Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin preaseisiúintí ó am go chéile. Tugtar fógra iontu do dhaoine de na meáin agus den phobal faoi fhoilseacháin nua, faoi fhógraí, agus faoi ráitis arna dtabhairt ag an gCoimisiún.

2022

An 18 Nollaig 2023: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu ar mhaoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla agus do Theachtaí Dála neamhspleácha agus do Sheanadóirí i rith 2022.

 

Cistiú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2022

 

D’fhéadfadh páirtithe cáiliú do chistiú ón Státchiste a fháil faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú) bunaithe ar an gcéatadán den vóta a fuair siad i dtoghchán deireanach na Dála.

 

Cháiligh seachtar páirtithe polaitíochta don chistiú in 2022: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabús.

 

Fuair na páirtithe cistiú ar luach iomlán beagán de bhreis ar €6 mhilliún faoin reachtaíocht toghcháin in 2022. Ní féidir an cistiú a úsáid do chuspóirí toghcháin nó reifrinn agus caithfidh páirtithe tuairisciú ar conas a chaitheann siad na cistí leis an gCoimisiún.

 

Bhí an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain beagán faoi bhun €5.7 milliún. D’fhéadfaí aon chistiú nár úsáideadh ón mbliain roimhe sin a thabhairt ar aghaidh chun é a úsáid an chéad bhliain eile, agus é a chur i gcuntas sa bhliain inar úsáideadh iad.

 

Thug an Coimisiún buarthaí chun solais sa tuarascáil seo arís eile nach n-eascraíonn aon iarmhairt as neamhchomhlíonadh i measc páirtithe cáilithe a dteipeann orthu na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh agus nach gcáilíonn do chistiú an bhliain dar gcionn.

 

Tá sonraí faoin gcistiú, lena n-áirítear conas a caitheadh é agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Cistiú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2022, a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tá an tuarascáil ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/state-financing/expenditure-of-exchequer/index.xml?&Language=ga

 

Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte 2022

Tuairiscíonn an Coimisiún, ina dara tuarascáil a eisíodh inniu, ar chaiteachas an chistithe a tugadh do cheannairí cáilitheacha páirtí agus do bhaill neamhspleácha an Oireachtais. Tugtar “an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte” air go neamhfhoirmiúil, agus cáileofar páirtí páirtithe polaitíochta d’íocaíocht faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte má chláraigh siad i gClár bPáirtithe Polaitíochta agus má dhéantar ar a laghad ball amháin eile den pháirtí sin a thoghadh le Dáil Éireann nó má ainmníodh iad le Seanad Éireann ag an olltoghchán deireanach. Tá baill neamhspleácha den Oireachtas incháilithe freisin. Cuirtear cistiú ar fáil faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014. 

 

Cáilíodh naoi bpáirtí polaitíochta don liúntas in 2022, ina measc: Aontú, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabús. B’ionann an cistiú iomlán a bhí iníoctha in 2022 le ceannairí páirtí pharlaimintigh na bpáirtithe seo agus beagán faoi bhun €8 milliún.  

 

B’ionann an cistiú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí na Dála i rith 2022 agus €738,759.  

 

B’ionann an cistiú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí an tSeanaid i rith 2022 agus €215,723. 

 

Ba é an caitheamh iomlán a thuairiscigh idir pháirtithe agus baill neamhspleácha a sheol tuairisceáin ar ais, i rith na bliana beagán faoi bhun €8.3 milliún.

 

Tá sonraí faoin gcistiú agus conas a caitheadh é, agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Cistiú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte in 2022. Tá an tuarascáil seo ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/state-financing/expenditure-of-the-parlia/index.xml?&Language=ga

 

Teagmháil: An Fhoireann Meán

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2, D02 W773


Ríomhphost: media@sipo.ie

 

***

Cúlra

Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. 

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.

An 15 Nollaig 2023: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil bhliantúil inniu ar ráitis chuntas a sholáthair páirtithe polaitíochta dó atá cláraithe in Éirinn. Ceanglaítear san Acht Toghcháin, 1997 arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta), 2012, go ndéanann gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis iniúchta chuntas a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais.

 

Cuimsítear sa tuarascáil léargas ginearálta ar oibleagáidí an Achta, agus cuirtear eolas ar fáil inti ar stádas comhlíonta na bpáirtithe faoi réir an Achta. Ceanglaíodh ar 23 páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas a sholáthar don bhliain 2022. Deimhníodh gur chomhlíon deich bpáirtí a n-oibleagáidí dlíthiúla go hiomlán le ráiteas bliantúil cuntas a sholáthar. Sholáthair naoi bpáirtí ráiteas cuntas nó comhfhreagras nár chomhlíon an tAcht, agus theip ar cheithre pháirtí polaitíochta ráiteas cuntas a sholáthar.

 

De réir cheanglais an Achta, seolfar cóip den tuarascáil seo chuig Cathaoirleach Dháil Éireann agus chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá Tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar Ráiteas Cuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2022 ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/political-party-accounts/index.xml?&Language=ga  

 

Teagmháil: An Fhoireann Meán
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Ríomhphost: media@sipo.ie
Láithreán gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

Cúlra: Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. 

 

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.

An 12 Nollaig 2023: Léirítear i bhfigiúirí a scaoil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu go ndearna páirtithe polaitíochta tabhartais a fuarthas in 2022 ar luach €200,162 a nochtadh.

 

Cláraíodh 23 páirtí polaitíochta i rith 2022 agus b’ionann sin agus an líon in 2021. Caithfidh gach páirtí cláraithe ráiteas tabhartas a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Márta ina nochtar tabhartais a fuarthas don bhliain roimhe sin ar mó ná €1,500 ar luach iad. Is é an tsuim uasta is féidir a ghlacadh ón deontóir céanna sa bhliain chéanna €2,500.

 

Cé gur féidir le páirtithe tabhartais de shuimeanna níos lú a fháil freisin, ní gá ach iad siúd os cionn thairseach an dearbhaithe reachtúil a nochtadh don Choimisiún. Ní léirítear sna suimeanna a leagtar amach sa tuarascáil seo, ar an ábhar sin, ach tabhartais a fuarthas a bhí os cionn thairseach an dearbhaithe, agus ní cuntas iad ar na tabhartais go léir a fuair páirtí i rith na bliana tuairiscithe.

 

Tá ar aonaid chuntasaíochta páirtí polaitíochta freisin deimhniú tabhartais airgeadaíochta agus ráiteas bainc óna gcuntas tabhartas airgeadaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Níl ar aonaid chuntasaíochta páirtí polaitíochta ráiteas tabhartas a sholáthar, faoi mar atá i gceist lena máthairpháirtithe. Ba é an t-iarmhéid comhiomlán deiridh a bhí á choimeád ag aonaid chuntasaíochta don bhliain 2022 €1,407,667.91.

 

Tá tuarascáil an Choimisiúin, Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2022, agus aon ráitis síntiús páirtí polaitíochta ar fáil anseo. Ní hé go léirítear sna sonraí na síntiúis pholaitíochta go léir a fuarthas i rith na bliana tuairiscithe mar gheall nach mór do pháirtithe ach sonraí faoi shíntiúis níos mó ná luach €1,500 a nochtadh don Choimisiún.

 

Tá an tuarascáil agus na ráitis síntiús páirtí polaitíochta ar fáil ag:  https://www.sipo.ie/reports-and-publications/annual-disclosures/

 

Teagmháil: An Fhoireann Meán

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost: media@sipo.ie

Láithreán gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

 

Cúlra

Comhlacht neamhspleách neamhchlaonta é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) ar a bhfuil dualgas maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Bunaíodh an Coimisiún faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.

 

Faoin Acht Toghcháin, 1997, caithfidh gach páirtí cláraithe polaitíochta ráiteas síntiús a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Márta ina nochtar síntiúis a fuarthas don bhliain féilire roimhe sin ar mó ná €1,500 ar luach iad. Caithfidh gach páirtí deimhniú a sheoladh ar aghaidh chomh maith ina luaitear gur íocadh na síntiúis airgeadaíochta go léir isteach i gcuntas síntiús polaitíochta an pháirtí in institiúid airgeadais agus nár úsáideadh iad ach ar chuspóirí polaitiúla, agus dearbhú reachtúil ina ndearbhaítear go bhfuil an t-eolas a seoladh ar aghaidh ceart. Caithfidh aonaid chuntasaíochta ráiteas cuntas don chuntas síntiús polaitíochta, deimhniú síntiús airgeadaíochta, agus dearbhú reachtúil a sheoladh. Caithfidh gach páirtí polaitíochta nó aonad cuntasaíochta, tar éis síntiús polaitíochta os cionn €100 a fháil, cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais. 

 

I gcomhréir leis an Acht, ní dhéantar deimhnithe síntiús airgeadaíochta agus ráitis bhainc a chuir páirtithe polaitíochta agus aonaid chuntasaíochta faoi bhráid an Choimisiúin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ná ní fhoilsítear iad.

An 11 Nollaig 2023 D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) tuarascáil inniu ar shíntiúis a rinneadh le TDanna, Seanadóirí agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) in 2022. Tá eolas sa tuarascáil chomh maith ar shíntiúis eile is gá a nochtadh.

Bhí ar 233 ionadaí poiblí, ar an iomlán — 160 TD, 60 Seanadóir agus 13 Bhall de Pharlaimint na hEorpa – ráitis síntiús a dhéanamh faoin 31 Eanáir 2023 do thréimhse thuairiscithe 2022.

Ní féidir le hionadaithe poiblí faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, glacadh in aon bhliain le síntiúis ar mó iad ná €200 in airgead tirim, agus nach mó ná €1,000 iad ar luach iomlán ó aon fhoinse amháin. Caithfidh siad aon síntiúis ar a bhfuil luach (nó luach iomlán) €600 nó níos mó ó aon fhoinse amháin a nochtadh. Ní gá síntiúis faoin tairseach thuairiscithe seo a nochtadh don Choimisiún. Ní léirítear sa tuarascáil seo, ar an ábhar sin, ach na síntiúis siúd i rith na tairsí tuairiscithe agus ní chuirtear na síntiúis go léir san áireamh a fuair baill.

Rinne baill síntiúis os cionn na tairsí tuairiscithe ar a raibh luach iomlán €6,033 a nochtadh maidir leis an mbliain 2022. Nuair a chuirtear aisíocaíochtaí san áireamh, ba é an glaniomlán i dtaobh síntiús a fuarthas €6,000. Is ionann seo agus méadú aníos ó fhigiúr comhionann 2021, arbh ionann é agus €3,000.

Is féidir amharc ar líne ar thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ar ráitis síntiús aonair ar líne seo, https://www.sipo.ie/reports-and-publications/annual-disclosures/

Teagmháil: An Fhoireann Meán An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 Ríomhphost: media@sipo.ie Láithreán gréasáin: www.sipo.ie Twitter: @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar a bhfuil dualgas maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an Achta Toghcháin, 1997, an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte), 1938, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Bunaíodh an Coimisiún faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.

LE hEISIÚINT LÁITHREACH 

25 Lúnasa 2022: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu maidir le maoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla agus do TDanna agus do Sheanadóirí neamhspleácha le linn 2021.

 

Maoiniú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2021

Ina chéad tuarascáil, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas ar mhaoiniú an Státchiste do pháirtithe polaitiúla. Féadfaidh páirtithe cáiliú le haghaidh maoinithe ón Státchiste faoin Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) bunaithe ar a gcéatadán den vóta sa toghchán deireanach sa Dáil.

In 2021, cháiligh seacht bpáirtí pholaitiúla don mhaoiniú: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús..

Fuair na páirtithe maoiniú dar luach díreach os cionn €5.8 milliún faoin reachtaíocht toghcháin in 2021. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin nó reifrinn, agus caithfidh páirtithe tuairisciú ar an gcaoi ar chaith siad na cistí leis an gCoimisiún.

Bhí an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain díreach faoi bhun €4.66 milliún. Féadfar aon mhaoiniú nár úsáideadh ón mbliain roimhe sin a thabhairt ar aghaidh lena úsáid an bhliain dar gcionn, agus cuntas a thabhairt air sa bhliain a chaitear é. 

Ina thuarascáil, chuir an Coimisiún imní in iúl arís nach bhfuil aon iarmhairt ann do neamhchomhlíonadh páirtithe cáilithe nach gcomhlíonann na ceanglais tuairiscithe agus nach gcáilíonn le haghaidh maoinithe an bhliain dar gcionn.

Tá sonraí faoin maoiniú, lena n-áirítear an chaoi ar caitheadh é agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste Páirtithe Polaitíochta in 2020, arna fhoilsiú inniu ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.

 

Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte 2021

Ina dhara tuarascáil a eisíodh inniu, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas an mhaoinithe a thugtar do cheannairí cáilithe páirtí agus do bhaill neamhspleácha an Oireachtais. Ar a dtugtar go neamhfhoirmiúil an “Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte”, cáilíonn páirtí polaitíochta le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht Liúntais Gníomhaíochtaí Parlaiminte má chláraigh siad i gClár na bPáirtithe Polaitiúla agus má toghadh ball amháin ar a laghad chun Dáil Éireann nó má toghadh nó ainmníodh é do Sheanad Éireann san olltoghchán deireanach. Tá baill neamhspleácha den Oireachtas incháilithe freisin. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Oifigí Aireachta agus Parlaiminte Act 1938. 

In 20201, cháiligh naoi bpáirtí a cháiligh don liúntas, eadhon: Aontú, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús. B'ionann an maoiniú iomlán a bhí iníoctha in 2021 le ceannairí páirtithe parlaiminte na bpáirtithe seo agus díreach faoi bhun €7.6 milliún.  

B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Dáil le linn 2021 agus €705,461.  

B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Seanad le linn 2021 agus €189,878

B'ionann an caiteachas iomlán a thuairiscigh an dá pháirtí agus baill neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach i rith na bliana agus beagnach €7.2 milliún. 

Tá sonraí faoin maoiniú agus conas a caitheadh é, mar aon le ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil, dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte in 2021. Tá an tuarascáil seo ar fáil anseo

Teagmháil: Preasoifigeach

Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

 

***

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách, neamhpháirteach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblíatá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), an tAcht Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an Rialachán den Acht um Brústocaireacht 2015. 

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. 

 

 

 

 

 

 

Le heisiúint láithreach  

22 Lúnasa 2022: D’fhoilsigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) tuarascáil inniu ar shíntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus FPEnna i 2021. Tá faisnéis sa tuarascáil chomh maith ar shínitúis eile a chaithfear a nochtadh.  

Don tréimhse tuairiscithe 2021, ceanglaíodh ar 233 ionadaí poiblí san iomlán — 160 TD, 59 Seanadóir, 13 Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus iar-TD amháin – ráitis sínitúis a dhéanamh faoin 31 Eanáir 2022.  

Faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, ní féidir le hionadaithe poiblí glacadh le síntiúis in aon bhliain amháin de níos mó ná €200 in airgead tirim, agus níos mó ná €1,000 i luach iomlán ó aon fhoinse amháin. Caithfidh siad aon síntiúis dar luach (nó san iomlán) €600 nó níos mó ó fhoinse aonair a nochtadh. Ní gá síntiúis faoi bhun na tairsí tuairiscithe sin a nochtadh don Choimisiún. Mar sin ní léiríonn an tuarascáil ach na síntiúis sin os cionn na tairsí tuairiscithe agus ní léiríonn sé gach síntiús a fhaigheann baill.  

Nocht baill i leith 2021 síntiúis os cionn na tairsí tuairiscithe le luach iomlán de €3,800. Nuair a chuirtear aisíocaíochtaí san áireamh, ba é an glan iomlán le haghaidh síntiús a fuarthas ná €3,000. Tháinig laghdú air sin ó fhigiúr coibhéiseach 2020, a bhí ag €64,875. Is dócha gurb é an t-olltoghchán a tionóladh i mí Feabhra 2020 an chúis leis an luach sách ard na síntiús a nochtadh maidir le 2020. 

Is féidir tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ráitis síntiús aonair a fheiceáil ar líne anseo

Déan teagmháil le: An Preasoifigeach  
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 

Teileafón: 01 - 6395666 

R-phost: info@sipo.ie   

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie 

Twitter: @SIPOCIreland 

Cúlra  

Is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí  (1995 agus 2001), An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. 

