Regulation of Lobbying - Tuarascáil Bhliantúil 2015

Caibidil 6: Achoimre agus na chéad chéimeanna eile

Clár Ábhar

Den chuid ba mhó, ba dhearfach a bhí an fhreagairt don Acht agus do na hoibleagáidí a ghabhann leis i measc na ndaoine sin a bhfuil oibleagáid orthu clárú. Féachtar ar an gclár mar cheann atá furasta le húsáid agus le nascleanúint agus is beag deacracht a bhíonn ag formhór na ndaoine agus iad ag clárú agus ag cur tuairisceán isteach. Thug a lán daoine faoi deara go bhfuil siad i bhfách le trédhearcacht mhéadaithe ó thaobh brústocaireachta de agus gur mhaith leo comhlíonadh forleathan a fheiceáil. Mar an gcéanna, bhí ardleibhéal rannpháirtíochta ann ó oifi gigh phoiblí ainmnithe ag gach leibhéal den Rialtas.

Cé go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc an bhliain seo chugainn ar na gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu sa bhliain 2016 chun tacú leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil (an tAcht), ba mhaith linn trácht gairid a dhéanamh ar na torthaí luatha ar an gcéad tréimhse tuairiscithe.

Torthaí ar an gcéad tréimhse tuairiscithe

Leagtar amach san Acht trí thréimhse fhorordaithe tuairiscithe in aghaidh na bliana. Bhí an chéad tréimhse tuairiscithe ar siúl idir an 1 Meán Fómhair 2015 agus an 31 Nollaig 2015. I gcás aon duine a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta laistigh den tréimhse ceithre mhí sin, ba ghá dó clárú agus na chéad tuairisceáin uaidh a chur isteach laistigh de 21 lá tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe sin (is é sin, faoin 21 Eanáir 2016).

Chláraigh breis agus 1,100 duine agus eagraíocht agus seoladh níos mó ná 2,500 tuairisceán chuig an gClár Brústocaireachta ar líne faoi dheireadh an spriocdháta (féach Aguisín 3).Faoi mar a thug Cathaoirleach an Choimisiúin faoi deara sa phreaseisiúint inar sonraíodh an chloch mhíle, “Táscaire an-dearfach is ea an leibhéal iomlán comhlíonta agus táthar ag glacadh leis an ngá atá ann le hoscailteacht agus trédhearcacht i gcúrsaí brústocaireachta.”

Trí anailís a dhéanamh ar na chéad tuairisceáin a fuarthas, beidh an Coimisiún in ann sainaithint a dhéanamh ar aon réimsí nó ar aon earnálacha inar gá tabhairt faoi thuilleadh obair for-rochtana ar mhaithe le feasacht a chothú ar an Acht. Beidh sé in ann uirlisí faisnéise a athbhreithniú agus a fheabhsú freisin ar mhaithe le tuiscint níos soiléire a chinntiú ar na ceanglais chlárúcháin agus tuairisceáin. Chuir an Coimisiún feabhas ar an rannán Ceisteanna Coitianta den suíomh Gréasáin cheana féin. Chomh maith leis sin, leasaigh sé an fhoirm shamplach tuairisceáin agus d’ullmhaigh sé doiciméad ina sainaithnítear botúin choitianta a rinneadh sna chéad tuairisceáin.

Cé nach bhfuil ról comhairleach reachtúil ag an gCoimisiún i dtaca le cláraithe, tá sé ag iarraidh, sa chéad tréimhse tuairisceáin, cúnamh a thabhairt do chláraithe a chláraigh go mícheart nó a chuir tuairisceáin mhíchruinne isteach. Tá sé de fhreagracht ar an duine atá ag cur an tuairisceáin isteach, áfach, a chinntiú gur cruinn an fhaisnéis atá tugtha ann.

Na chéad chéimeanna eile

Táthar ag súil le hardleibhéal gníomhaíochta sa bhliain reatha mar gheall ar na trí thréimhse tuairisceáin ar leith atá sceidealta, mar gheall ar an dócúlacht go gcuirfear tús leis na forálacha imscrúdaithe agus forfheidhmithe atá leagtha amach i gCuid IV den Acht, agus mar gheall ar an athbhreithniú reachtach atá beartaithe ar an Acht.

Tá an Coimisiún ag tabhairt faoi thuilleadh córas forbartha ar an gclár chun cabhrú le fógraí íocaíochta seasta a thabhairt isteach i leith sáruithe áirithe ar an Acht.

Ina theannta sin, cuirfi dh an Coimisiún na hacmhainní agus na próisis is gá i bhfeidhm chun forálacha imscrúdaithe an Achta a riar go cuí.

Foráiltear in alt 16 den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún “cód iompair a tháirgeadh do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus é a athbhreithniú ó am go ham, d’fhonn ardchaighdeáin ghairmiúla agus dea-chleachtas a chur chun cinn”. D’fhonn deis a thabhairt do dhaoine éirí cleachta leis an reachtaíocht, níl aon rún ag an gCoimisiún cód den sórt sin a fhorbairt i gcéad bhliain an Achta. In am trátha, tabharfaidh an Coimisiún faoi na comhairliúcháin agus faoin taighde iomchuí ar fad a theastaíonn chun cód a fhorbairt.

Ceanglaítear in alt 2 den Acht go ndéanfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a thosú ar oibriú an Achta roimh dheireadh na chéad bhliana. I dteannta an mhórchomhairliúcháin a dhéantar le daoine atá ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta agus le páirtithe leasmhara eile, ceanglaítear ar an Aire dul i gcomhairle leis an gCoimisiún freisin. Beidh an Coimisiún sásta, ar ndóigh, aon ionchur a theastaíonn a chur ar fáil don athbhreithniú agus foilseoidh sé an t-ionchur sin in am trátha.

Mar fhocal scoir, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh le sainaithint a dhéanamh ar na deiseanna atá ann feasacht agus tuiscint a mhéadú ar an Acht d’fhonn comhlíonadh a chur chun cinn. Agus riar éifeachtach an Achta um Brústocaireacht a Rialáil á chinntiú aige, féachfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifi gí Poiblí le trédhearcacht agus le dea-rialachas a chothú sa saol poiblí in Éirinn.


back to top