Regulation of Lobbying - Tuarascáil Bhliantúil 2015

Caibidil 5: Príomh-Shaincheisteanna sa Bhliain 2015

Clár Ábhar

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur gá an tAcht a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcásanna san fhíorshaol. Ní féidir gach cás féideartha a réamhmheas ná treoir a bheith i bhfeidhm dóibh roimh ré. Nuair a bhítear in ann treoir ghinearálta a bhaint as cásanna, áfach, cabhraíonn ceisteanna agus freagraí maidir leis na cásanna sin le heolas a thabhairt d’fhorbairt agus d’fheabhas leanúnach na n-uirlisí tagartha agus faisnéise a bhíonn ar fáil ar an suíomh Gréasáin lobbying.ie, ceisteanna coitianta ina measc. Táthar ag súil go leanfar ar aghaidh leis an ábhar sin a mhéadú le himeacht ama, de réir mar a ghnóthaíonn an Coimisiún tuilleadh taithí ar an Acht a riar.

Ar ndóigh, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar aon iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a thagann as oibriú an Achta agus cuirfi dh sé aon ionchur is gá ar fáil don athbhreithniú reachtach atá le teacht, rud a stiúrfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é.

Is iad seo a leanas sampla de roinnt de na saincheisteanna a tarraingíodh anuas cheana féin. Tá tuilleadh faisnéise faoi chuid mhór de na saincheisteanna sin ar fáil sa rannán Ceisteanna Coitianta den suíomh Gréasáin www.lobbying.ie.

Brústocaireacht lasmuigh d’Éirinn

Tá méid mór spéise ann sa cheist maidir le cé acu is gá nó nach gá cumarsáid a dhéantar lasmuigh d’Éirinn a chlárú.

Ní dhéantar aon dealú san Acht maidir leis an áit a ndéantar cumarsáid iomchuí. Ina theannta sin, sainaithnítear go sainráite san Acht agus sna hionstraimí reachtúla a ghabhann leis gur oifi gigh phoiblí ainmnithe iad Comhaltaí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus státseirbhísigh shinsearacha, lena n-áirítear státseirbhísigh áirithe a bhfuil a bpost lonnaithe thar lear.

Níl an cinneadh ar cé acu a thagann nó nach dtagann cumarsáid lasmuigh den dlínse ag brath ar an gceist aonair maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar í go fi siciúil lasmuigh den tír. Déanfar gach cás a athbhreithniú bunaithe ar a fhíricí féin chun a fháil amach cé na cúinsí ina dtiocfadh cumarsáid laistigh de dhlínse nó lasmuigh di agus cé acu a bheadh nó nach mbeadh feidhm ag an Acht maidir leis an gcumarsáid agus conas a d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an Acht maidir leis an gcumarsáid. Tá cuid mhór saincheisteanna ann is gá a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cumarsáid ar leith ina gníomhaíocht inchláraithe brústocaireachta. Mar shampla, cé hé a bhí ina pháirtí sa chumarsáid, cárbh as a tháinig an chumarsáid ar dtús agus cá bhfuarthas í, agus cé a rinne, a bhainistigh nó a threoraigh an ghníomhaíocht.

Beag beann ar an áit a ndéantar cumarsáid, áfach, is amhlaidh go bhfuil duine a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta chun críche an Achta sa chás go ndéanann sé cumarsáid le hoifi geach poiblí ainmnithe Éireannach maidir le ní iomchuí. Táimid ag súil go gcláróidh gach duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta.

Clárú carthanas agus an cheist maidir le stádas carthanúil

Tugann cuid mhór carthanas agus eagraíochtaí neamhbhrabúis faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus d’fhéadfadh go mbeadh oibleagáid orthu clárú faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 dá bharr sin. Chuir roinnt eagraíochtaí carthanúla ceisteanna cheana féin maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh aon difear ann dá stádas carthanúil nó dá ndíolúintí carthanúla ó cháin má chláraíonn siad mar bhrústocaire. Cé gur faoi na Coimisinéirí Ioncaim agus faoin Rialálaí Carthanas atá sé a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil eagraíocht incháilithe do stádas carthanúil nó chun leas a bhaint as díolúintí ó cháin, níl aon bhac ann ar charthanais brústocaireacht a dhéanamh fad is a chloíonn an ghníomhaíocht brústocaireachta le forálacha an Achta Carthanas, is é sin le rá, go dtagann sí le príomhchuspóirí na heagraíochta.

Ní chuirfidh eagraíocht a stádas carthanúil i mbaol má chláraíonn sí mar bhrústocaire amháin. Ní mór di a bhreithniú, áfach, cé acu atá an tsainghníomhaíocht brústocaireachta atá sí ag iarraidh a dhéanamh inghlactha nó nach bhfuil. Is féidir go mbeidh ar charthanais na Coimisinéirí Ioncaim agus/nó an tÚdarás Rialála Carthanas a shásamh go bhfuil a ngníomhaíocht brústocaireachta ag teacht lena bpríomhchuspóirí. Má tá siad in amhras faoi cé acu atá gníomhaíocht brústocaireachta cuí nó nach bhfuil, moltar d’eagraíochtaí treoir a iarraidh ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Údarás Rialála Carthanas.