Bunaíodh an Coimisiún leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. 

 

 

 

 

 

 

2nd Lúnasa 2022 - D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil don bhliain 2021 inniu. Tugann an tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn 2021 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, le maoiniú toghcháin, agus le maoiniú Stáit. Áirítear leis, faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus fiosrúcháin, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit na bpáirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.



Áirítear i measc na tuarascála 2021:

  • Phróiseáil an Coimisiún 127 gearán faoi na hAchtanna um Eitic agus chuir sé tús le 4 réamhfhiosrúchán. Tugadh 7 réamhfhiosrúchán ó 2020 chun críche in 2021. Astu seo, dúnadh dhá cheann agus chuaigh cúig cinn ar aghaidh chuig imscrúduithe. Thionóil an Coimisiún dhá éisteacht imscrúdaithe i mí na Samhna 2021, agus foilsíodh na tuarascálacha ina dhiaidh sin i mí Eanáir 2022.

 

  • Bhí seacht n-imscrúdú leanúnacha ann maidir le daoine a ceapadh in “oifig shinsearach”, ar neamhchomhlíonadh le forálacha imréitigh cánach ag tús 2021. Faomhadh trí imscrúdú eile faoi na forálacha seo le linn 2021. Tháinig ochtar i gcomhlíonadh le linn na bliana, agus bhí beirt gan réiteach fós ag deireadh na bliana. Eisíodh dhá thuarascáil imscrúdaithe maidir le daoine ceaptha san “oifig shinsearach”, a chomhlíon ina dhiaidh sin lena n-oibleagáidí imréitigh cánach.

 

  • I rith na bliana, foilsíodh trí thuarascáil ar nochtuithe bliantúla maidir le síntiúis do pháirtithe polaitíochta, caiteachas maoinithe an Státchiste, agus ráitis ar chuntais bhainc na bpáirtithe polaitíochta.

 

  •  Bhí maoirseacht ag an gCoimisiún ar airgeadas feachtais d’olltoghchán na Dála in 2020 freisin, agus d’fhoilsigh sé a thuarascáil in 2021. Chomh maith leis sin, fuair an Coimisiún dearbhuithe reachtúla agus ráitis síntiús faoin Acht Toghcháin 1997 i ndáil le Toghchán an tSeanaid 2020, agus d’fhoilsigh sé a thuarascáil ina leith sin sa bhliain 2021.

 

  • Reáchtáladh dhá fhothoghchán don Seanad agus fothoghchán do Dháil Éireann i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas in 2021. Ina dhiaidh, d’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascálacha ar chaiteachas ag na toghcháin sin.

 

  • Thug san Coimisiún  faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana éagsúla chun feasacht a ardú, agus chun tuiscint agus comhlíonadh na nAchtanna a fheabhsú.


Mar a tharla i mblianta roimhe, tá roinnt moltaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ina thuarascáil bhliantúil maidir le hathrú reachtach ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, atá fós gan réiteach le linn dó a bheith a fhoilsiú.


I mí na Samhna 2021, sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, comhairliúchán poiblí maidir le hathbhreithniú ar an reachtaíocht eitice. Tá an comhairliúchán poiblí faoi athbhreithniú faoi láthair ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe d’fhonn tograí le haghaidh athchóiriú reachtaíochta a thabhairt chun cinn in 2022. Tá fáilte curtha ag an gCoimisiún roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí ag an Aire. Tacaíonn an Coimisiún le tionscnaimh a fheabhsóidh creat eitice na hÉireann, agus glacfaidh sé páirt in aon athbhreithnithe reachtaíochta agus acmhainne.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin a léamh, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin anseo.


Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:

 

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Fón:                               +353 (0)1 639 5666

Ríomhphost:                  info@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:         www.sipo.ie

Twitter:                          @SIPOCIreland


Cúlra

 

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001, agus is é an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Ba iad comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2021 ná:

An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;

Seamus McCarthy, Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;

 

Peter Tyndall, Ombudsman (ar scor i mí na Nollag 2021);

Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;

Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann;

Geraldine Feeney, iarbhall de Sheanad Éireann.

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúil gach bliain; ceann amháin ar a ghníomhaíochtaí ag riaradh na reachtaíochta eitice, toghcháin agus maoinithe Stáit, agus an ceann eile ar a ghníomhaíochtaí ag riaradh an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Ar an 30 Meitheamh, foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leith maidir le Brústocaireacht a Rialáil 2021, agus is féidir é a fheiceáil ar www.lobbying.ie.

14 Márta 2022: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil bhliantúil inniu maidir leis na ráitis cúntais arna gcur ar fáil dó ag páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn. Faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ní mór do gach páirtí cláraithe ráitis iniúchtha ar a gcuid cuntais a thíolacadh don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis deireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. 

Tugtar forléargas sa tuarascáil maidir le hoibleagáidí an Achta, agus tá eolas inti maidir le comhlíonadh na bpáirtithe ar fad gcumhdaítear faoin Acht. Bhí 24 páirtí polaitíochta cláraithe a raibh gá orthu ráitis cuntais a chur ar fáil don bhliain 2020. Cinneadh gur chomhlíon deich bpáirtí a gcuid dualgas dlíthiúil chun ráiteas cuntais bliantúil a chur ar fáil. Chuir ocht bpáirtí ráitis cuntais nó comhfhreagras ar fáil nach raibh i gcomhréir leis an Acht. Chuir páirtí amháin comhfhreagras ar fáil nach raibh i gcomhréir leis an Acht, agus theip ar chúig pháirtí polaitíochta ráiteas cuntais a chur ar fáil.  

I gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach san Acht, cuirfear cóip den tuarascáil seo ar fáil do Chathaoirleach Dháil Éirinn agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir le Ráitis Cuntais na bPáirtithe Polaitíochta ar fáil anseo.

Ní mór do pháirtithe polaitíochta cláraithe ráitis chuntais don bhliain féilire 2021 a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2022. Foilseofar iad in am trátha. 

Teagmháil: Preasoifigeach  

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 
6 Ardán Phort an Iarla 
Baile Átha Cliath 2, D02 W773  

Teileafón: 01 639 5666  
R-phost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland  

Cúlra

Foras neamhspleách, neamh-pháirtíneach is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.   

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. 

24th Feabhra: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil inniu ar Fhothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas a reáchtáladh an 8 Iúil 2021.

Tugann an tuarascáil eolas ar chaiteachas toghcháin ag gníomhairí toghcháin agus ar nochtadh síntiús ó iarrthóirí nár éirigh leo le linn na tréimhse toghcháin (16 Meitheamh go 8 Iúil 2022).

Ba é iomlán na gcostas toghcháin a nochtadh, lena n-áirítear caiteachas an iarrthóra, a g(h)níomhaire toghcháin, agus páirtithe polaitíochta, ná €236,453. Níor ghá caiteachas ar mhaoin, earraí nó seirbhísí a úsáideadh lasmuigh den tréimhse toghcháin a nochtadh. B’ionann na síntiúis a d’fhógair na hiarrthóirí nár éirigh leo ag fothoghchán na Dála agus €5,200. Cháiligh cúigear den 15 iarrthóir a sheas don toghchán d’aisíoc costais toghcháin.

Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar Fhothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas ar fáil anseo.

Cúlra

 Is foras neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeán leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Tá seisear ball aige agus tá iar-bhreitheamh den Ard-Chúirt ina chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Garrett Sheehan an cathaoirleach faoi láthair. Is iad na baill eile ná: Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Ger Deering, An tOmbudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Geraldine Feeney, iarbhall de Sheanad Éireann.

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

 

Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

 

 

 

 

An 7 Eanáir 2022 - Inniu d'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil imscrúdaithe maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 agus ar chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 ag an Uasal Tom Enright, Príomhfheidhmeannach, Chomhairle Contae Loch Garman. Leanann an tuarascáil éisteacht imscrúdaithe a rinneadh an 12 Samhain 2021.

Chinn an Coimisiún i gcoinne an Uasail Enright i leith gach ceann de na trí sárú líomhnaithe.

De réir riachtanais alt 24 den Acht um Eitic agus alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, chuir an Coimisiún cóipeanna dá thuarascáil ar fáil don Uasal Enright, don Uasal Fitzpatrick agus do Chathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman, agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le sonraí iomlána ar thorthaí agus ar chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Chruthaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 an Coimisiún um Chaighdeáin. Tá seisear ball ann agus tá iar-bhreitheamh na hArd-Chúirte mar chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Garrett Sheehan an cathaoirleach reatha. Is iad baill eile ná: Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Tyndall, Ombudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Ger Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.

Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun an tuarascáil a fheiceáil, téigh go dtí anseo.

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

 

Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

An 5 Eanáir 2022 - Inniu d'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil imscrúdaithe maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 agus ar chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 ag an gComhairleoir Seamus Treanor, Comhairle Contae Mhuineacháin. Leanann an tuarascáil éisteacht imscrúdaithe a rinneadh an 1 Samhain 2021.

Chinn an Coimisiún i gcoinne an Chomhairleora Treanor i leith gach ceann de na sé sárú líomhnaithe.

De réir riachtanais alt 24 den Acht um Eitic agus alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, chuir an Coimisiún cóipeanna dá thuarascáil ar fáil don Chomhairleoir Treanor, do Chathaoirleach agus do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le sonraí iomlána ar thorthaí agus ar chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Chruthaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 an Coimisiún um Chaighdeáin. Tá seisear ball ann agus tá iar-bhreitheamh na hArd-Chúirte mar chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Garrett Sheehan an cathaoirleach reatha. Is iad baill eile ná: Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Tyndall, Ombudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Geradine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.

Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun an tuarascáil a fheiceáil, téigh go dtí www.sipo.ie.

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

 

Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

2021

Le heisiúint láithreach  

16 Nollaig 2021: D’fhoilsigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) tuarascáil inniu ar shíntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus FPEnna i 2020. Tá faisnéis sa tuarascáil chomh maith ar shínitúis eile a chaithfear a nochtadh.  

Don tréimhse tuairiscithe 2020, ceanglaíodh ar 263 ionadaí poiblí san iomlán — 160 TD, 60 Seanadóir, 13 Feisire de Pharlaimint na hEorpa, 18 iar-TD agus 12 iar-Sheanadóir – ráitis sínitúis a dhéanamh faoin 31 Eanáir 2021.  

Faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, ní féidir le hionadaithe poiblí glacadh le síntiúis in aon bhliain amháin de níos mó ná €200 in airgead tirim, agus níos mó ná €1,000 i luach iomlán ó aon fhoinse amháin. Caithfidh siad aon síntiúis dar luach (nó san iomlán) €600 nó níos mó ó fhoinse aonair a nochtadh. Ní gá síntiúis faoi bhun na tairsí tuairiscithe sin a nochtadh don Choimisiún. Mar sin ní léiríonn an tuarascáil ach na síntiúis sin os cionn na tairsí tuairiscithe agus ní léiríonn sé gach síntiús a fhaigheann baill. 

Nocht baill i leith 2020 síntiúis os cionn na tairsí tuairiscithe le luach iomlán de €92,454. 

Fuair fiche ball den Oireachtas síntiúis os cionn €200 óna bpáirtithe polaitiúla nár chláraigh leis an gCoimisiún mar dheontóirí corparáideacha ag an am a thug an páirtí na síntiúis. Ceanglaítear leis an Acht, i gcás go bhfaightear síntiús os cionn €200 ó dheontóir corparáideach neamhchláraithe, go gcaithfidh sé/sí an síntiús nó an chuid de bhreis ar €200 a thabhairt ar ais don deontóir, nó an síntiús a chur ar ais don Choimisiún.  

Nuair a chuirtear sínitúis ar ais san áireamh, ba é an glan-iomlán le haghaidh síntiús a fuarthas ná €64,875. Tháinig méadú air sin ó fhigiúr coibhéiseach 2019, a bhí ag €13,645. Is dócha gurb é an t-olltoghchán a tionóladh i mí Feabhra 2020 an chúis leis an méadú ar luach na síntiús a nochtadh. 

Is féidir tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ráitis síntiús aonair a fheiceáil ar líne ag anseo.

Déan teagmháil le: An Preasoifigeach  
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 

Teileafón: 01 - 6395666 

R-phost: info@sipo.ie   

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie 

Twitter: @SIPOCIreland 

Cúlra  

Is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí  (1995 agus 2001), An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. 

Bunaíodh an Coimisiún leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. 

Le scaoileadh láithreach

An 23 Samhain 2021: Léirítear i bhfigiúirí a scaoil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu go ndearna páirtithe polaitíochta tabhartais a fuarthas in 2020 ar luach €152,686 a nochtadh.

Cláraíodh 24 páirtí polaitíochta i rith 2020 agus b’ionann sin agus dhá pháirtí ní ba mhó ná mar a cláraíodh in 2019. Caithfidh gach páirtí cláraithe ráiteas tabhartas a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Márta ina nochtar tabhartais a fuarthas don bhliain roimhe sin ar mó ná €1,500 ar luach iad. Is é an tsuim uasta is féidir a ghlacadh ón deontóir céanna sa bhliain chéanna €2,500.

Cé gur féidir le páirtithe tabhartais de shuimeanna níos lú a fháil freisin, ní gá ach iad siúd os cionn thairseach an dearbhaithe reachtúil a nochtadh don Choimisiún. Ní léirítear sna suimeanna a leagtar amach sa tuarascáil seo, ar an ábhar sin, ach tabhartais a fuarthas a bhí os cionn thairseach an dearbhaithe, agus ní cuntas iad ar na tabhartais go léir a fuair páirtí i rith na bliana tuairiscithe.

Tá ar aonaid chuntasaíochta páirtí polaitíochta freisin deimhniú tabhartais airgeadaíochta agus ráiteas bainc óna gcuntas tabhartas airgeadaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Níl ar aonaid chuntasaíochta páirtí polaitíochta ráiteas tabhartas a sholáthar, faoi mar atá i gceist lena máthairpháirtithe. Ba é an t-iarmhéid comhiomlán deiridh a bhí á choimeád ag aonaid chuntasaíochta don bhliain 2020 €544,722.

Brainse nó eagraíocht fochuideachta eile le páirtí polaitíochta é aonad cuntasaíochta a fhaigheann tabhartas os cionn €100 in aon bhliain. Faoi mar a bhíonn i gceist le páirtithe polaitíochta, caithfidh aonad cuntasaíochta, tar éis tabhartas airgeadaíochta os cionn €100 a fháil, cuntas tabhartas airgeadaíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní chuirtear deimhnithe tabhartas airgeadaíochta agus ráitis bhainc a chuir páirtithe polaitíochta agus aonaid chuntasaíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoi bhráid Thithe an Oireachtais ná ní chuirtear ar taispeáint phoiblí iad.

Tugtar sonraí i dtuarascáil an Choimisiúin, dar teideal Tabhartais do Pháirtithe Polaitíochta 2020, faoi na tabhartais a nocht páirtithe polaitíochta, anuas ar eolas ar aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus na ráitis tabhartais pháirtí polaitíochta ar fáil ag: https://www.sipo.ie/reports-and-publications/annual-disclosures/index.xml?&Language=ga

Teagmháil: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí,

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2

Guthán: (01) 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar a bhfuil dualgas maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Bunaíodh an Coimisiún faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.

An 18 Samhain 2021: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) a thuarascáil inniu ar olltoghchán an tSeanaid 2020. Tá faisnéis sa tuarascáil ar shíntiúis a fuair na hiarrthóirí nár éirigh leo sa toghchán. Níl oibleagáid ar iarrthóirí don Seanad caiteachas toghcháin a nochtadh, agus níl aon teorainn reachtúil caiteachais ann.

Chuaigh 147 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán (118 iarrthóir Painéil agus 29 iarrthóir Ollscoile). Chuir Ceann Comhairimh an tSeanaid agus na hollscoileanna lena mbaineann ainmneacha agus seoltaí na n-iarrthóirí ar fáil don Choimisiún. Toghtar daichead a trí Seanadóir ag na painéil ghairme agus seisear Seanadóirí ón dá thoghcheantar ollscoile (trí cinn ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus trí cinn ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath).

