Cuireadh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) ar bun sa bhliain 2001. Tá freagracht maoirseachta air faoin reachtaíocht lena bpléitear le heitic in oifigí poiblí, le rialáil toghcháin agus le maoiniú polaitíochta agus le tuairisciú airgeadais polaitíochta.
Níos déanaí fós, cuireadh leis an sainchúram atá ar an gCoimisiún nuair a achtaíodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 (an tAcht). Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015. Leis an Acht, ainmnítear an Coimisiún mar Chláraitheoir Brústocaireachta agus tugtar de fhreagracht air clár ar líne a chothabháil agus maoirseacht a dhéanamh ar fhormhór fhorálacha an Achta.
Pléitear sa tuarascáil seo leis na gníomhaíochtaí ar thug an Coimisiún fúthu agus maoirseacht á déanamh aige ar an Acht don tréimhse tuairiscithe sa bhliain 2015. Is i dtuarascáil bhliantúil ar leith a thugtar tuairisc ar an obair eile a rinne an Coimisiún. Cuirtear tuarascáil den sórt sin ar fáil don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí an Mheithimh gach bliain agus foilsítear ar líne í.
San earrach seo a chuaigh thart, bhí áthas ar an gCoimisiún Sherry Perreault a cheapadh mar Cheann um Brústocaireacht a Rialáil. Chuaigh Sherry Perreault Uas. i mbun a dualgas i mí na Bealtaine 2015 agus tá sí i gceannas ar an Aonad um Brústocaireacht a Rialáil sa Rúnaíocht.
Sa chéad bhliain ina raibh an tAcht i bhfeidhm, dhírigh an Coimisiún ar thuiscint a fhorbairt ar an Acht agus ar chomhlíonadh an Achta a spreagadh. Chuige sin, chabhraigh líon suntasach tionscnamh for-rochtana agus oideachais a reáchtáladh le linn na bliana le feasacht agus le tuiscint ar an Acht agus ar na hoibleagáidí a ghabhann leis a chothú i measc daoine a d’fhéadfadh bheith ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta.
Rinneadh an Clár Brústocaireachta ar líne agus an suíomh Gréasáin www.lobbying.ie a sheoladh go foirmiúil an 30 Aibreán 2015.
Cuireadh faisnéis chabhrach do chláraithe féideartha agus do na daoine sin a ndéanann siad brústocaireacht orthu araon leis an suíomh Gréasáin – áit a bhfuil treoirlínte sainoiriúnaithe do bhrústocairí agus d’oifigigh phoiblí ainmnithe, físeáin teagaisc, tuairisceáin shamplacha agus ceisteanna coitianta.
Is amhlaidh gur éirigh leis an mbéim a cuireadh ar oideachas agus ar fhor-rochtain. Tá méadú tapa tagtha ar líon na gcláraithe ó thosach feidhme an Achta i mí Mheán Fómhair, agus líon mór cláraithe agus tuairisceán faighte againn don chéad spriocdháta le haghaidh tuairisceán i mí Eanáir 2016. Tá an Coimisiún an-sásta leis an leibhéal comhlíonta atá bainte amach go dtí seo. Táscaire luath an-dearfach is ea go bhfuiltear ag glacadh leis an ngá atá ann le hoscailteacht agus le trédhearcacht i gcúrsaí brústocaireachta. Leis an bhfaisnéis atá ar fáil ar an gclár, tugtar do phobal na hÉireann léargas gan fasach ar an ról a imríonn an bhrústocaireacht i gcinntí beartais agus cistithe a mhúnlú.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí eile den Choimisiún as a gcuid oibre le linn na bliana. Is eol do gach comhalta den Choimisiún a thábhachtaí atá sé brústocaireacht a rialáil de réir creat láidir eitice. Ba ríluachmhar a bhí an tacaíocht agus an treoir a thug siad chun an córas nua a bhunú agus a chur chun feidhme.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Rúnaíocht an Choimisiúin, Sherry Perreault Uas. ina measc, leis an Aonad um Brústocaireacht a Rialáil, agus leis an fhoireann tacaíochta san Aonad um Theicneolaíocht Faisnéise, san Aonad um Sheirbhísí Corparáideacha agus san Aonad um Chaidreamh Ardchaighdeáin le Geallsealbhóirí in Oifig an Ombudsman as an obair dhícheallach a rinne siad thar an mbliain seo a chuaigh thart. I dtréimhse an-ghairid ama, chuir an grúpa daoine sin tacaíocht fhairsing ar fáil chun cabhrú leis an iarracht a rinne an Coimisiún an clár brústocaireachta, an suíomh Gréasáin agus uirlisí teagaisc a fhorbairt, nósanna imeachta rialála a bhunú, agus tabhairt faoi mhórfheachtas for-rochtana.
D’éirigh leis an iarracht shuntasach ar an gcóras nua rialála sin a bhunú agus a chur chun feidhme, agus torthaí agus comhlíonadh an-dearfach bainte amach cheana féin. Tá na héachtaí sin ar fad inchurtha go mór i leith dhíograis leanúnach agus obair dhícheallach na foirne, agus gabhaim buíochas leo as an rannchuidiú den scoth a rinne siad ina leith sin.