Léirítear anseo an nuacht agus na fógraí is deireanaí ón gCoimisiún um Chaighdeáin. Nuashonraítear an t-ábhar seo go rialta.

Preaseisiúint - Nochtann Páirtithe Polaitíochta na Síntiúis a Fuair Siad sa bhliain 2018

Páirtithe Polaitíochta

Léirítear i bhfigiúirí a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí inniu ina dtuarascáil bhliantúil ar na síntiúis a fuair páirtithe polaitíochta gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis dar luach iomlán €159,819 don bhliain 2018.

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2018. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús maidir leis an mbliain 2018 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2019, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2018 agus ar mó a luach ná €1,500. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

Aonaid chuntasaíochta

Is ionann aonad cuntasaíochta agus craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid páirtí polaitíochta a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 in aon bhliain ar bith. Ar shíntiús airgid ar mó a luach ná €100 a fháil, ní mór d’aonad cuntasaíochta cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a chothabháil in institiúid airgeadais sa Stát. Faoin 31 Márta gach bliain, ní mór d’aonaid chuntasaíochta ráiteas ón institiúid airgeadais ina bhfuil an cuntas á choinneáil agus Deimhniú Síntiús Airgid a thabhairt don Choimisiún.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, ní dhéantar na Deimhnithe Síntiús Airgid ná na ráitis bhainc a fhaigheann an Coimisiún ó pháirtithe polaitíochta nó óna n-aonaid chuntasaíochta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ní chuirtear iad ar taispeáint don phobal ach oiread.

Ba é €1,150,073 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2018.

Tugtar sa tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Síntiúis do Pháirtithe Polaitíochta 2018, sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta, mar aon le faisnéis faoi aonaid chuntasaíochta. Tá an tuarascáil agus ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta ar fáil ag: www.sipo.ie

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 - 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin:www.sipo.ie
Twitter:@SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil inniu maidir leis an Toghchán Uachtaránachta 2018. Sa tuarascáil, tugtar faisnéis faoi chaiteachas toghcháin agus faoin nochtadh síntiús ag gníomhairí toghcháin.

Thosaigh an tréimhse toghcháin 2018 an 28 Lúnasa 2018 agus chríochnaigh sí ar lá na vótála an 26 Deireadh Fómhair 2018. Ní raibh sé ina cheangal cuntas a choinneáil ar airgead a caitheadh lasmuigh den tréimhse sin ar mhaoin, ar earraí nó ar sheirbhísí.

Nocht gníomhairí toghcháin speansais toghcháin dar luach €1.36 milliún. Tá an figiúr sin 41% níos lú ná an figiúr €2.32 milliún a tuairiscíodh le haghaidh an Toghcháin Uachtaránachta sa bhliain 2011.

Ba iad síntiúis dar luach iomlán €74,300 a nocht triúr iarrthóirí (ba é €304,570 an figiúr coibhéiseach sa bhliain 2011).

Cháiligh beirt iarrthóirí le haghaidh aisíocaíocht speansais toghcháin agus ba é €319,911.30 an t-iomlán a bhí deimhnithe lena íoc.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar an Toghchán Uachtaránachta 2018 ar fáil ag www.sipo.ie

Cúlra

Comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Teagmhálaí: Preasoifigeach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Teileafón: 01 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
 

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2018 uaidh a fhoilsiú inniu. Tugtar sa tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2018 faoin reachtaíocht um eitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin agus maoiniú Stáit. Tugtar inti freisin faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta um eitic, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitíochta, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha.

Faoi na hAchtanna um Eitic, phróiseáil an Coimisiún 29 ngearán, chuir sé réamhfhiosrúchán amháin i gcrích agus reáchtáil sé ceithre éisteacht imscrúdaithe sa bhliain 2018. Foilsíodh trí thuarascáil sa bhliain freisin. Anuas air sin, rinneadh 80 imscrúdú agus ullmhaíodh sé thuarascáil ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

Faoin Acht Toghcháin, rinne an Coimisiún maoirseacht ar mhaoiniú toghcháin don toghchán uachtaránachta a cuireadh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2018. Foilseofar tuarascáil ar an toghchán uachtaránachta sa bhliain 2019. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha reachtúla bliantúla ar an bhfothoghchán don Seanad a cuireadh ar siúl i mí Aibreáin, agus tuarascálacha ar shíntiúis a tugadh do pháirtithe polaitíochta, do TDanna, do Sheanadóirí, do FPEnna, do chuntais pháirtí polaitíochta agus d’aonaid chuntasaíochta.

Sa tuarascáil uaidh don bhliain 2018, dhearbhaigh an Coimisiún an athuair gur mhaith leis go ndéanfaí athchóiriú toghcháin. Cé go dtugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh roinnt bearta dearfacha ina leith sin, táthar dóchasach go mbeadh athbhreithniú reachtach iomlán ar an Acht Toghcháin ag gabháil le hathrú struchtúrach den sórt sin. Tá an tAcht breis agus 20 bliain d’aois anois agus is gá é a nuachóiriú.

Faoi mar a rinne sé i mblianta roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí le haghaidh athrú reachtach ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil uaidh. Dá gcuirfí na hathruithe sin chun feidhme, chabhróidís le forálacha na reachtaíochta arna riar ag an gCoimisiún a shoiléiriú agus a neartú.

Tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.sipo.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún a léamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2
(01) 6395666

Ríomhphost:             info@sipo.ie

Suíomh Gréasáin:   www.sipo.ie

Twitter:                       @SIPOCIreland

Cúlra

Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin sa bhliain 2001 agus tá sé ar an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil sé de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Chaighdeáin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, iar-Theachta Dála.

Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an reachtaíocht um eitic, toghcháin agus maoiniú Stáit a riar agus ceann eile ar a chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar. Rinneadh tuarascáil bhliantúil ar leith maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa bhliain 2018 a fhoilsiú an 27 Meitheamh. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin ag www.lobbying.ie.