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo in olltoghchán an tSeanaid, laistigh de 56 lá tar éis an lae ábhartha ar dhún an vótaíocht, ráiteas síntiús a thabhairt don Choimisiún agus doiciméadacht a ghabhann leis. Ceanglaíodh sonraí faoi gach síntiús le luach níos mó ná €600 a fuair iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán a nochtadh.

Tar éis olltoghchán 2020 an tSeanaid, iarradh ar 98 iarrthóir nár éirigh leo ráiteas síntiús a chur isteach. Ceanglaíodh ráitis síntiús chomhlánaithe a thabhairt ar ais don Choimisiún faoin 25 Bealtaine 2020 i gcás iarrthóirí painéil nár éirigh leo agus faoin 26 Bealtaine 2020 i gcás iarrthóirí ollscoile nár éirigh leo.

Bhreithnigh an Coimisiún na ráitis síntiús a chuir gach iarrthóir nár éirigh leo sa toghchán ar fáil. Nocht ceathrar iarrthóirí síntiúis dar luach €5,970.94 san iomlán. Ba laghdú 30% é seo ar Olltoghchán an tSeanaid 2016 nuair a nocht seachtar iarrthóirí síntiúis dar luach €8,459 san iomlán.Toisc nach n-éilítear síntiúis atá faoi bhun na tairsí nochtaithe a nochtadh, ní gá go léiríonn na méideanna a thuairiscítear gach síntiús a fhaightear.

In Aibreán 2020, sheol an Coimisiún comhaid chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le beirt iarrthóirí nár éirigh leo an doiciméadacht reachtúil riachtanach a thabhairt ar ais. Tarraingíodh siar muirir i gcoinne iarrthóra amháin ar chúiseanna dlínse, agus tá cás eile ar siúl.

Ceanglaítear ar iarrthóirí a n-éiríonn leo sa toghchán, mar chomhaltaí de chuid Sheanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus cáipéisíocht a ghabhann leis a sholáthar don Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Caithfidh sonraí faoi aon síntiús a fuair siad le linn 2020 a bheith san áireamh sna ráitis síntiús atá le tabhairt don Choimisiún i leith 2020 ag comhaltaí Sheanad Éireann. Tá Tuarascáil ar Olltoghchán an tSeanaid 2020 an Choimisiúin ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/election-reports/seanad-election-2020/index.xml?&Language=ga

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, An tAcht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 agus ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú). Chruthaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 an Coimisiún.

Díscaoileadh an 32 Dáil an 14 Eanáir 2020. De réir alt 8 d’Airteagal 18 den Bhunreacht, caithfear olltoghchán don Seanad a dhéanamh tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dhíscaoileadh na Dála. Eisíodh páipéir bhallóide do na toghcháin painéil an 16 Márta 2020; eisíodh páipéir bhallóide do dháilcheantair na hollscoile an 28 Feabhra 2020. Dúnadh an vótaíocht do thoghcháin phainéil an 30 Márta 2020 agus dúnadh an vótaíocht do dháilcheantair ollscoile an 31 Márta 2020.

Le tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil le:

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2 D02 W773

Teileafón: 01 - 6395666

R-phost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

An 18 Samhain 2021: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) dhá thuarascáil ar leithligh inniu ar olltoghchán na Dála 2020. Soláthraíonn an tuarascáil faisnéis faoi chaiteachas toghcháin arna nochtadh ag iarrthóirí agus páirtithe polaitiúla, aisíocaíocht chostais toghcháin iarrthóirí, nochtadh síntiús ó iarrthóirí nár éirigh leo, agus gníomhaíocht “daoine eile” le linn na tréimhse toghcháin.

Cuireadh tús le tréimhse toghcháin 2020 nuair a díscaoileadh an Dáil an 14 Eanáir 2020 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 8 Feabhra 2020. Níor ghá cuntas a thabhairt ar chaiteachas ar mhaoin, earraí nó seirbhísí a úsáideadh lasmuigh den tréimhse seo.

Nocht iarrthóirí agus páirtithe polaitiúla costais toghcháin de bheagán os cionn €7.3 milliún in olltoghchán 2020, laghdú beagnach 13% ar an bhfigiúr beagnach €8.4 milliún a tuairiscíodh i dtoghchán 2016.

Cháiligh 319 iarrthóir toghcháin d'aisíocaíocht ar a gcostas toghcháin. Le cáiliú, caithfidh iarrthóir a bheith tofa nó céatadán áirithe den vóta céad rogha a bheith faighte aige/aici. Is ionann an t-iomlán atá deimhnithe le haghaidh aisíocaíochta le hiarrthóirí go dtí seo agus €2,548,827.

Ní thuairiscítear gur sháraigh aon iarrthóir na teorainneacha caiteachais reachtúla, atá difriúil de réir mhéid an dáilcheantair. Ba ionann na teorainneacha d’olltoghchán 2020 agus €30,150 (3 shuíochán), €37,650 (4 shuíochán) agus € 45,200 (5 shuíochán). D’fhéadfadh iarrthóirí atá ag rith faoi bhratach páirtí cuid dá dteorainn caiteachais a shannadh dá bpáirtí.

Murar éirigh le hiarrthóir sa toghchán, ceanglaíodh air/uirthi ráiteas síntiús a sholáthar don Choimisiún, faoin 4 Aibreán 2020, ag nochtadh gach síntiús a fuarthas i ndáil leis an toghchán le luach níos mó ná €600. Nocht 64 iarrthóir nár éirigh leo síntiúis le luach iomlán de €111,282. Tá sé seo difriúil ó 2016, áit ar nocht 102 iarrthóir €112,320.

Ní cheanglaítear síntiúis faoin tairseach €600 a nochtadh; tá feidhm fós ag toirmisc reachtúla agus teorainneacha inghlactha. Mar sin ní léiríonn na hiomláin seo gach síntiús a fuarthas.

Ceanglaíodh ar iarrthóirí tofa ráiteas síntiús a sholáthar don Choimisiún roimh an 31 Eanáir 2021 mar chuid den phróiseas nochtaithe bliantúil do bhaill an Oireachtais. Caithfidh síntiúis a fuarthas i rith na bliana féilire roimhe sin a bheith i dtuairisceáin, lena n-áirítear iad siúd a tugadh don toghchán.

Tar éis an toghcháin, tharchuir an Coimisiún 25 comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar gheall ar mhainneachtain an doiciméadacht reachtúil ábhartha a chur isteach faoin spriocdháta reachtúil. Tá gníomh forfheidhmithe ar siúl i roinnt cásanna. Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar olltoghchán 2020 na Dála ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/election-reports/seanad-election-2020/index.xml?&Language=ga

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, An tAcht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 agus ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú). Chruthaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 an Coimisiún. Le tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil le:

 

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2 D02 W773

Teileafón: 01 - 6395666

R-phost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

8th Samhain: Reáchtálfar éisteacht imscrúdaithe maidir le sáruithe a líomhnaítear a rinne an tUasal Tom Enright, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman ar Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus Cód Iompair Fostaithe ag 9.30 am ar an Aoine, an 12 Samhain 2021.

D’fhonn cloí leis an gcomhairle agus leis na srianta sláinte phoiblí reatha, reáchtálfar an éisteacht imscrúdaithe go cianda, trí Zoom. Iarrtar ar na meáin ar spéis leo an éisteacht teagmháil a dhéanamh leis an oifig seo roimh 5pm ar an 10th Samhain 2021 chun a spéis a chlárú. Cuirfear sonraí logála isteach ar fáil ansin.

Tabhair faoi deara, go bhféadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a threorú, más cuí, go mbeadh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht á reáchtáil go príobháideach.

Má tá aon cheist agat maidir leis seo, glaoigh ar an uimhir (01) 639 5666.

Cúlra

Bunaíodh an Coimisiún in 2001, comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminteacha) (Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

Teileafón: (01) 639 5666

R-phost: info@sipo.ie

Suíomh gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin preasráiteas inniu ar Éisteacht Imscrúdaithe i leith an Chomhairleora Seamus Treanor, Comhairle Contae Mhuineacháin.

Tionólfar éisteacht ar sháruithe líomhnaithe ar An Acht Rialtais Áitiúil 2001, agus sáruithe líomhnaithe den Chód Iompair do Chomhairleoirí ag an gComhairleoir Seamus Treanor ó Chomhairle Contae Mhuineacháin ag 9.30rn Dé Luain 1 Samhain 2021.

Ag teacht le comhairle agus srianta reatha sláinte poiblí, tionólfar an éisteacht imscrúdaithe go cianda, trí Zoom. Iarrtar ar bhaill de na meáin ar mian leo an éisteacht a bhreathnú teagmháil a dhéanamh leis an oifig seo faoi 4in Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair 2021 chun a spéis a chlárú. Soláthrófar sonraí logála isteach cianda ansin.

Tabhair le fios le do thoil go bhféadfadh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, nuair a mheasann sé gur cuí, treoir a thabhairt go ndéanfar aon éisteacht iomlán nó cuid di a reáchtáil go príobháideach.

Má tá aon cheist agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh ar (01) 639 5666.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é an Coimisiún a bunaíodh i 2001, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

 

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

Teileafón: (01) 639 5666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

 

Tionólfar éisteacht ar sháruithe líomhnaithe ar An Acht Rialtais Áitiúil 2001, agus sáruithe líomhnaithe den Chód Iompair do Chomhairleoirí ag an gComhairleoir Seamus Treanor ó Chomhairle Contae Mhuineacháin ag 9.30rn Dé Luain 4 Deireadh Fómhair 2021.

Ag teacht le comhairle agus srianta reatha sláinte poiblí, tionólfar an éisteacht imscrúdaithe go cianda, trí Zoom. Iarrtar ar bhaill de na meáin ar mian leo an éisteacht a bhreathnú teagmháil a dhéanamh leis an oifig seo faoi 4in Dé hAoine, 1 Deireadh Fómhair 2021 chun a spéis a chlárú. Soláthrófar sonraí logála isteach cianda ansin.

Tabhair le fios le do thoil go bhféadfadh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, nuair a mheasann sé gur cuí, treoir a thabhairt go ndéanfar aon éisteacht iomlán nó cuid di a reáchtáil go príobháideach.

Má tá aon cheist agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh ar (01) 639 5666.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é an Coimisiún a bunaíodh i 2001, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

 

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

Teileafón: (01) 639 5666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

24 Meán Fómhair 2021: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu maidir le maoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla agus do TDanna agus do Sheanadóirí neamhspleácha le linn 2020.

Maoiniú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2020

Ina chéad tuarascáil, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas ar mhaoiniú an Státchiste do pháirtithe polaitiúla. Féadfaidh páirtithe cáiliú le haghaidh maoinithe ón Státchiste faoin Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) bunaithe ar a gcéatadán den vóta sa toghchán deireanach sa Dáil.

In 2020, cháiligh seacht bpáirtí pholaitiúla don mhaoiniú: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús. Ní bhfuair Renua maoiniú ach don 1 Eanáir 2020 - 7 Feabhra 2020.

Fuair na páirtithe maoiniú dar luach díreach os cionn €5.8 milliún faoin reachtaíocht toghcháin in 2020. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin nó reifrinn, agus caithfidh páirtithe tuairisciú ar an gcaoi ar chaith siad na cistí leis an gCoimisiún.

Bhí an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain díreach faoi bhun €4.8 milliún. Féadfar aon mhaoiniú nár úsáideadh ón mbliain roimhe sin a thabhairt ar aghaidh lena úsáid an bhliain dar gcionn, agus cuntas a thabhairt air sa bhliain a chaitear é.

Ina thuarascáil, chuir an Coimisiún imní in iúl arís nach bhfuil aon iarmhairt ann do neamhchomhlíonadh páirtithe cáilithe nach gcomhlíonann na ceanglais tuairiscithe agus nach gcáilíonn le haghaidh maoinithe an bhliain dar gcionn.

Tá sonraí faoin maoiniú, lena n-áirítear an chaoi ar caitheadh é agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste Páirtithe Polaitíochta in 2020, arna fhoilsiú inniu ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.

Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte 2020

Ina dhara tuarascáil a eisíodh inniu, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas an mhaoinithe a thugtar do cheannairí cáilithe páirtí agus do bhaill neamhspleácha an Oireachtais. Ar a dtugtar go neamhfhoirmiúil an “Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte”, cáilíonn páirtí polaitíochta le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht Liúntais Gníomhaíochtaí Parlaiminte má chláraigh siad i gClár na bPáirtithe Polaitiúla agus má toghadh ball amháin ar a laghad chun Dáil Éireann nó má toghadh nó ainmníodh é do Sheanad Éireann san olltoghchán deireanach. Tá baill neamhspleácha den Oireachtas incháilithe freisin. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Acht Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014.

In 2020, cháiligh naoi bpáirtí a cháiligh don liúntas, eadhon: Aontú, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús. B'ionann an maoiniú iomlán a bhí iníoctha in 2020 le ceannairí páirtithe parlaiminte na bpáirtithe seo agus díreach faoi bhun €7.6 milliún.

B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Dáil le linn 2020 agus €667,351.

B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Seanad le linn 2020 agus €220,482.

B'ionann an caiteachas iomlán a thuairiscigh an dá pháirtí agus baill neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach i rith na bliana agus beagnach €7.3 milliún.

Tá sonraí faoin maoiniú agus conas a caitheadh é, mar aon le ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil, dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte in 2020. Tá an tuarascáil seo ar fáil anseo.

Teagmháil: Preasoifigeach

Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 6 Ardán an Iarla

Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Teileafón: 01 6395666 Ríomhphost: info@sipo.ie

***

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách, neamhpháirteach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), an tAcht Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an Rialachán den Acht um Brústocaireacht 2015.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001

An Coimisiún um Chaighdeáin sa Saol Poiblí 

Preas Ráiteas 

16th Meán Fómhair 2021:  

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin sa Saol Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir le Fhothoghchán Seanad na bliana 2021. 

Chuaigh 7 n-iarrthóir san iomaíocht sa dhá thoghchán ar shuíochán ar an bPainéal Talmhaíochta agus ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála. Toghadh na hiarrthóirí Maria Byrne agus Gerry Horkan agus is baill Seanad Éireann anois iad. 

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, bhí ar na hiarrthóirí nár éirigh leo i bhFothoghchán an tSeanaid, ráiteas síntiús agus na doiciméid a ghabhann leis a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh de 56 lá tar éis lae deiridh na vótaíochta. Ba é an 16 Meitheamh 2021 an dáta deiridh a theastaigh ón gCoimisiún um Chaighdeáin na ráitis maidir le síntiús a fháil. Chloígh gach iarrthóir nár éirigh leo a gcuid dualgais faoin dáta deiridh. Níor nochtadh aon síntiúis i leith Fothoghchán seo an tSeanaid. 

Caithfidh na hiarrthóirí rathúla sa toghchán, mar bhaill Seanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus an cháipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain. Caithfidh na sonraí faoi aon síntiúis a fuarthas le linn na bliana 2021 maidir le Fothoghchán an tSeanaid a bheith sna ráitis síntiús atá le tabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin i leith na bliana 2021 ag baill Seanad Éireann. Caithfear na ráitis seo a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2022. 

Tá Tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar Fhothoghchán Seanad na bliana 2021 ar fáil anseo.  

Cúlra 

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin sa Saol Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 agus ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú). Cruthaíodh an Coimisiún ag an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. 

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag: 

Preasoifigeach 

An Coimisiún um Chaighdeáin sa Saol Poiblí 
6 Ardán Phort an Iarla 

Baile Átha Cliath 2 
D02 W773 
 

Fón: 01 - 6395666 
r-phost: info@sipo.ie 
Gréasán: www.sipo.ie 
Twitter: @SIPOCIreland 

Scaoil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu maidir lena chuid imscrúduithe ar neamhchomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic).