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, ní mór do dhuine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe, nó do chomhlacht ionadaitheach nó tathanta ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad, agus atá ag déanamh cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe maidir le ní iomchuí clárú agus tuairisceáin maidir le gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach. Ní ann d’aon díolúine ón gceanglas sin i gcás carthanas.

Modh nó áit na cumarsáide

Ní dhéantar aon dealú san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 maidir le modh na cumarsáide iomchuí, maidir leis an áit a ndearnadh an chumarsáid iomchuí ná maidir lena fhoirmiúla atá an chumarsáid iomchuí. Má dhéanann duine a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe maidir le ní iomchuí, is ionann é sin agus brústocaireacht agus ní mór an chumarsáid a chlárú dá bharr.

Faoin Acht, d’fhéadfaí a mheas gurb ionann agus brústocaireacht idirghníomhaíocht neamhfhoirmiúil a dhéantar go sóisialta, in áitreabh gnó nó ar an tsráid, faoi mar a mheastar gurb ionann agus brústocaireacht cruinniú a thionóltar in oifig comhairleora nó laistigh de Theach Laighin. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a mheas gur brústocaireacht atá i dtéacsanna nó i ríomhphoist a sheoladh nó sna meáin shóisialta a úsáid.

Chuir a lán daoine ceisteanna a bhain go sonrach le Twitter a úsáid. Ní mheasfaí de ghnáth gurb ionann agus brústocaireacht tvuít atá dírithe ar lucht féachana leathan agus nach bhfuil dírithe ar dhuine aonair. Mar sin féin, más rud é go seoltar tvuít chuig oifigeach poiblí ainmnithe aonair nó go bhfuil an t-oifigeach sin clibeáilte sa tvuít, d’fhéadfadh gur ghníomhaíocht inchláraithe brústocaireachta í. Bheadh sé sin ag brath ar cé acu a thagann nó nach dtagann an duine atá á seoladh faoi raon feidhme an Achta agus ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann ábhar na tvuíte le ní iomchuí.

Aighneachtaí do chomhairliúcháin phoiblí

Luaitear i bhfo-alt 5(5)(e) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil gur díolmhaithe atá “cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a fhoilsíonn sé”. Dá bhrí sin, ba dhíolmhaithe a bheadh aon aighneachtaí a dhéantar mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí fad is gurb é an comhlacht seirbhíse poiblí a d’iarr iad agus go bhfoilsíonn an comhlacht seirbhíse poiblí iad. Tá an sainmhíniú ar chomhlacht seirbhíse poiblí chun críocha na coda seo leagtha amach in alt 7 den Acht.

Chuir cláraithe imní áirithe in iúl go bhféadfadh nach mbeadh aighneacht foilsithe ag an gcomhlacht poiblí a d’iarr an chumarsáid roimh an spriocdháta le haghaidh tuairisceán maidir le gníomhaíocht brústocaireachta. Sa chás gur thug an comhlacht poiblí le fios go bhfuil rún aige na haighneachtaí a fhoilsiú, níl aon oibleagáid ar an gcláraí an chumarsáid a chur ar áireamh ina thuairisceán féin maidir le gníomhaíocht brústocaireachta. Sa chás nach eol cé acu atá nó nach bhfuil rún ag an gcomhlacht poiblí na haighneachtaí a fhoilsiú, ba cheart an méid sin a sheiceáil leis an gcomhlacht poiblí.

D’fhonn cabhrú le daoine a bhféadfadh go mbeadh oibleagáidí orthu faoin Acht, moltar do chomhlachtaí poiblí an rún atá acu a léiriú go soiléir agus iad i mbun próiseas comhairliúcháin den sórt sin.

Cé a thosaíonn an teagmháil

Is minic a dhéanfaidh oifigeach poiblí ainmnithe teagmháil le geallsealbhóir chun a thuairimí a fháil, ar bhonn foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, maidir le ní iomchuí. Ní dhéantar aon dealú san Acht maidir leis an duine a thosaíonn cumarsáid iomchuí. Más rud é go ndéanann oifigeach poiblí ainmnithe teagmháil le duine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus go ndéanann an duine sin cumarsáid iomchuí, ba ghá an chumarsáid a chlárú sa chás sin, beag beann ar cén duine a thosaigh an comhrá.

Tá sé tábhachtach dealú a dhéanamh idir na cineálacha comhairliúcháin sin agus na comhairliúcháin phoiblí fhoirmiúla dá dtagraítear thuas, áit a n-iarrann comhlacht poiblí aighneachtaí ar shaincheist ar leith agus a bhfuil rún aige na haighneachtaí sin a fhoilsiú.

