Tá seisear comhaltaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. 

Is iad seo na comhaltaí reatha:

  • Garrett Sheehan, Cathaoirleach
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Ger Deering, an tOmbudsman
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann
  • Geraldine Feeney, Gnáthchomhalta

» Is féidir amharc ar bheathaisnéisí na gCoimisinéirí anseo

 

Struchtúr an Choimisiúin

Leagtar struchtúr an Choimisiúin um Chaighdeáin amach san Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Ní mór an Coimisiún a bheith faoi chathaoirleacht ag breitheamh reatha nó iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte. Ceapann Uachtarán na hÉireann an Cathaoirleach le haghaidh téarma sé bliana. 

Meastar ceathrar comhaltaí den Choimisiún a bheith ina gcomhaltaí “de bhrí oifige” – is é sin le rá gur comhaltaí iad go huathoibríoch de bharr na “bpost lae” atá acu. Ina measc sin tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman, Cléireach Dháil Éireann, agus Cléireach Sheanad Éireann. 

Ag an deireadh ar fad, ceapann an Rialtas “gnáthchomhalta” tar éis rúin a ritheadh sa dá Theach den Oireachtas. Ní mór don chomhalta sin a bheith ina (h)iarchomhalta den Dáil nó den Seanad, agus ceaptar é/í le haghaidh téarma sé bliana.