De réir Achta 2001, caithfidh iad siúd a cheaptar i bpoist shinsearacha fostaíochta nó mar stiúrthóirí i gcomhlachtaí poiblí, fianaise a chur ar fáil don Choimisiún maidir le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí reachtúla cánach laistigh de thréimhse ama forordaithe. Tugann an tAcht údarás don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar aon sáruithe ar na forálacha cánacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Baineann na tuarascálacha a eisíodh inniu le daoine nár chomhlíon a gcuid dualgais fianaise ar chomhlíontacht cánach a chur ar fáil don Choimisiún agus iad ceaptha mar ardoifigigh. De bhun na n-imscrúduithe, fuair an Coimisiún gur theip ar na daoine seo a leanas a gcuid dualgais a chomhlíonadh faoi fhorálacha um chomhlíontacht cánach na nAchtanna:

  • An Dr Siobhan Hutchinson, Comhairleoir, Ospidéal Naomh Shéamuis
  • An Dr Susan Clarke, Consultant, Comhairleoir, Ospidéal Naomh Shéamuis

De réir riachtanas na nAchtanna, chuir an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha seo faoi bhráid an Oireachtais agus chuir sé cóip de ar fáil don duine lena bhain agus don chomhlacht poiblí lena bhain.

Cé go mbaineann an tuarascáil sa chás seo le neamhchomhlíontacht daoine atá fostaithe mar chomhairleoirí míochaine, ní hamhlaidh nach bhfuil ach comhairleoirí amháin faoi réir oibleagáidí comhlíontacht cánach an Achta. Ní mór do shealbhóirí na bpríomhoifigí i raon leathan comhlachtaí poiblí fianaise a chur ar fáil maidir le comhlíontacht cánach ar a gceapachán, agus is féidir leis an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh gach éinne dá leithéid i leith neamhchomhlíontacht an Achta.

Cuireadh imscrúduithe an Choimisiúin maidir le neamhchomhlíontacht fostaithe an FSS ar fionraí ar feadh bliana ó mhí Bhealtaine na bliana 2020 mar gheall ar ghéarchéim na sláinte poiblí, agus atosaíodh iad i mBealtaine na bliana 2021.

Nuair is eol don Choimisiún faoi cheapacháin mar phríomhoifigigh, iarrann sé comhlíontacht an duine lena mbaineann a bhaint amach. Comhlíonann formhór na ndaoine a gcuirtear a n-oibleagáidí in iúl dóibh. Má theipeann ar dhuine comhlíonadh laistigh den tréimhse reachtúla nó muna dtéann sé i mbun oibre faoi, cuireann an Coimisiún tús leis an imscrúdú..

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh roinnt daoine a ceapadh in oifig shinsearach éalú ón scrúdú toisc nach dtugann gach comhlacht poiblí fógra don Choimisiún faoina gcuid cheapacháin sinsearacha. Chun a chinntiú go bhfuil iad siúd atá faoi réir oibleagáidí imréitigh cánach ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí agus chun an chomhlíontacht a éascú, d’iarr an Coimisiún ar gach comhlacht poiblí na sonraí a chur ar fáil maidir le gach ceapachán ábhartha a dhéantar. Níl aon riachtanas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí a leithéid a déanamh, agus mar thoradh air sin, bhí comhlíontacht iarratas an Choimisiúin ar neamhréir. Rinne an Coimisiún trácht ar an gceist seo ina chuid tuarascálacha bliantúla le roinnt blianta anuas.

Tá tuilleadh faisnéise agus na tuarascálacha imscrúdaithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.sipo.ie.

Cúlra

Sé an Coimisiún um Chaighdeáin an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú); an tAcht Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Siad comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin ná:

  • An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;;
  • Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, An tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dáil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Seanad Éireann; agus
  • Geraldine Feeney, Iarbhall Seanad Éireann.

 

An Reachtaíocht Ábhartha

Foráiltear le halt 23 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001:

23 .— (1) Cuirfidh éinne a cheaptar chun oifige sinsearaí tar éis teacht i  bhfeidhm an ailt seo, tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dháta a cheapacháin (“dáta a cheapacháin”), ar fáil don Choimisiún —

(a) (i) deimhniú imréitigh cánach a atá i bhfeidhm agus arna eisiúint don duine tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí i ndiaidh dáta a cheapacháin,

(ii) ráiteas iarratais arna eisiúint don duine agus arna dhéanamh tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí i ndiaidh dáta a cheapacháin;

agus

(b) dearbhú reachtúil a rinne an duine tráth nach luaithe ná mí roimhe sin, agus tráth nach déanaí ná mí i ndiaidh dáta an cheapacháin á rá go bhfuil an duine, tráth an dearbhú á dhéanamh, a mhéid is féidir dá chuid eolais agus creidimh, ag comhlíonadh na h-oibleagáidí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 25 agus nach gcuireann aon ní i bhfo-alt (2) den alt sin cosc ar dheimhniú imréitigh cánach a eisiúint dó.

  1. Má sháraíonn duine fo-alt (1), imscrúdóidh an Coimisiún an t-ábhar agus eiseoidh sé tuarascáil i scríbhinn faoi thorthaí a imscrúdaithe agus tabharfaidh sé cóip de don chomhlacht poiblí lena mbaineann.
  2. Cuirfidh an Coimisiún cóipeanna de thuarascáil faoi réir fho-alt (2) a leagan faoi bhráid gach Tí.

FOILSÍONN AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL DO 2020

15 Iúil 2021 – Inniu d’fhoilsigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil do 2020. Soláthraíonn an tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn 2020 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin agus maoiniú Stáit. Cuimsíonn sé eolas maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit páirtithe polaitiúla agus clárú triú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.

I measc bhuaicphointí thuarascáil 2020 tá:

  • Phróiseáil an Coimisiún 91 gearán faoi na hAchtanna um Eitic, chuir sé tús le ceithre réamhfhiosrúchán, agus d’fhoilsigh sé tuarascáil imscrúdaithe amháin. Bhí trí réamhfhiosrúchán breise, a thosaigh i 2019, ar siúl i 2020;
  • Sheol sealbhóirí oifige sinsearacha sé imscrúdú freisin ar neamhchomhlíonadh fhorálacha imréitigh cánach na nAchtanna um Eitic;
  • Foilsíodh ceithre thuarascáil ar nochtadh bliantúil síntiús do pháirtithe polaitiúla, caiteachas mhaoiniú an Státchiste, agus ráitis ar chuntais páirtithe polaitiúla i rith na bliana;
  • Tar éis na dToghchán Eorpacha i 2019 agus fothoghcháin na Dála an bhliain sin, d’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascálacha ar chaiteachas sna toghcháin sin i 2020;
  • Rinne an Coimisiún maoirseacht ar chomhlíonadh fhorálacha síntiús agus caiteachais an Achta d’Olltoghchán na Dála 2020;
  • D’fhoilsigh an Coimisiún treoir nua do ghníomhairí toghcháin agus d’iarrthóirí  olltoghchán na Dála, agus
  • Thug sé faoi go leor gníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht a mhúscailt agus tuiscint agus comhlíonadh na nAchtanna a fheabhsú.

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, chuir An Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí san áireamh ina thuarascáil bhliantúil maidir le hathrú reachtach ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) agus maidir leis na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, a bhí fós le réiteach tráth a fhoilsithe.

D’fhógair An Clár Rialtais a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020, athbhreithniú eitice chun an eitic i reachtaíocht oifige poiblí a athchóiriú agus a dhaingniú. An mhí dár gcionn, mhol Grúpa Athbhreithnithe Hamilton go bhfeabhsófaí neamhspleáchas agus acmhainn an Choimisiúin trí fhéinriail agus acmhainní leordhóthanacha. Tacaíonn an Coimisiún le tionscnaimh a fheabhsóidh creat eitice na hÉireann, agus a ghlacfaidh páirt in aon athbhreithnithe reachtaíochta agus acmhainní.

Le haghaidh tuilleadh eolais, agus chun tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin a léamh tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin www.sipo.ie.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le:

An Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 Fón: +353 (0) 1 639 5666

Ríomhphost:               info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin:    www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

 

Cúlra

Cruthaíodh An Coimisiún um Chaighdeáin i 2001, agus is é an comhlacht atá neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Ba iad baill an Choimisiúin um Chaighdeáin i 2020:

  • An Breitheamh Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach (go dtí 10 Feabhra 2020);
  • An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach (ó 9 Nollaig 2020);
  • Seamus McCarthy, Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, Ombudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dáil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Seanad Éireann;
  • Jim O’Keeffe, iarbhall de Dáil Éireann (go dtí 10 Feabhra 2020), agus
  • Geraldine Feeney, iarbhall de Seanad Éireann (ó 9 Nollaig 2020).

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann ar a ghníomhaíochtaí  ag riaradh reachtaíochta eitice, toghcháin agus maoinithe Stáit, agus an ceann eile ar a ghníomhaíochtaí ag riaradh an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leithligh ar an Rialachán um Brústocaireacht i 2020 an 28 Meitheamh agus is féidir í a fheiceáil ar www.lobbying.ie.

31 Márta 2021: Inniu d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil maidir leis na síntiúis a tugadh do Theachtaí Dála, Seanadóirí agus FPEnna in 2019.

I ndáil le tréimhse thuairiscithe 2019, nocht 17 ionadaí poiblí síntiúis a raibh luach iomlán de €22,545 luaite leo. De bhrí gur tugadh síntiúis áirithe ar ais do dheontóirí sa chás go raibh siad do-ghlactha faoin Acht, bhí glanluach iomlán na síntiús a fuarthas cothrom le €13,645.

Faoin Acht, ní cheadaítear d’ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis de bhreis ar €200 in airgead tirim in aon bhliain, agus nach mó ná luach iomlán de €1,000 ó fhoinse amháin.  Ní mór dóibh aon síntiúis lena mbaineann luach (nó atá cothrom le) €600 nó níos mó a fhaightear ó fhoinse amháin a nochtadh. Ní féidir le hionadaithe poiblí glacadh ach le síntiúis ó dheontóirí corparáideacha atá cláraithe leis an gCoimisiún. 

In 2019, ceanglaíodh ar 237 ionadaí poiblí ar fad — 158 Teachta Dála, 60 Seanadóir, 13 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) agus sé iar-FPE – ráitis maidir le síntiúis a dhéanamh faoin 31 Eanáir 2020.  Rinne roinnt daoine aonair tuairisceáin a chomhdú i ndiaidh an spriocdháta. Tá gach duine comhlíontach anois, níor mheas an Coimisiún gá a bheith le haon ghníomh forfheidhmiúcháin.

Is féidir breathnú ar thuarascáil an Choimisiúin agus ar ráitis na ndeontóirí aonair ar líne ag www.sipo.ie

Cúlra

Faoin Acht Toghcháin 1997 (leasú), ní mór d’ionadaithe poiblí ar comhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa iad sonraí maidir leis na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach ar leith a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún).

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (ar a dtugtar na hAchtanna Eitice i dteannta a chéile), an tAcht Toghcháin 1997 (leasú), an tAcht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminteacha) (Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Cruthaíodh an Coimisiún faoi Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 agus tá seisear comhaltaí páirteach sa Choimisiún, lena n-áirítear:

  • An Cathaoirleach Garrett Sheehan, iarbhreitheamh na Cúirte Achomhairc;
  • Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, Ombudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.

Tá Rúnaíocht ag tacú leis an gCoimisiún.

Sonraí Teagmhála: An Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

2020

Preaseisiúint

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh chomhaltaí nua

An 10 Nollaig 2020: Fógraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ceapachán beirt chomhaltaí nua ar an gCoimisiún

Cheap an tUachtarán Micheál Ó hUigínn an Breitheamh Garrett Sheehan, breitheamh ar scor de chuid na Cúirte Achomhairc, go téarma sé bliana mar Chathaoirleach an Choimisiúin, le héifeacht ón 9 Nollaig 2020.

Thosaigh an Breitheamh Sheehan a ghairm bheatha mar aturnae. Ceapadh é chun na hArd-Chúirte in 2007, agus chun na Cúirte Achomhairc in 2014, áit ar fhóin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2017.

Cheap an Rialtas Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann, chun fónamh mar “ghnáthchomhalta” den Choimisiún ar feadh téarma sé bliana, le héifeacht ón 09 Nollaig 2020. D’fhóin Ms Feeney sa Seanad ó 2002 go 2011. Bhí sí ina comhalta de Chomhairle na nDochtúirí Leighis ó 1999 go 2004. Le linn a ballraíochta i gComhairle na nDochtúirí Leighis, chaith sí téarma ina Cathaoirleach ar a gCoiste um Eitic agus ba í an chéad duine tuata í a raibh an post seo aici.

Foráiltear leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 go gcaithfidh Cathaoirleach an Choimisiúin a bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh nó ina iarbhreitheamh nó ina hiarbhreitheamh den Ard-Chúirt, den Chúirt Achomhairc nó den Chúirt Uachtarach, agus is é nó í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh tar éis do dhá Theach an Oireachtas rúin a rith.

De réir an Achta, caithfidh an Gnáthchomhalta a bheith ina iarchomhalta nó ina hiarchomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, agus ní féidir leis nó léi a bheith i seilbh oifige mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa. Ceapann an Rialtas é /í tar éis do dhá Theach an Oireachtas rúin a rith.

Is comhaltaí ex-officio na ceithre chomhalta eile den Choimisiún, agus fónann siad ar an gCoimisiún de bhua a seasaimh shubstainteacha. Is iad seo a leanas na comhaltaí ex-officio reatha:

  • Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Peter Tyndall, An tOmbudsman
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann

Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maoirseacht ar reachtaíocht a rialaíonn eitic in oifigí poiblí, airgeadas polaitiúil agus rialáil brústocaireachta, agus cruthaíodh é i 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Ceisteanna ó na meáin: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2, D02 W773

R-phost: info@sipo.ie

Teileafón 01 6395666

D’EISIÚINT LÁITHREACH

Tuairiscíonn An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar Fhothoghcháin na Dála 2019

3 Nollaig 2020: D’fhoilsigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (An Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu ar Fhothoghcháin na Dála 2019. Bhí lá na vótála d’fhothoghchán na Dála 2019 ar siúl an 29 Samhain 2019. Tionóladh fothoghcháin i gceithre dháilcheantar: Corcaigh Thuaidh-Lár, Baile Átha Cliath Fine Gall, Baile Átha Cliath Lár-Iarthar agus Loch Garman. Soláthraíonn an tuarascáil eolas faoi chaiteachas toghcháin ag gníomhairí toghcháin agus nochtadh síntiús ó iarrthóirí nár éirigh leo le linn na tréimhse toghcháin (7 Samhain go 29 Samhain 2019).

Ba é iomlán na gcostas toghcháin a nochtadh, lena n-áirítear caiteachas an iarrthóra, a ghníomhaire/a gníomhaire toghcháin, agus páirtithe polaitíochta, ná €432,010. Ní raibh gá le caiteachas ar mhaoin, earraí nó seirbhísí a úsáideadh lasmuigh de thréimhse an toghcháin a nochtadh.

B’ionann na síntiúis a dhearbhaigh na hiarrthóirí nár éirigh leo i bhfothoghchán na Dála agus €2,000.

I bhfothoghchán na Dála 2019, cháiligh 28 de na 46 iarrthóir a sheas sa toghchán le haghaidh aisíoc costais toghcháin. 

Tá tuarascáil an Choimisiúin ar Fhothoghcháin na Dála 2019 ar fáil ag  www.sipo.ie.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Chruthaigh An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 An Coimisiún um Chaighdeáin.

Teagmháil: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773

Teileafón: 01 6395666
R-phost: info@sipo.ie

LE FOILSIÚ LÁITHREACH

Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir le maoiniú Stáit ar pháirtithe polaitíochta in 2019 

2 Nollaig  2020:  Tá tuarascáil foilsithe agan gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu maidir le maoiniú Stáit ar pháirtithe polaitíochta le linn 2019.

Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2019

Féadfaidh páirtithe polaitíochta cáiliú do mhaoiniú ón Státchiste faoin Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) bunaithe ar chéatadán an vóta a bhuaigh siad sa toghchán Dála deireanach.

In 2019, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta do mhaoiniú ón Státchiste faoin Acht Toghcháin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua, Sinn Féin, Daonlathaigh Shóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Daoine Roimh Bhrabús. Bronnadh maoiniú dar luach €5.964 milliún ar an iomlán ar na hocht pháirtí polaitiúla faoin reachtaíocht toghcháin in 2019. Féadfaidh aon mhaoiniú nár úsáideadh ón mbliain roimhe a thabhairt ar aghaidh le úsáid an chéad bhliain eile, déantar tuairisc air sa bhliain ina gcaitear é.  Ní fhéadfaidh an maoiniú a úsáid chun críoch toghchánach nó reifrinn.

€6.102 milliún an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain.