An ról atá ag comhlachtaí ionadaitheacha

Foráiltear go sainráite in alt 5(2)(b) den Acht gur faoi raon feidhme an Achta a thagann comhlacht ionadaitheach – is é sin, comhlacht atá ann go príomha chun bheith ionadaitheach do leasanna a chomhaltaí agus a dhéanann cumarsáidí iomchuí thar ceann aon duine de na comhaltaí sin – sa chás go bhfuil fostaí amháin ar a laghad aige. Féadfaidh comhlachtaí ionadaitheacha tathant a dhéanamh thar ceann leasanna comhalta aonair nó thar ceann leasanna comhaltaí. Más rud é gurb é an comhlacht ionadaitheach a dhéanann an ghníomhaíocht brústocaireachta, nó gurb é an comhlacht ionadaithe a bhainistíonn nó a threoraíonn an ghníomhaíocht brústocaireachta, is ar an gcomhlacht atá an fhreagracht as clárú agus as tuairisceáin maidir lena ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach.

Más rud é go ndéanann comhalta aonair de chomhlacht ionadaitheach a ghníomhaíochtaí brústocaireachta féin nó go mbainistíonn nó go dtreoraíonn comhalta aonair gníomhaíochtaí brústocaireachta leis féin agus ar leithligh ó na gníomhaíochtaí brústocaireachta sin a dtugann an comhlacht ionadaitheach fúthu, ní mór don chomhalta measúnú a dhéanamh ar a oibleagáidí féin faoin Acht. Má thagann an comhalta faoi raon feidhme an Achta, ní mór dó clárú agus tuairisceáin ar leith maidir lena ghníomhaíochtaí brústocaireachta féin a chur isteach.

Rúndacht cliaint

Féadfaidh gairmithe ó raon leathan earnálacha cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint. I measc daoine den sórt sin, tá aturnaetha, gairmithe cánach, cuntasóirí agus sainchomhairleoirí bainistíochta. Má tá sé ag déanamh cumarsáide thar ceann cliaint, ní mór don bhrústocaire clárú agus a chliant a shainaithint ina thuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta. Níl aon díolúine ó chur i bhfeidhm an Achta ann d’aon ghairm ar leith.

Chuir roinnt daoine imní in iúl faoi cé acu atá nó nach bhfuil sé ina shárú ar rúndacht cliaint clárú agus tuairisceáin a chur isteach. Ní gá rúndacht cliaint a shárú chun comhlíonadh an Achta a áirithiú. Mar gheall ar an leibhéal faisnéise atá ag teastáil i dtuairisceán, níor cheart go mbeadh gá ann le faisnéis faoi dhíospóireacht rúnda a chur ar fáil ann. Dá dtiocfadh cás den sórt sin chun cinn, dhéanfaí measúnú air bunaithe ar na fíricí ar leith a bhaineann leis.

An ról atá ag oifigigh phoiblí ainmnithe maidir le tacú leis an Acht

Ní leagtar san Acht aon cheanglais ar oifigigh phoiblí ainmnithe clárú, tuairisceáin a chur isteach ná faisnéis atá i dtuairisceáin arna gcur isteach ag brústocairí a bhailíochtú. Mar sin féin, fuarthas moltaí, lenar áiríodh cinn ó oifigigh phoiblí ainmnithe, go bhféadfaí dearbhú breise a thabhairt maidir le cruinneas na faisnéise atá i dtuairisceán dá gceanglófaí ar oifigigh phoiblí tuairisceáin a bhailíochtú ina bhfuil siad ainmnithe mar dhaoine a ndearnadh brústocaireacht orthu.

Féadfaidh oifigigh phoiblí ainmnithe a iarraidh go gceartófaí aon fhaisnéis atá míchruinn, agus tá feidhm tuairiscithe ann ar an gclár chun é sin a chumasú. Chomh maith leis sin, féadfaidh siad roghnú clárú d’fhotha RSS (Sindeacáitiú Barrshimplí) chun nuashonruithe a fháil nuair a ainmnítear iad i dtuairisceán.

Cé nach bhfuil aon oibleagáidí foirmiúla ar oifigigh phoiblí ainmnithe faoin Acht, tá roinnt dea-chleachtas sainaitheanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá siad sin leagtha amach sna Treoirlínte d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, sna Treoirlínte do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna, agus sna Treoirlínte do Bhaill d’Údaráis Áitiúla. Tá gach ceann de na cáipéisí sin ar fáil ar www.lobbying.ie.

An ról atá ag comhlachtaí poiblí maidir le tacú leis an Acht

Ceanglaítear san Acht ar chomhlachtaí poiblí liosta dá n-oifigeach poiblí ainmnithe a fhoilsiú agus a chothabháil ar a suíomh Gréasáin. Iarradh ar gach comhlacht oifigeach um chomhlíonadh a shainaithint chun cabhrú le hobair ina leith sin. D’éirigh go geal leis sin agus téann an Coimisiún i dteagmháil le comhlachtaí poiblí chun a chinntiú go nuashonraítear a suíomh Gréasáin go rialta agus chun an Coimisiún a chumasú a bhunachar sonraí clárúcháin féin a choinneáil cothrom le dáta.

Is féidir le comhlachtaí poiblí tacú le cur chun feidhme an Achta freisin trí shainaithint a dhéanamh ar chomhlachtaí comhairleacha nó ar ghrúpaí oibre a oibríonn de réir an Chóid Trédhearcachta.

back to top