompair do Chomhairleoirí agus go ndearna sé 'gníomh sonraithe' de réir bhrí an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, i dtaca le gach tacar imthosca. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur d’aon turas a rinneadh gach sárú agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. Chinn an Coimisiún freisin nach bhfuil sé in ann a chinneadh gur ghníomhaigh an Seanadóir Ó Domhnaill de mheon macánta maidir leis na sáruithe.

De réir cheanglais an Achta, sheol an Coimisiún cóipeanna den tuarascáil uaidh chuig an Seanadóir Ó Domhnaill, chuig an Uas. Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall, agus chuig an gComhairleoir Terence Slowey, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall. Seoladh cóip chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus chuig an Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil freisin.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin um Chaighdeáin, ar fáil anseo www.sipo.ie


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

Nótaí d’eagarthóirí:

Is é atá anseo a leanas ná an t-alt den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, ar chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill é.

Foráiltear an méid seo le halt 168 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001:

"Is é dualgas gach comhalta d’údarás áitiúil agus gach fostaí de chuid údaráis áitiúil agus gach comhalta de gach coiste, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhall faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile, caighdeáin chuí a chothabháil maidir le hionracas, iompar agus aird a thabhairt ar leas an phobail."

Foráiltear an méid seo le halt 169(3)(a) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001:

"Beidh aird ag gach comhalta ar an gcód iompair iomchuí, agus glacfaidh sé nó sí treoir uaidh, le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú."

Is é seo an bhrí atá le 'gníomh sonraithe' mar a thagraítear dó in alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001:

"... gníomh nó... neamhghníomh... ar gníomh nó neamhghníomh é de chineál, nó maidir le himthosca an chéanna gur imthosca iad de chineál, a bheidh ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus gur ní é a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis..."

Sa cheathrú tuarascáil bhliantúil déag ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a foilsíodh inniu, chuir an Coimisiún fáilte roimh fhoilsiú an Bhille um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2015 i mí na Nollag 2015. Ba éard a bhí sna tograí sa Bhille ná céim mhór ar aghaidh ar an mbealach i dtreo comhlíonadh a dhéanamh ar mholadh mór a ndearna an Coimisiún um Chaighdeáin é ar dtús ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2009, mar atá Acht cuimsitheach aonair a bheadh bunaithe ar an dea-chleachtas maidir le déileáil le coinbhleachtaí leasa, rud lena gcomhdhlúthófaí forálacha na nAchtanna um Eitic le creataí eitice reachtúla agus riaracháin eile. Dá n-achtófaí é, dhéanfaí foráil sa Bhille do chaighdeáin ionracais agus do chód eiseamláireach iompair do gach oifigeach poiblí mar aon le forálacha comhdhlúite le haghaidh leasanna a nochtadh agus córas cuíchóirithe agus níos éifeachtaí trína bhféadfadh oifigigh phoiblí sáruithe féideartha a imscrúdú.

Ritheadh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 mar dhlí i mí an Mhárta 2015. De réir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoin Acht sin.

Sa bhliain 2015, ceanglaíodh ar pháirtithe polaitíochta, den chéad uair riamh, leabhair chuntais chuí a choimeád i bhfoirm arna leagan amach i dtreoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. Ceanglaíodh orthu freisin a gcuntais iniúchta don bhliain 2015 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2016. Foilseofar iad sin in am is i dtráth.

Tugtar sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí a rinne sé faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2015 i dtaca le gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, speansais toghcháin agus an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí - Tuarascáil Bhliantúil 2015

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar an reachtaíocht Eitice, Toghcháin agus Brústocaireachta is ea an Coimisiún um Chaighdeáin. Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
An tUas. Séamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
An tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman;
An tUas. Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
Deirdre Lane Uas., Cléireach Sheanad Éireann; agus
An tUas. Jim O’Keeffe, iar-Aire agus iar-Theachta Dála.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

SIPOC (01) 639 5666
Paddy Walsh (01) 6395707

Brian McKevitt (01) 6395713
Derek Charles (01) 6395740
Ríomhphost: sipo@sipo.ie