Sa tuarascáil, dúirt an Coimisiún go raibh imní air nach raibh iarmhairtí ann i gcás nach gcomhlíonfadh páirtithe incháilithe na ceanglais um thuairisciú agus mura mbeidh siad incháilithe do mhaoiniú an bhliain ina dhiaidh sin. 

Tá sonraí maidir leis an maoiniú, lena n-áirítear an caoi ina gcaitheadh é agus ráitis ghaolmhara, sa tuarascáil dar teideal Maoiniú ón Státchiste ar Pháirtithe Polaitíochta in 2019, arna foilsiú inniu ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá an tuarascáil ar fáil ag www.sipo.ie

An Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Féadfaidh ceannairí páirtí agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas maoiniú a fháil faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, rud ar a dtugtar “an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte” go neamhfhoirmiúil.

Féadfaidh páirtí polaitíochta cáiliú le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte más rud é go bhfuil sé cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus gur toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó go ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann san olltoghchán is déanaí. Is incháilithe freisin atá comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas.

Sa bhliain 2019, bhí ocht bpáirtí ann a cháiligh le haghaidh an liúntas a fháil. Ba iad sin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. B’ionann agus €7.510 milliún an maoiniú iomlán a bhí iníoctha sa bhliain 2019 leis na ceannairí páirtí parlaiminteacha ar na páirtithe sin.

B’ionann agus €682,098 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2019.

B’ionann agus €315,675 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2019.

B’ionann agus €9.538 milliún sa bhliain an tsuim thuairiscithe iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na ráitis a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2019. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie.

Teagmháil:

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Teileafón 01 6395666

R-phost: info@sipo.ie

*** 

Cúlra

Foras neamhspleách, neamh-pháirtíneach is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. 

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

LE FOILSIÚ LÁITHREACH

Tuarascáil foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le cuntais na bpáirtithe polaitíochta don bhliain 2019

26 Samhain 2020: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil bhlaintúil inniu maidir leis na ráitis cúntais arna gcur ar fáil dó ag páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn. 

Faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ní mór do gach páirtí cláraithe ráitis iniúchtha ar a gcuid cuntais a thíolacadh don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis deireadh na bliana feilíre lena mbaineann na cuntais.

Tugtar forléargas sa tuarascáil maidir le hoibleagáidí an Choimsiúin, agus tá eolas inti maidir le comhlíonadh na bpáirtithe ar fad a gcumhdaítear faoin Acht. 

Bhí 22 pháirtí polaitíochta cláraithe a raibh gá orthu ráitis cuntais a chur ar fáil don bhliain 2019. Cinneadh gur chomhlíon naoi bpáirtí a gcuid dualgas dlíthiúil chun ráiteas cuntais bliantúil a chur ar fail. Chuir ocht bpáirtí ráitis cuntais nó comhfhreagras ar fáil nach raibh i gcomhréir leis an Acht, agus theip ar chúig pháirtí polaitíochta ráiteas cuntais a chur ar fáil. 

Mar a dúradh cheana, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil sé iomarcach go bhfuil sé de dhualgas ag gach páirtí polaitíochta ráitis cuntais a chur ar fáil, arna n-iniúchadh ag iniúchóir reachtach, beag beann ar mhéid an pháirti nó ar ioncaim agus caiteachas an pháirtí. Ar an mbonn sin, molann an Coimisiún arís go ndéanfar athbhreithniú ar an reachtaíocht d’fhonn na páirtithe beaga a dhíolúnú ón ndualgas ráitis cuntais iniúchta a chur ar fáil don Choimsiún. Mar shampla, d’fhéadfadh páirtithe nach bhfaigheann maoiniú poiblí, nó páirtithe nach bhfaigheann ach líon an-bheag deonachán poiblí a áireamh sa mhéid sin. Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart go mbeidh sé de dhualgas ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis airgeadais a chur ar fáil, ach nach bhfuil gá ann iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis sin sna cásanna thuas.

I gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach san Acht, cuirfear cóip den tuarascáil seo ar fáil freisin do Chathaoirleach Dháil Éirinn agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir le Ráitis Cuntais na bPáirtithe Polaitíochta ar fáil ag www.sipo.ie  

Teagmháil: Preasoifigeach 

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773 

Teileafón: 01 6395666 
R-phost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland 

Cúlra

Foras neamhspleách, neamh-pháirtíneach is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.  

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

 

 

LE FOILSIÚ LÁITHREACH

Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir le deonacháin arna dtuairisciú ag páirtithe polaitíochta in 2019

24 Samhain 2020: Léirítear i bhfigiúirí a d'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur thuairiscigh páirtithe polaitíochta deonacháin dar luach €175,576 sa bhliain 2019.

Bhí 22 pháirtí polaitíochta cláraithe chun dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha in 2019. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór do gach páirtí cláraithe ráiteas deonacháin a thíolacadh don Choimisiún ina bhfuil sonraí maidir gach deonacháin níos mó €1,500 a bhfuarthas sa bhliain roimhe sin. Níl cead ag páirtithe glacadh le níos mó ná €2,500 ón deontóir céanna in aon bhliain amháin.

Ní mór d'aonaid cuntasaíochta na bpáirtithe polaitiúla teastas deontais airgid agus ráiteas bainc óna gcuntais deontais a thíolacadh don Choimisiún freisin. €950,111 ar an iomlán an t-iarmhéid deiridh a bhí i seilbh na n-aonad cuntasaíochta don bhliain 2019.

Is éard atá in aonad cuntasaíochta ná brainse nó fochuideachta ag páirtí polaitíochta a fhaigheann deonachán dar luach €100 nó níos mó in aon bhliain amháin. Nuair a ghlactar le deonachán airgid níos mó ná €100, ní mór d'aonad cuntasaíochta cuntas deonacháin poiblí a oscailt agus a choinneáil in institiúid airgeadais sa Stát.

I gcomhréir leis an dlí, ní chuirtear aon theastais deonacháin airgid agus ráitis bainc a thugann páirtithe polaitiúla ná a gcuid aonad cuntasaíochta don Choimisiún faoi bhráid an Oireachtais ná ar fáil go poiblí.

Tugtar eolas i dtuarascáil an Choimisiúin, dar teideal Deonacháin do Pháirtithe Polaitiúla 2019, maidir le mionsonraí na ndeonachán arna dtuairisciú ag páirtithe polaitiúla mar aon le heolas maidir leis na haonaid cuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ná ráitis deonacháin ó na páirtithe polaitiúla ar fáil ag: www.sipo.ie

Déan teagmháil leis an bPreasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2

Teileafón  01 - 6395666

R-phost: info@sipo.ie  

Twitter: @SIPOCIreland

Website: www.sipo.ie

Cúlra

Foras neamhspleách, neamh-pháirtíneach is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, An tAcht Toghcháin (arna leasú), An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

LE hEISIÚ LÁITHREACH 

Tuairiscíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar an Toghchán Eorpach 2019 

5 Deireadh Fómhair 2020: Tá tuarascáil foilsithe inniu ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) ar an Toghchán Eorpach 2019. Cuireann an tuarascáil faisnéis ar fáil ar chaiteachas toghcháin a rinne gníomhairí toghcháin, agus ar nochtadh tabhartas a rinne iarrthóirí nár éirigh leo le linn na tréimhse toghcháin 2019 (25 Márta 2019 go dtí 24 Bealtaine 2019). 

Ba é an méid iomlán de chaiteachas toghcháin a nochtadh, lena n-áirítear an caiteachas a rinne an t-iarrthóir, a g(h)níomhaire toghcháin, agus páirtithe polaitíochta, ná €3.012 milliún. Is méadú é seo de 4.5% ón bhfigiúr €2.88 milliún a tuairiscíodh don toghchán 2014. Ní raibh sé riachtanach caiteachas ar réadmhaoin, ar earraí ná ar sheirbhísí a nochtadh má úsáideadh lasmuigh den tréimhse toghcháin iad.  

Nocht 15 iarrthóir tabhartais ar a raibh luach iomlán de €34,750 (ba é €23,649 an figiúr coibhéiseach in 2014). 

Cháiligh fiche a trí iarrthoir le haghaidh aisíocaíochta de chaiteachas toghcháin, agus ba é an méid iomlán a deimhníodh ná €851,422. 

Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar an Toghchán Eorpach 2019 le fáil ag  www.sipo.ie.  

Cúlra 

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirsiu a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht um Thoghcháin 1997 (arna leasú), ar Acht an Oireachtais 2014 (Gníomhaíochtaí Aire agus Parlaiminte) (Arna Leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. 

Is é an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 a chruthaigh an Coimisiún um Chaighdeáin. 

Teagmháil : Preasoifigeach 

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí  

6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2 
D02 W773 

Guthán: 01 6395666 
Ríomhphost:info@sipo.ie 
 

Le heisiúint láithreach

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2019 FOILSITHE AG AN GCOIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN

24 Iúil 2020 – Inniu d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2019. Soláthraítear sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i rith 2019 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin agus maoiniú Stáit. Áirítear ann faisnéis a bhaineann le hoibríochtaí agus comhlíontacht le reachtaíocht eitice, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit le haghaidh páirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.

Áirítear i measc bhuaicphointí thuarascáil 2019:

  • D’fhoilsigh an Coimisiún *ceithre thuarascáil imscrúdaithe faoi na hAchtanna Eitice, lena n-áirítear dhá thuarascáil maidir le neamhchomhlíonadh le forálacha an Achta maidir le comhlíontacht cánach;
  • Rinne an Coimisiún maoirseacht ar chomhlíontacht le forálacha síntiúis agus caiteachais an Achta le haghaidh na dtoghchán Eorpach 2019 agus na bhfothoghchán Dála;
  • Foilsíodh cúig thuarascáil maidir le nochtadh bliantúil síntiús do Theachtaí Dála, Seanadóirí, FPEanna agus páirtithe polaitíochta, caiteachas maoiniú Státchiste, agus ráitis maidir le cuntais páirtithe polaitíochta i gcaitheamh na bliana; agus
  • D’fhoilsigh an Coimisiún treoir nua le haghaidh gníomhairí agus iarratasóirí toghcháin, agus le haghaidh comhlachtaí poiblí maidir le comhlíontacht eitice, agus tugadh faoi roinnt mhaith gníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht a mhúscailt agus chun tuiscint agus comhlíontacht leis na hAchtanna a fheabhsú.

Tá an Coimisiún ag leanúint lena ghairm le haghaidh athchóiriú bunúsach eitice agus toghcháin, agus mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, molann sé roinnt athruithe sonracha ar an reachtaíocht laistigh dá shainchúram. Feidhmeoidh na hathruithe seo, má chuirtear chun feidhme iad, chun forálacha na reachtaíochta atá á riaradh ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a threisiú.

Tacaíonn an Coimisiún le tograí chun coimisiún toghcháin a chruthú chun freagracht as maoirseacht toghchán in Éirinn a chomhdhlúthú agus a shruthlíniú, gné a bhfuil roinnt comhlachtaí reachtúla freagrach as i láthair na huaire. Molann an Coimisiún go ndéanfaí é seo i dteannta le hathbhreithniú cuimsitheach ar Acht Toghcháin 1997, chun léargas níos fearr a thabhairt ar réaltachtaí nua-aimseartha toghchán, lena n-áirítear tiomsú airgid, fógraíocht agus feachtasaíocht ar líne.

Thug an Coimisiún faoi deara go raibh An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, a bhí ag Céim Coiste i nDáil Éireann le haghaidh dhá bhliain, imithe ó éifeacht i ndiaidh dhíscaoileadh Dháil Éireann ar an 14 Eanáir 2020. Molann an Coimisiún go ndéanann an rialtas nua breithniú práinneach ar rith reachtaíocht athbhreithnithe eitice go luath, agus d’fháilteofaí roimh an deis páirt a ghlacadh i bhforbairt creat cuimsitheach, láidir agus sruthlínithe eitice, atá ag teastáil le fada an lá.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, agus más mian leat tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin a léamh tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin www.sipo.ie.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil le:

An Preasoifigeach An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 Teileafón: +353 (0) 1 639 5666

Ríomhphost: info@sipo.ie Suíomh gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001, agus is é an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminteacha)(Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Ba iad seo a leanas comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2019:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, Ombudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O'Keeffe, iar-Theachta Dála.

Tháinig deireadh le téarmaí an Chathaoirligh, an Breitheamh Onórach O’Keeffe, agus an ghnáthchomhalta, Jim O’Keeffe, i mí Feabhra 2020. Tá na poist fós gan líonadh ar feitheamh ceapachán nua. Tá an Coimisiún ag súil le fáilte a chur roimh Chathaoirleach agus gnáthchomhalta nua in am trátha.

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; tuarascáil amháin maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le riaradh eitice, reachtaíocht maoinithe toghcháin agus Stáit, agus tuarascáil eile maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le riaradh an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leithligh maidir le Brústocaireacht a Rialáil in 2019 ar an 23 Meitheamh agus tá an tuarascáil ar fáil ag www.lobbying.ie.

* Curtha in eagar ar 27/07/2020

2019

Preaseisiúint - Tuarascáil Imscrúdaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

An 28 Eanáir 2020 - Inniu d'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil imscrúdaithe maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 agus ar chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 ag an gComhairleoir Hugh McElvaney, Comhairle Contae Mhuineacháin. Leanann an tuarascáil éisteacht imscrúdaithe a rinneadh an 17 Meán Fómhair 2018 agus an 2 Nollaig 2019.

Chinn an Coimisiún i gcoinne an Chomhairleora McElvaney i leith gach ceann de na ceithre sárú líomhnaithe.

De réir riachtanais alt 24 den Acht um Eitic agus alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, chuir an Coimisiún cóipeanna dá thuarascáil ar fáil don Chomhairleoir McElvaney, do Chathaoirleach agus do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le sonraí iomlána ar thorthaí agus ar chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo: www.sipo.ie.

Cúlra

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Chruthaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 an Coimisiún um Chaighdeáin. Tá seisear ball ann agus tá iar-bhreitheamh na hArd-Chúirte mar chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Daniel O'Keeffe an cathaoirleach reatha. Is iad baill eile ná: Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Tyndall, Ombudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Jim O'Keeffe, iarchomhalta de Dháil Éireann.

Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun an tuarascáil a fheiceáil, téigh go dtí www.sipo.ie.

Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

 

Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: info@sipo.ie

Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

CRÍOCH

 

Lena heisiúint láithreach

Preaseisiúint

26 Samhain 2019: An tEolas is Deireanaí ar an Éisteacht Imscrúdaithe i dtaca leis an gComh. Hugh McElvaney

Ag 9.00 am Dé Luain an 2 Nollaig 2019, atosófar Éisteacht Imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar an Acht Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir Hugh McElvaney ó Chomhairle Contae Mhuineacháin.

Ós rud é go mbeidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) i mbun aistriú chuig oifigí nua ag an am sin, cuirfear an éisteacht ar siúl in oifigí Chumann Cógaiseoirí na hÉireann i dTeach PSI, Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2.

Toisc go mbeidh orainn an éisteacht a sheoladh as an láithreán, ní bheidh ach líon an-teoranta áiteanna ar fáil do dhaoine den phobal agus de na meáin ar mian leo freastal uirthi. Ní mór d’aon duine ar mian leis nó léi freastal ar an Éisteacht Imscrúdaithe a chur in iúl don oifig seo faoi 4.00 pm Déardaoin an 28 Samhain 2019 go mbeidh sé nó sí i láthair. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an Coimisiún a ordú go gcuirfear an éisteacht ar fad nó cuid di ar siúl go príobháideach más cuí leis déanamh amhlaidh.

Más rud é go mbíonn aon riachtanais speisialta agat agus gur mian leat freastal ar an éisteacht, déan teagmháil leis an gCoimisiún lom láithreach ach glao a chur ar 01-6395783 agus déanfaimid ár ndícheall freastal ar do riachtanais.

Cúlra

Bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 2001 agus is comhlacht neamhspleách é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

D02 HE97

Teileafón: (01) 639 5666

Ríomhphost: sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

CRÍOCH

Preaseisiúint - An Tuarascáil maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó.

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. B’ann do 19 bpáirtí polaitíochta chláraithe a raibh ceangal orthu ráitis chuntas a chur ar fáil don bhliain 2018. Aimsíodh go raibh deich bpáirtí ag comhlíonadh go hiomlán na n-oibleagáidí dlíthiúla atá orthu ráiteas cuntas bliantúil a chur ar fáil. Chuir cúig pháirtí ráiteas cuntas ar fáil nár chomhlíon an tAcht agus theip ar cheithre pháirtí polaitíochta ráiteas cuntas a chur ar fáil.

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gurb iomarcach atá an ceanglas atá ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas a thabhairt agus a iarraidh go ndéanfadh iniúchóir poiblí iniúchadh orthu, beag beann ar mhéid an pháirtí nó ar mhéid a ioncaim agus a chaiteachais.  Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an athuair go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht d’fhonn díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2018 ar fáil.

Cúlra

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí sa bhliain 2001. Is comhlacht neamhspleách é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2014.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2, D02 HE97

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Preaseisiúint – Tuarascálacha ar Mhaoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu ar an maoiniú státchiste do pháirtithe polaitíochta agus do TDanna agus Seanadóirí neamhspleácha sa bhliain 2018.

Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018

Féadfaidh páirtithe polaitíochta cáiliú le haghaidh maoiniú ón Státchiste faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), bunaithe ar an gcéatadán den vóta a fuair siad sa toghchán Dála is déanaí.

Sa bhliain 2018, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht Toghcháin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.964 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2018. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.978 milliún an caiteachas iomlán a tuairiscíodh i leith na bliana.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Is é Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2018 teideal na tuarascála. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie.

An Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Féadfaidh ceannairí páirtí agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas maoiniú a fháil faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, rud ar a dtugtar “an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte” go neamhfhoirmiúil.

Féadfaidh páirtí polaitíochta cáiliú le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte más rud é go bhfuil sé cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus gur toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó go ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann san olltoghchán is déanaí. Is incháilithe freisin atá comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas.

Sa bhliain 2018, bhí ocht bpáirtí ann a cháiligh le haghaidh an liúntas a fháil. Ba iad sin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. B’ionann agus €7.587 milliún an maoiniú iomlán a bhí iníoctha sa bhliain 2018 leis na ceannairí páirtí parlaiminteacha ar na páirtithe sin.

B’ionann agus €703,704 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2018.

B’ionann agus €309,121 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2018.

B’ionann agus €9.053 milliún sa bhliain an tsuim thuairiscithe iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na ráitis a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2018. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie.

***

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Faigheann an Coimisiún tacaíocht ó Rúnaíocht bhuan, atá lonnaithe ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Preaseisiúint - Nochtann Páirtithe Polaitíochta na Síntiúis a Fuair Siad sa bhliain 2018

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu ina dtuarascáil bhliantúil ar na síntiúis a fuair páirtithe polaitíochta gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €159,819 don bhliain 2018.

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2018. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2018 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2019, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2018 agus ar mó a luach ná €1,500. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór d’aonaid chuntasaíochta ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €1,150,073 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2018.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2018, sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Preaseisiúint - An Tuarascáil ar an Toghchán Uachtaránachta 2018

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí tuairisc ar an Toghchán Uachtaránachta 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir leis an Toghchán Uachtaránachta 2018. Sa tuarascáil, tugtar faisnéis faoi chaiteachas toghcháin agus faoin nochtadh síntiús ag gníomhairí toghcháin.

Thosaigh an tréimhse toghcháin 2018 an 28 Lúnasa 2018 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 26 Deireadh Fómhair 2018. Ní raibh sé ina cheangal cuntas a choinneáil ar airgead a caitheadh lasmuigh den tréimhse sin ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí.

Nocht gníomhairí toghcháin speansais toghcháin dar luach €1.36 milliún. Tá an figiúr sin 41% níos lú ná an figiúr €2.32 milliún a tuairiscíodh le haghaidh an Toghcháin Uachtaránachta sa bhliain 2011.

Ba iad síntiúis dar luach iomlán €74,300 a nocht triúr iarrthóirí (ba é €304,570 an figiúr coibhéiseach sa bhliain 2011).

Cháiligh beirt iarrthóirí le haghaidh aisíocaíocht speansais toghcháin agus ba é €319,911.30 an t-iomlán a bhí deimhnithe lena íoc.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar an Toghchán Uachtaránachta 2018 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2018 uaidh a fhoilsiú inniu. Tugtar sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2018 faoin reachtaíocht um eitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin agus maoiniú Stáit. Tugtar inti freisin faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta um eitic, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitíochta, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha.

Faoi na hAchtanna um Eitic, phróiseáil an Coimisiún 29 ngearán, chuir sé réamhfhiosrúchán amháin i gcrích agus reáchtáil sé ceithre éisteacht imscrúdaithe sa bhliain 2018. Foilsíodh trí thuarascáil sa bhliain freisin. Anuas air sin, rinneadh 80 imscrúdú agus ullmhaíodh sé thuarascáil ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

Faoin Acht Toghcháin, rinne an Coimisiún maoirseacht ar mhaoiniú toghcháin don toghchán uachtaránachta a cuireadh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2018. Foilseofar tuarascáil ar an toghchán uachtaránachta sa bhliain 2019. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha reachtúla bliantúla ar an bhfothoghchán don Seanad a cuireadh ar siúl i mí Aibreáin, agus tuarascálacha ar shíntiúis a tugadh do pháirtithe polaitíochta, do TDanna, do Sheanadóirí, do FPEnna, do chuntais pháirtí polaitíochta agus d’aonaid chuntasaíochta.

Sa tuarascáil uaidh don bhliain 2018, dhearbhaigh an Coimisiún an athuair gur mhaith leis go ndéanfaí athchóiriú toghcháin. Cé go dtugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh roinnt bearta dearfacha ina leith sin, táthar dóchasach go mbeadh athbhreithniú reachtach iomlán ar an Acht Toghcháin ag gabháil le hathrú struchtúrach den sórt sin. Tá an tAcht breis agus 20 bliain d’aois anois agus is gá é a nuachóiriú.

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.sipo.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún a léamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2
(01) 6395666

Ríomhphost:             info@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:   www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an reachtaíocht um eitic, toghcháin agus maoiniú Stáit a riar agus ceann eile ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar. Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa bhliain 2018 a fhoilsiú an 27 Meitheamh. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin ag www.lobbying.ie.

 

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar shíntiúis a fuair TDanna, Seanadóirí agus FPEnna sa bhliain 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar shíntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna sa bhliain 2018. Cuimsítear sa tuarascáil seo freisin faisnéis faoi shíntiúis eile nach mór iad a nochtadh.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Don tréimhse tuairiscithe 2018, ceanglaíodh ar 230 ionadaí poiblí san iomlán ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2019. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála (TD), 60 Seanadóir, iar-Sheanadóir amháin agus 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.  Tá gach duine díobh sin ag comhlíonadh na rialacha go substainteach, cé gur chomhdaigh roinnt díobh tuairisceáin tar éis an spriocdháta.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ó fhoinse aonair ar mó a luach iomlán ná €1,000.  Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh.

Nocht cúigear ionadaithe poiblí síntiúis arb ionann a luach iomlán agus €6,480 don bhliain 2018.

Níor nochtadh aon síntiúis ar mhó iad ná an teorainn uasta €1,000. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin má fhaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Is féidir amharc ar líne ar thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ráitis síntiús aonair ag Comhaltaí Ráitis Síntiús Tuarascáil 2018

Cúlra

Faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ceanglaítear ar ionadaithe poiblí atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa sonraí faoi na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach áirithe a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin).

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Teagmhálaí: Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
01 6395666

 sipo@sipo.ie

D’fhoilsigh an Coimisiún dhá thuarascáil ar leith inniu mar thoradh ar imscrúduithe a rinneadh ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.Tagann na tuarascálacha sna sála ar éisteachtaí imscrúdaithe a rinneadh ar iompar an Chomhairleora Joe Queenan, Comhairle Contae Shligigh, agus ar iompar an Chomhairleora John O’Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall, ar seoladh a n-éisteachtaí an 10 Meán Fómhair 2018 agus an 11 Meán Fómhair 2018 faoi seach.

Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Queenan i dtaca le trí cinn de na ceithre shárú líomhnaithe. Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora O’Donnell freisin i dtaca le gach ceann de na trí shárú líomhnaithe.

De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic agus de réir cheanglais alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, thug an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha uaidh don bheirt Chomhairleoirí, don Chathaoirleach agus don Phríomhfheidhmeannach ar an dá Chomhairle lena mbaineann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá na tuarascálacha imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo: www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Tá seisear comhaltaí aige agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Is é an Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe an cathaoirleach reatha. Is iad na comhaltaí eile ná: Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Tyndall, an tOmbudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Jim O’Keeffe, iarchomhalta de Dháil Éireann.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun amharc ar na tuarascálacha, tabhair cuairt ar www.sipo.ie.

Preasoifigeach
Teileafón: (01) 6395666

Ríomhphost: sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland

Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascálachaar neamhchomhlíonadh na Reachtaíochta um Eitic

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dháthuarascáil inniu ar a n-imscrúduithe ar neamhchomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (na hAchtanna).

Faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (an tAcht), ceanglaítear ar cheapaithe chuig poist shinsearacha fostaíochta nó chuig stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí poiblí fianaise a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de thréimhsí reachtúla ar chomhlíonadh na reachtaíochta cánachais.  Ceanglaítear ar an gCoimisiún leis an Acht freisin imscrúdú a dhéanamh ar aon sáruithe ar na forálacha imréitigh cánach a d’fhéadfadh teacht aníos.

Baineann na tuarascálacha a eisíodh inniu le daoine aonair ar theip orthu cloí leis na hoibleagáidí atá orthu fianaise ar chomhlíonadh cánach a chur ar fáil don Choimisiún tráth a gceapacháin chuig oifig shinsearach. Ag teacht sna sála ar a imscrúduithe, fuair an Coimisiún amach gur theip ar na daoine aonair seo a leanas cloí le forálacha comhlíonta cánach na nAchtanna:

  • An tUas. Ciaran Brady, Lia Comhairleach, Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh
  • An Dr Bryan Jones, Lia Comhairleach, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe

Mar a cheanglaítear leis na hAchtanna, leag an Coimisiún cóip de na tuarascálacha sin faoi bhráid an Oireachtais agus chuir sé cóip ar fáil don duine aonair agus don chomhlacht poiblí atá ag fostú an duine sin. 

Cé gurb amhlaidh an babhta seo go bpléitear sna tuarascálacha le neamhchomhlíonadh i measc daoine aonair atá fostaithe mar lianna comhairleacha, níl sé fíor go bhfuil lianna comhairleacha ar an aon ghrúpa daoine amháin atá faoi réir oibleagáidí comhlíonta cánach an Achta. Ní mór do shealbhóirí oifige sinsearaí i raon leathan comhlachtaí poiblí fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach tráth a gceapacháin, agus féadfaidh an Coimisiún gach duine den sórt sin a imscrúdú as neamhchomhlíonadh an Achta. 

I gcás go bhfuil an Coimisiún eolach ar cheapacháin chuig oifig shinsearach, féachann sé le comhlíonadh ag an duine aonair lena mbaineann a chinntiú. Formhór na ndaoine aonair a gcuirtear a n-oibleagáidí in iúl dóibh, comhlíonann siad iad ina dhiaidh sin. Má theipeann ar dhuine aonair comhlíonadh nó obair leis an gCoimisiún, seolfaidh an Coimisiún imscrúdú.

Baineann na tuarascálacha foilsithe le daoine aonair a ceapadh chuig oifig shinsearach i gcás gur thug an comhlacht poiblí lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin gceapachán, rud a éascaíonn comhlíonadh an Achta ag a chuid fostaithe. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh gurb ann do roinnt ceapaithe chuig oifig shinsearach nár iniúchadh mar nach dtugann gach comhlacht poiblí fógra don Choimisiún faoi cheapacháin chuig oifig phoiblí.

Chun a chinntiú go bhfuil daoine aonair atá faoi réir oibleagáidí imréitigh cánach eolach ar a n-oibleagáidí agus chun comhlíonadh a éascú, d’iarr an Coimisiún ar gach comhlacht poiblí sonraí a chur ar fáil faoi gach ceapachán ábhartha a dhéantar.  Níl aon cheanglas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí déanamh amhlaidh agus, mar thoradh air sin, is neamh-chomhsheasmhach go dtí seo atá comhlíonadh na hiarrata ón gCoimisiún.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh, labhair an Coimisiún faoi na deacrachtaí a mbíonn sé ag déileáil leo fós agus é ag maoirsiú na bhforálacha sin de bharr na fírice nach bhfuil gach comhlacht poiblí ag cur na faisnéise riachtanaí ar fáil, rud a fhágann go bhfuil sé doiligh na daoine aonair atá faoi réir fhorálacha an Achta a shainaithint.  Is é an toradh atá ar an teip ar chomhlachtaí poiblí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil ná go gcuirtear bac ar chur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin den Acht. Chomh maith leis sin, fágann sé gur neamhchomhlíontach atá na fostaithe, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go gcuirfí faoi imscrúdú iad.

Leanfaidh an Coimisiún le comhlíonadh ag ceapaithe aonair a chinntiú agus leanfaidh sé le faisnéis thráthúil a iarraidh ó chomhlachtaí poiblí faoi cheapacháin chuig oifig shinsearach.  Is féidir go n-eiseofar tuilleadh tuarascálacha i gcásanna eile neamhchomhlíonta.  

Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun na tuarascálacha imscrúdaithe a léamh, téigh chuig suíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.sipo.ie.

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Reachtaíocht Ábhartha

  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995
  • An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001

Alt 23 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001

Fianaise go bhfuil na hAchtanna á gcomhlíonadh ag sealbhóirí ar oifig shinsearach.

23.—(1) Déanfaidh duine a cheapfar chuig oifig shinsearach tar éis thosach feidhme an ailt seo na nithe seo a leanas a thabhairt don Choimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis an dáta a cheapfar amhlaidh é nó í (“dáta an cheapacháin”)—

(a) (i) deimhniú imréitigh cánach atá i bhfeidhm agus a eisíodh chuig an duine tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dháta an cheapacháin,

(ii) ráiteas iarratais a eisíodh chuig an duine agus a rinneadh tráth nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dháta an cheapacháin,

agus

(b)     dearbhú reachtúil a bheidh déanta ag an duine tráth nach luaithe ná aon mhí amháin roimh dháta an cheapacháin, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an dáta sin, lena ndearbhófar, tráth déanta an dearbhaithe, go ndéanann an duine, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, na hoibleagáidí a shonraítear i bhfo-alt (1) d’alt 25 a chomhlíonadh agus nach gcoisceann aon ní i bhfo-alt (2) den alt sin deimhniú imréitigh cánach a eisiúint chuige nó chuici.

(2) Má sháraíonn duine fo-alt (1), déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an ní agus déanfaidh sé tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an imscrúdaithe a ullmhú agus cóip di a thabhairt don chomhlacht poiblí lena mbaineann.

(3) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara cóipeanna de thuarascáil faoi fho-alt (2) a leagan faoi bhráid gach Tí.

2018

Preasráiteas - Tuarascáil Imscrúdaithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

D’fhoilsigh an Coimisiún trí thuarascáil ar leith inniu mar thoradh ar imscrúdú a rinneadh ar sháruithe líomhnaithe ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, ag an gComhairleoir Frank Durcan, ag an gComhairleoir Cyril Burke, ar comhaltaí de Chomhairle Contae Mhaigh Eo iad, agus ag an Uas. Peter Hynes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo.  Tagann na tuarascálacha sna sála ar éisteacht imscrúdaithe a reáchtáladh go príobháideach thar sheacht lá idir an 23 Deireadh Fómhair 2017 agus an 16 Feabhra 2018. 

Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Durcan i dtaca le dhá cheann de na trí shárú líomhnaithe. Thug an Coimisiún breith i gcoinne an Chomhairleora Burke freisin i dtaca le dhá cheann de na cúig shárú líomhnaithe. Níor thug an Coimisiún aon bhreith i gcoinne an Uas. Hynes. 

De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic agus de réir cheanglais alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, sheol an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha ábhartha chuig na daoine seo:

1.      An Comhairleoir Frank Durcan, an Comhairleoir Cyril Burke agus an tUas. Peter Hynes.

2.      An Comhairleoir Blackie Gavin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

3.      Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá na tuarascálacha imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil anseo:

1. Durcan

2. Burke 

3. Hynes

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an tríú tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó. 

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é seo an tríú bliain atá ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. 

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gur cheart díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí nó i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann ach méid beag síntiús príobháideach. Aontaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh. 

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 
Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2017 ar fáil ag: www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97

Fiosrúcháin ó na Meáin: Sherry Perreault
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an Scéim Teanga nua uaidh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a sheoladh inniu. D’fhormheas an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta an Scéim seo an 19 Meán Fómhair 2018 agus tá sí in éifeacht ón lá seo amach. Beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta sin nó go dtí go ndearbhóidh an tAire Scéim nua de réir alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is é aidhm na scéime seo na seirbhísí a sholáthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin sa Ghaeilge a dhaingniú agus leanúint lena bhfeabhsú. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin tiomanta don raon iomlán seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus beidh gach doiciméad a fhoilseofar ar a shuíomhanna Gréasáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Cé go soláthraíonn an Coimisiún seirbhísí sa dá theanga cheana féin, sainaithnítear sa scéim roinnt réimsí le haghaidh na seirbhísí sin a fheabhsú sa todhchaí.

Chun amharc ar chóip den Scéim Teanga, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

D02 HE97

Teileafón:                  (01) 6395666

R-phost:                     sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:   www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin Treoirlínte don Toghchán Uachtaránachta

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Treoirlínte inniu don Toghchán Uachtaránachta atá le tionól an 26 Deireadh Fómhair 2018. Cuimsítear sna treoirlínte príomhcheanglais an Achta Toghcháin maidir leis na nithe seo a leanas:

  • síntiúis pholaitíochta;
  • caiteachas toghcháin; agus
  • speansais toghcháin a aisíoc le hiarrthóirí cáilithe.

Moltar d’iarrthóirí agus dá ngníomhairí toghcháin teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí má bhíonn aon cheisteanna acu maidir lena n-oibleagáidí reachtúla.

Chun amharc ar chóip de na Treoirlínte, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin: www.sipo.ie.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

(01) 6395666

Ríomhphost:                     sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:            www.sipo.ie

Twitter:                               @SIPOCIreland

***

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

·         An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;

·         Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;

·         Peter Tyndall, an tOmbudsman;

·         Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;

·         Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus

·         Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

FOILSÍONN AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN AN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL DON BHLIAIN 2017 UAIDH

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2017 uaidh a fhoilsiú inniu. Tugtar sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2017. Tugtar inti freisin faisnéis maidir le comhlíonadh faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí agus faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), lena n-áirítear gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha.

Faoi na hAchtanna um Eitic, dhún an Coimisiún 38 ngearán sa bhliain 2017; chríochnaigh sé réamhfhiosrúchán amháin; d’eisigh sé tuarascáil ar imscrúdú críochnaithe; lean sé ar aghaidh le trí imscrúdú ar chásanna eile neamhchomhlíonta fhéideartha; agus sheol sé 41 imscrúdú ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

I gcás comhlíonadh cánach, tugann an Coimisiún faoi deara an ról tábhachtach a imríonn comhlachtaí poiblí i ndáil leis an dóigh a gcomhlíonann a gcuid fostaithe forálacha an Achta. Sa tuarascáil, iarrann an Coimisiún go ndéanfaí leasú ar an Acht chun ceangal a chur ar chomhlachtaí poiblí faisnéis thráthúil a thabhairt faoi cheapacháin chuig an oifig shinsearach. Gan faisnéis den sórt sin a bheith ann, d’fhéadfadh daoine aonair atá fostaithe ag na comhlachtaí sin na hAchtanna a shárú trí mhainneachtain fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach laistigh de spriocdhátaí reachtúla.

Le linn na bliana 2017, rinne an Coimisiún scrúdú ar ghearán i gcás inar tháinig faisnéis chun solais á tabhairt le fios go bhféadfadh go ndearna iarchomhalta den Dáil sárú ar na hAchtanna um Eitic. Mar thoradh ar bhearna sa reachtaíocht, níl aon sásra ann le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ag comhalta den Oireachtas (seachas Aire nó Aire Stáit) i gcúinsí nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig.  Molann an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil uaidh go leasófaí an reachtaíocht chun déileáil go sainráite le cásanna ina bhféadfadh gur sháraigh comhalta den Oireachtas na hoibleagáidí atá air/uirthi faoi na hAchtanna um Eitic agus nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig.

Tugann an Coimisiún tuairisc ar ghníomhaíochtaí faoin Acht Toghcháin freisin, agus eisíonn sé tuarascálacha reachtúla ar leith ar roinnt de na gníomhaíochtaí sin. Sa tuarascáil seo, cuireann an Coimisiún ábhair imní in iúl faoin easpa rialála a dhéantar ar chaiteachas i dtoghcháin. Ní luaitear caiteachas ar reifrinn san Acht Toghcháin, 1997. Ní phléitear teorainneacha caiteachais ná nochtadh san Acht ach oiread.

Tugann an Coimisiún faoi deara freisin an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le fógraíocht dhigiteach agus feachtais mheán sóisialta. Cé go bhfuil toirmisc ar shíntiúis pholaitíochta eachtracha ann, seachas i gcúinsí sonracha, is cúis imní don Choimisiún go bhféadfadh daoine aonair agus eagraíochtaí atá lonnaithe lasmuigh d’Éirinn tionchar a imirt ar an toradh ar thoghchán nó reifreann trí fhógraíocht pholaitiúil nó feachtais dhigiteacha a mhaoiniú. Is nithe iad sin nach rialáiltear leis an Acht faoi láthair.

Dúirt Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach an Choimisiúin, “Ós rud é nach ann d’aon chreat reachtach faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar na nithe sin, is cosúil gur neamhrialáilte atá uirlis thábhachtach a bhíonn ag athrú de shíor i ndioscúrsa polaitíochta nua-aimseartha na hÉireann. Cuireann sé sin ar chumas gníomhaithe eachtracha tionchar a imirt ar thoghcháin Éireannacha agus ar reifrinn Éireannacha, rud a bhféadfadh iarmhairtí suntasacha a bheith aige. Molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht d’fhonn an fhadhb sin a réiteach. B’fhearr é sin a dhéanamh i gcomhthéacs coimisiún toghcháin a chruthú.”

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa bhliain 2017 a fhoilsiú an 28 Meitheamh. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin ag www.lobbying.ie.

Tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.sipo.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún a léamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

(01) 6395666

Ríomhphost:                      sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:            www.sipo.ie

Twitter:                                 @SIPOCIreland

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

 

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí agus an tAcht Toghcháin, 1997 (arna leasú), a riar agus ceann eile ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar.

Preas Ráiteas - An Tuarascáil ar an bhFothoghchán don Seanad, 2018

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 
Preaseisiúint

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir leis an bhFothoghchán don Seanad, 2018.

Chuaigh naonúr iarrthóirí san iomaíocht sa toghchán le haghaidh dhá shuíochán ar an Rolla Talmhaíochta. Toghadh an Seanadóir Anthony Lawlor agus an Seanadóir Ian Marshall.

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo san Fhothoghchán don Seanad ráiteas síntiús agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis an lae ábhartha ar ar dúnadh an vótaíocht. Ba é an 22 Meitheamh 2018 an dáta faoinar ghá ráitis síntiús a bheith faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Chomhlíon gach duine de na hiarrthóirí nár éirigh leo a n-oibleagáidí faoin spriocdháta. Níor nochtadh aon síntiúis san Fhothoghchán don Seanad.

Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Sheanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain. Maidir leis na ráitis síntiús a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an mbliain 2018, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2018 i ndáil leis an bhFothoghchán don Seanad. Ní mór na ráitis sin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2019.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an bhFothoghchán don Seanad, 2018, ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017 inniu ar mhaoiniú Státchiste a fuair páirtithe polaitíochta.

Sa bhliain 2017, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.963 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2017. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar an maoiniú agus ní fhéadfar é a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.536 milliún an caiteachas iomlán a tuairiscíodh i leith na bliana.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Is é Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta sa bhliain 2017 teideal na tuarascála.

Tá an tuarascáil sin ar fáil ag www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Preaseisiúint – Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an tuarascáil 2017 uaidh ar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte do Pháirtithe Polaitíochta agus do Chomhaltaí Neamhspleácha

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an maoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht lena rialaítear an liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte.

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar pháirtí cáilitheach ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin is déanaí agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann.

Sa bhliain 2017, bhí naoi bpáirtí ann a cháiligh le haghaidh an liúntas a fháil. Ba iad sin: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Páirtí Sóisialach agus Dlúthpháirtíocht – Pobal roimh Bhrabús. B’ionann agus €7.629 milliún an maoiniú iomlán a bhí iníoctha sa bhliain 2017 leis na ceannairí páirtí parlaiminteacha ar na páirtithe sin. Chuir ocht de na naoi páirtithe ná tuairiscí riachtanacha isteach agus tá siad i gcomhréir, tá ceann amháin fós le réiteach.

B’ionann agus €703,704 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2017.

B’ionann agus €299,891 san iomlán an maoiniú a bhí iníoctha le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2017.

B’ionann agus €7.359 milliún an tsuim iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha sa bhliain a chuir tuairiscí isteach.

Níl ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin sa mhaoiniú sin a leithdháileadh. Mar sin féin, tá ról maoirseachta aige i dtaca le caitheamh na gcistí.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na Ráitis Chaiteachais agus na Tuarascálacha Iniúchóirí a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tugtar iad faoin teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2017. Tá an tuarascáil sin ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Preaseisiúint - Nochtann Páirtithe Polaitíochta na Síntiúis a Fuair Siad sa bhliain 2017

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu ina dtuarascáil bhliantúil ar na síntiúis a fuair páirtithe polaitíochta gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €156,699 don bhliain 2017.

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2017. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2017 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2018, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2017 agus ar mó a luach ná €1,500. Ba é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór d’aonaid chuntasaíochta ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €922,508 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2017.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2017, sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Rosanne Meehan, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

 

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar shíntiúis a fuair TDanna, Seanadóirí agus FPEnna sa bhliain 2017

Faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ceanglaítear ar ionadaithe poiblí atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa sonraí faoi na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach áirithe a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin). D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar nochtadh síntiús don bhliain 2017. Cuimsítear sa tuarascáil seo freisin faisnéis faoi shíntiúis eile nach mór iad a nochtadh.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Don tréimhse tuairiscithe 2017, ceanglaíodh ar 229 n-ionadaí phoiblí san iomlán ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2018. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála (TD), 60 Seanadóir agus 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá gach duine díobh sin ag comhlíonadh na rialacha go substainteach, cé gur chomhdaigh roinnt díobh tuairisceáin tar éis an spriocdháta.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ó fhoinse aonair ar mó a luach iomlán ná €1,000. Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh. Nocht seachtar ionadaithe poiblí síntiúis arb ionann a luach iomlán agus €6,360 don bhliain 2017.

Níor nochtadh aon síntiúis ar mhó iad ná an teorainn uasta €1,000.00. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin má fhaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Is féidir amharc ar líne ar thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus Ráitis Síntiús aonair ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Déan teagmháil le: Rosanne Meehan, Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666

2017

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) inniu an dara tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó. 

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é seo an dara bliain atá ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta. 

Tar éis próiseas comhairliúcháin a reáchtáladh le páirtithe polaitíochta agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, rinneadh na Treoirlínte a athrú chun dáta agus a leasú i mí Iúil 2017 chun an taithí phraiticiúil ar an Acht a riar a léiriú.

Mar a luadh cheana féin sa tuarascáil don bhliain 2015, tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim fós gur cheart díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí. Aontaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh. 

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 
Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2016 ar fáil ag: www.sipo.ie

Cúlra
Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97

Preasoifigeach: Rebecca Coyle
Teileafón: 01 - 6395721
Ríomhphost: rebecca.coyle@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an cúigiú tuarascáil bhliantúil déag uaidh a fhoilsiú inniu don bhliain tuairiscithe 2016. Tugtar sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí a rinne sé faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2016 i dtaca le gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, speansais toghcháin, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha. Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a fhoilsiú an 3 Iúil 2017.

Bhí an bhliain 2016 ina bliain ghnóthach don Choimisiún um Chaighdeáin. Le linn na bliana, reáchtáladh toghcháin don Dáil agus don Seanad, críochnaíodh imscrúdú amháin agus seoladh ceann eile a chríochnófaí ina dhiaidh sin sa bhliain 2017, agus cuireadh forálacha nua chun feidhme lena gceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta ráitis iniúchta a sholáthar don Choimisiún. D’fhoilsigh an Coimisiún roinnt tuarascálacha reachtúla le linn na bliana 2016 freisin, lena n-áirítear tuarascálacha maidir le comhlíonadh iarrthóirí nár éirigh leo sna toghcháin don Dáil agus don Seanad.

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin,1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chaighdeáin don bhliain 2016

Cúlra

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 is ea an Coimisiún um Chaighdeáin.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
An tUas. Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
An tUas. Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
An tUas. Séamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
An tUas. Jim O'Keefe, iar-Theachta Dála; agus
An tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

Teagmhálaí: Rebecca Coyle, Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666 

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an maoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht um an liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte.

B’ionann agus €7.215 milliún an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil sa bhliain 2016 do cheannairí parlaiminte na naoi bpáirtí polaitíochta cháilitheacha (an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Páirtí Sóisialach agus Páirtí an Lucht Oibre). 

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar pháirtí cáilitheach ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin is déanaí agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann.

B’ionann agus €640,887 san iomlán an maoiniú a cuireadh ar fáil do chomhaltaí neamhpháirtí den Dáil sa bhliain 2016. 

B’ionann agus €249,159 san iomlán an maoiniú a cuireadh ar fáil do chomhaltaí neamhpháirtí den Seanad sa bhliain 2015. 

B’ionann agus €8.034 milliún an tsuim iomlán a chaith páirtithe agus comhaltaí neamhspleácha sa bhliain.

Níl ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin sa mhaoiniú sin a leithdháileadh. Mar sin féin, tá ról maoirseachta aige i dtaca le caitheamh na gcistí.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon leis na Ráitis Chaiteachais agus na Tuarascálacha Iniúchóirí a ghabhann leo, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar www.sipo.ie

Déan teagmháil le: Adam Conway, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an tuarascáil uaidh inniu ar mhaoiniú Státchiste a fuair páirtithe polaitíochta don bhliain 2016.

Bunaithe ar na torthaí ar olltoghchán na Dála a cuireadh ar siúl an 26 Feabhra 2016, cháiligh ocht bpáirtí polaitíochta le haghaidh maoiniú Státchiste faoin Acht. Mar a bhí amhlaidh anuraidh, cuireadh Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ar áireamh. Ar na páirtithe nua a cuireadh ar áireamh sa bhliain 2016 bhí an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, an Comhaontas Glas, Renua agus na Daonlathaithe Sóisialta.

Fuair na hocht bpáirtí maoiniú ab fhiú €5.882 milliún san iomlán faoin reachtaíocht toghcháin sa bhliain 2016. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar an maoiniú agus ní fhéadfar é a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

B’ionann agus €5.810 milliún an caiteachas iomlán don bhliain.

Tá sonraí faoin maoiniú agus faoin dóigh ar caitheadh é, mar aon le ráitis tionlacain, ar áireamh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu.

Tá an tuarascáil sin ar fáil ar www.sipo.ie

Déan teagmháil le: Adam Conway, Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

 

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €163,640 don bhliain 2016.

Bhí 20 páirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2016. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2016 a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2017. Ceanglaíodh orthu síntiúis ar mhó a luach ná €1,500 agus a fuarthas le linn na bliana 2016 a nochtadh. Ba é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Ní mór ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

Ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €583,655 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2016.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta.  Tá an tuarascáil agus na ráitis maidir le síntiúis pháirtithe polaitíochta ar fáil ar www.sipo.ie

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón:01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

 

Faoin Acht Toghcháin, 1997, ní mór d’ionadaithe poiblí ar comhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa iad sonraí a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) faoi aon síntiúis a fhaigheann siad atá os cionn luach ar leith. D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil inniu ar an nochtadh síntiús sa bhliain 2016, rud ina bhfuil faisnéis faoi shíntiúis eile a gceanglaítear iad a nochtadh freisin.

Ráitis síntiús ó ionadaithe poiblí

Ceanglaíodh ar 259 n-ionadaí phoiblí ar fad ráitis síntiús a chur ar fáil faoin 31 Eanáir 2017. Chuimsigh an figiúr sin 158 dTeachta Dála, 60 Seanadóir, 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, 19 n-iarTheachta Dála agus 11 iar-Sheanadóir.  Cé gur chuir roinnt díobh tuairisceáin isteach go déanach, d’éirigh le gach duine díobh na ceanglais a chomhlíonadh go substainteach.

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ar mó a luach iomlán ná €1,000 ón aon fhoinse amháin.  Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh. Nocht dhá ionadaí phoiblí is daichead síntiúis dar luach iomlán €72,969.00. Tá an tsuim sin níos mó ná a dhá oiread na síntiús iomlán a fuarthas sa bhliain 2015, ba é sin, €33,870.00. D’fhéadfaí an méadú sin a chur i leith Olltoghchán na bliana 2016.

Níorbh ann d’aon síntiúis nochta ar mhó a luach ná an teorainn uasta €1,000.00. 

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ó dhaoine lasmuigh d’oileán na hÉireann ach amháin i gcás go bhfaightear iad ó shaoránach Éireannach. Sa bhliain 2016, fuarthas síntiúis ó naonúr síntiúsóirí Éireannacha a raibh cónaí orthu lasmuigh den oileán.

Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh le síntiúis ach amháin i gcás go bhfaightear iad ó shíntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe sa cháil sin leis an gCoimisiún. 

Ráitis síntiús ó shíntiúsóirí

Ní mór do shíntiúsóirí ráitis síntiús a dhéanamh i leith aon bhliana ina dtugann siad síntiúis ar mó a luach ná €1,500.00 do bheirt chomhaltaí nó níos mó den aon pháirtí polaitíochta amháin nó do pháirtí agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí. 

Fuarthas ocht ráiteas síntiús ó shíntiúsóirí maidir leis an mbliain 2016. Ba é €37,274.00 luach iomlán na síntiús a nochtadh.  

Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus Ráitis Síntiús aonair ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Déan teagmháil le: Adam Conway, Oifigeach Preasa
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu an tuarascáil imscrúdaithe uaidh ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic), ag an Uas. Richard Hickey, iarchomhalta de Bhord na seanGhníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh. Eascraíonn an tuarascáil as éisteacht imscrúdaithe a cuireadh ar siúl an 30 Eanáir 2017.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an tUas. Hickey an reachtaíocht um eitic nuair a chuir sé, agus é ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh, éilimh dhúblacha le haghaidh speansais taistil agus chothaithe isteach chuig an nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus chuig Ionad Acmhainní Teaghlaigh Naomh Bríd i ndáil le freastal ar na himeachtaí céanna.

Líomhnaíodh go ndearna an tUas Hickey ‘gníomh sonraithe’ de réir bhrí na nAchtanna um Eitic. Bhain an gníomh sonraithe le speansais a bheith á n-éileamh faoi dhó ag an Uas. Hickey, rud nach raibh ag teacht le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna mar chomhalta den Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh.

Ag tabhairt aird ar chineál agus mhéid an éilimh dhúblaigh speansas, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur d’aon turas a rinne an tUas. Hickey an ‘gníomh sonraithe’ agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. De réir cheanglais an Achta, sheol an Coimisiún cóip dá thuarascáil chuig an Uas. Hickey, chuig an gCathaoirleach ar Tusla agus chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin um Chaighdeáin, ar fáil anseo www.sipo.ie

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2                                                                                                       

D02 HE97

TEILEAFÓN: 01-6395666

Ríomhphost:sipo@sipo.ie

Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie

Twitter: @SIPOCIreland             

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Cinneadh go ndearna an tUas. Hickey sárú ar an alt seo a leanas de na hAchtanna um Eitic:

         Is é seo an bhrí atá le “gníomh sonraithe” mar a thagraítear dó in alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001:

"gníomh... nó neamhghníomh... ar gníomh nó neamhghníomh é de chineál, nó maidir le himthosca an chéanna gur imthosca iad de chineál, a bheidh ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus gur ní é a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis."

  • Díscaoileadh an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus aistríodh a fheidhmeanna chuig Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) le héifeacht ón 1 Eanáir 2014 faoin Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, 2013
  • Le linn scrúdú an Choimisiúin, fuarthas amach go ndearna an tUas. Hickey éilimh dhúblacha speansas ab fhiú breis agus €43,000 sa tréimhse idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2013

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir le hOlltoghchán na Dála 2016. Tugtar faisnéis sa tuarascáil seo faoi chaiteachas toghcháin a nocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta, lena n-áirítear caiteachas tuairiscithe ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh chun críocha toghcháin le linn na tréimhse toghcháin, aisíocaíocht speansais toghcháin iarrthóirí, nochtadh síntiús ag iarrthóirí nár éirigh leo, agus gníomhaíocht tríú páirtí le linn na tréimhse toghcháin. Bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh ar an reachtaíocht a riar, shainaithin an Coimisiún roinnt athruithe molta ar an reachtaíocht freisin.

Thosaigh an tréimhse toghcháin 2016 le lánscor na Dála an 3 Feabhra 2016 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 26 Feabhra 2016. Ní raibh sé ina cheangal cuntas a choinneáil ar airgead a caitheadh lasmuigh den tréimhse sin ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí.

Nocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta speansais toghcháin dar luach €8.39 milliúnd’olltoghchán 2016. Tá an figiúr sin geall le 10% níos lú ná an figiúr €11.08 milliún a tuairiscíodh le haghaidh olltoghchán 2011.

Sa bhliain 2016, cháiligh 321 iarrthóir le haghaidh aisíocaíocht speansais toghcháin agus is é €2,701,454.71 an t-iomlán atá deimhnithe lena íoc go dtí seo.

Táthar ag rá nár sháraigh iarrthóir ar bith na teorainneacha reachtúla le caiteachas. Ba iad seo na teorainneacha a bhí i bhfeidhm d’olltoghchán 2016: €30,150 (3 shuíochán), €37,650 (4 shuíochán) agus €45,200 (5 shuíochán).

Murar éirigh le hiarrthóir sa toghchán, ceanglaíodh air/uirthi, ráiteas síntiús a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin (faoin 22 Aibreán 2016) lena dtabharfaí sonraí faoi gach síntiús ar mó a luach ná €600.00 a fuarthas i ndáil leis an toghchán. Ceanglaítear ar iarrthóirí Ráiteas Síntiús a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2017 lena nochtar síntiúis ar mó a luach ná €600.00 a fuarthas i ndáil le hOlltoghchán na Dála 2016.

Ba iad síntiúis dar luach iomlán €112,320.38 a nocht 102 iarrthóir nár éirigh leo (ba é €285,618 an figiúr coibhéiseach sa bhliain 2011).

Tharchuir an Coimisiún um Chaighdeáin 66 chomhad chuig an nGarda Síochána i dtaca le sáruithe féideartha ar an Acht le linn olltoghchán na Dála, lena n-áirítear mainneachtainí ráitis síntiús, deimhnithe síntiús airgid, dearbhuithe reachtúla, ráitis ó institiúid airgeadais nó ráitis speansas toghcháin a chur isteach.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le hOlltoghchán na Dála 2016 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir le hOlltoghchán an tSeanaid 2016. Tugtar faisnéis sa tuarascáil maidir le speansais toghcháin na n-iarrthóirí nár éirigh leo in Olltoghchán an tSeanaid i mí Aibreáin 2016 agus maidir leis na síntiúis a fuair siad.

Chuaigh 171 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán (125 iarrthóir Rolla agus 46 iarrthóir Ollscoile).  Chuir Oifig Cheann Comhairimh an tSeanaid agus na hollscoileanna lena mbaineann ainm agus seoladh na n-iarrthóirí rolla ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin.  Toghann na rollaí gairme trí Sheanadóir is daichead agus toghann an dá rolla ollscoile seisear Seanadóirí (toghann Ollscoil na hÉireann triúr agus toghann Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide) triúr).

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo in olltoghchán an tSeanaid ráiteas síntiús agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis an lae ábhartha ar ar dúnadh an vótaíocht.  Ceanglaíodh go nochtfaí sonraí faoi gach síntiús ar mhó a luach ná €600.00 a fuair iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán.  Ba é an 20 Meitheamh 2016 an dáta faoinar ghá ráitis síntiús a bheith faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i gcás iarrthóirí rolla nár éirigh leo. Ba é an 21 Meitheamh 2016 an dáta coibhéiseach i gcás iarrthóirí ollscoile nár éirigh leo.

Mar thoradh ar olltoghchán an tSeanaid 2016, ceanglaíodh ar 122 iarrthóir nár éirigh leo (82 iarrthóir rolla agus 40 iarrthóir ollscoile) ráiteas síntiús agus deimhniú síntiús airgid a chur isteach. Ceanglaíodh go dtabharfaí ráitis síntiús chomhlánaithe agus deimhnithe síntiús airgid comhlánaithe don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 20 Meitheamh 2016 i gcás iarrthóirí rolla nár éirigh leo agus faoin 21 Meitheamh 2016 i gcás iarrthóirí ollscoile nár éirigh leo.

Go dtí seo, tá na hoibleagáidí atá orthu comhlíonta ag 98 nduine den 122 iarrthóir. I mí na Samhna 2016, sheol an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána maidir leis na 24 iarrthóir a mhainnigh na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur isteach.  

Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Sheanad Éireann, ráiteas síntiús bliantúil agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain.  Maidir leis na ráitis síntiús a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an mbliain 2016, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2016 i ndáil le holltoghchán an tSeanaid.  Ní mór na ráitis sin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2017.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le hOlltoghchán an tSeanaid 2016 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra
Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Díscaoileadh an 31ú Dáil an 3 Feabhra 2016.  De réir alt 8 d’Airteagal 18 den Bhunreacht, ní foláir olltoghchán don Seanad a bheith ann lá nach déanaí ná nócha lá d’éis lánscor don Dáil.  Eisíodh páipéir bhallóide do chomhaltaí rolla an 11 Aibreán 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 25 Aibreán 2016.  Rinneadh páipéir bhallóide do na toghdais ollscoile a eisiúint agus a phostáil an 21 Márta 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 26 Aibreán 2016.  


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) an chéad tuarascáil bhliantúil inniu maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó.

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais. Is é atá sa tuarascáil seo an chéad uair riamh a bhí ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta.

Bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh ar na hoibleagáidí nua sin ar pháirtithe polaitíochta a riar, shainaithin an Coimisiún roinnt moltaí lena ndéanfaí próisis tuairiscithe a chuíchóiriú agus lena laghdófaí an t-ualach riaracháin atá ar pháirtithe beaga agus iad ag cloí le ceanglais reatha an Achta dá gcuirfí na moltaí sin chun feidhme. Molann an Coimisiún go háirithe go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht d’fhonn díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí. Aontaíonn an Coimisiún gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh.

De réir cheanglais an Achta, tabharfar cóip den tuarascáil seo do Chathaoirleach Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2015 ar fáil ag www.sipo.ie

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

 

2016

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin foilsiú inniu ar an tuarascáil imscrúdaithe uaidh ar sháruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil (Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001) ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, iarchomhalta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall. Eascraíonn an tuarascáil as éisteacht imscrúdaithe a cuireadh ar siúl an 9 Bealtaine 2016.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill reachtaíocht um eitic tráth a rinne sé éilimh ar chostais taistil agus chothaithe ó dhá chomhlacht leithleacha i dtaca leis an aon dáta amháin nuair a bhí sé ina chomhairleoir.

Bhain an t-imscrúdú le naoi sárú líomhnaithe ar an reachtaíocht um eitic, ar sáruithe iad a d'eascair as trí thacar imthosca leithleacha. Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin cinneadh in aghaidh an tSeanadóra Uí Dhomhnaill i dtaca le gach ceann de na sáruithe líomhnaithe.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill alt 168 agus alt 169(3) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, gur ghníomhaigh sé gan aird ar fhorálacha an Chóid Iompair do Chomhairleoirí agus go ndearna sé 'gníomh sonraithe' de réir bhrí an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, i dtaca le gach tacar imthosca. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur d’aon turas a rinneadh gach sárú agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. Chinn an Coimisiún freisin nach bhfuil sé in ann a chinneadh gur ghníomhaigh an Seanadóir Ó Domhnaill de mheon macánta maidir leis na sáruithe.

De réir cheanglais an Achta, sheol an Coimisiún cóipeanna den tuarascáil uaidh chuig an Seanadóir Ó Domhnaill, chuig an Uas. Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall, agus chuig an gComhairleoir Terence Slowey, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall. Seoladh cóip chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus chuig an Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil freisin.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin um Chaighdeáin, ar fáil anseo www.sipo.ie


An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666
Ríomhphost:sipo@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:  @SIPOCIreland

Nótaí d’eagarthóirí:

Is é atá anseo a leanas ná an t-alt den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, ar chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill é.

Foráiltear an méid seo le halt 168 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001:

"Is é dualgas gach comhalta d’údarás áitiúil agus gach fostaí de chuid údaráis áitiúil agus gach comhalta de gach coiste, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhall faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile, caighdeáin chuí a chothabháil maidir le hionracas, iompar agus aird a thabhairt ar leas an phobail."

Foráiltear an méid seo le halt 169(3)(a) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001:

"Beidh aird ag gach comhalta ar an gcód iompair iomchuí, agus glacfaidh sé nó sí treoir uaidh, le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú."

Is é seo an bhrí atá le 'gníomh sonraithe' mar a thagraítear dó in alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001:

"... gníomh nó... neamhghníomh... ar gníomh nó neamhghníomh é de chineál, nó maidir le himthosca an chéanna gur imthosca iad de chineál, a bheidh ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus gur ní é a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis..."

Sa cheathrú tuarascáil bhliantúil déag ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a foilsíodh inniu, chuir an Coimisiún fáilte roimh fhoilsiú an Bhille um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2015 i mí na Nollag 2015. Ba éard a bhí sna tograí sa Bhille ná céim mhór ar aghaidh ar an mbealach i dtreo comhlíonadh a dhéanamh ar mholadh mór a ndearna an Coimisiún um Chaighdeáin é ar dtús ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2009, mar atá Acht cuimsitheach aonair a bheadh bunaithe ar an dea-chleachtas maidir le déileáil le coinbhleachtaí leasa, rud lena gcomhdhlúthófaí forálacha na nAchtanna um Eitic le creataí eitice reachtúla agus riaracháin eile. Dá n-achtófaí é, dhéanfaí foráil sa Bhille do chaighdeáin ionracais agus do chód eiseamláireach iompair do gach oifigeach poiblí mar aon le forálacha comhdhlúite le haghaidh leasanna a nochtadh agus córas cuíchóirithe agus níos éifeachtaí trína bhféadfadh oifigigh phoiblí sáruithe féideartha a imscrúdú.

Ritheadh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 mar dhlí i mí an Mhárta 2015. De réir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoin Acht sin.

Sa bhliain 2015, ceanglaíodh ar pháirtithe polaitíochta, den chéad uair riamh, leabhair chuntais chuí a choimeád i bhfoirm arna leagan amach i dtreoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. Ceanglaíodh orthu freisin a gcuntais iniúchta don bhliain 2015 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2016. Foilseofar iad sin in am is i dtráth.

Tugtar sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí a rinne sé faoin reachtaíocht eitice agus toghcháin le linn na bliana 2015 i dtaca le gearáin agus imscrúduithe, síntiúis, speansais toghcháin agus an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí - Tuarascáil Bhliantúil 2015

Comhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar an reachtaíocht Eitice, Toghcháin agus Brústocaireachta is ea an Coimisiún um Chaighdeáin. Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
An tUas. Séamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
An tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman;
An tUas. Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
Deirdre Lane Uas., Cléireach Sheanad Éireann; agus
An tUas. Jim O’Keeffe, iar-Aire agus iar-Theachta Dála.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

SIPOC (01) 639 5666
Paddy Walsh (01) 6395707

Brian McKevitt (01) 6395713
Derek Charles (01) 6395740
Ríomhphost: sipo@sipo.ie