Caibidil 4: Oibríochtaí ó Thosach Feidhme
Clár Ábhar
Ceanglaítear in alt 25(2) den Acht go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh
sa tuarascáil seo, agus í i bhfoirm nach gcumasaíonn na daoine lena mbaineann a
aithint:
- Aon chinntí faoi alt 14 a rinneadh nó a bhí i bhfeidhm sa bhliain sin [iarrataí ar fhoilsiú moillithe];
- Aon imscrúduithe faoi alt 19 a críochnaíodh sa bhliain sin;
- Aon iarratais ar thoiliú faoi alt 22 [srianta iarfhostaíochta], agus na breitheanna go léir i dtaobh na n-iarratas sin,
a rinneadh sa bhliain sin;
- Aon chiontuithe i leith cionta faoi alt 20 sa bhliain sin; agus
- Aon fhógraí íocaíochta seasta a seirbheáladh faoi alt 21 sa bhliain sin.
Baineann an t-eolas seo a leanas le bliain féilire 2015. Níl aon eolas le haghaidh tuairisceán 21 Eanáir ann.
Cinntí faoi alt 14
Faoi alt 14 den Acht, féadfaidh cláraí iarratas a dhéanamh ar mhoill a chur ar fhoilsiú na sonraí ina chlárú nó ina
thuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta sa chás, maidir le haon fhaisnéis a chur ar fáil, go bhféadfaí
le réasún a bheith ag súil leis:
- go mbeadh drochéifeacht thromaí ag an gcur ar fáil sin ar leasanna airgeadais an Stáit, ar an ngeilleagar
náisiúnta, nó ar leasanna gnó i gcoitinne nó ar leasanna gnó daoine d’aon tuairisc, nó
- go mbeadh an cur ar fáil sin ina chúis le caillteanas airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis
nó go ndéanfaí dochar mór leis an gcur ar fáil sin do staid iomaíochta an duine sin i seoladh shlí bheatha, ghairm
nó ghnó an duine nó do thoradh aon chaibidlí conarthacha nó eile atá á seoladh ag an duine sin.
Sa bhliain 2015, fuarthas 7 n-iarratas ar mhoill a chur ar fhoilsiú sonraí clárúcháin. I gcás na n-iarratas sin:
- Cláraíodh cúig chinn tri dhearmad mar gheall ar mhíthuiscint ar cheanglais an Achta. Ní chun críocha an Achta
a bhí triúr ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta, agus d’iarr siad ina dhiaidh sin go mbainfí a gclárú den
chóras. Toisc gur trí dhearmad a cuireadh na cláruithe féin isteach, ní raibh aon chinneadh faoi alt 14 ag teastáil.
Baineadh na sonraí clárúcháin den chlár ansin.
- Bhain duine amháin míbhrí as feidhmiú na bhforálacha maidir le foilsiú moillithe, agus chuir siad iarratas isteach
trí dhearmad dá bharr. Toisc gur trí dhearmad a cuireadh an t-iarratas isteach, ní raibh aon chinneadh faoi alt 14
ag teastáil. Foilsíodh na mionsonraí clárúcháin ina dhiaidh sin.
- Fuarthas iarratas iarbhír amháin ar mhoill a chur ar fhoilsiú sonraí clárúcháin. Diúltaíodh don iarratas sin.
Foilsíodh na sonraí clárúcháin ina dhiaidh sin.
Sa bhliain 2015, ní bhfuarthas iarratas ar bith ar mhoill a chur ar fhoilsiú sonraí clárucháin.
Dá bhrí sin, tá cinneadh amháin déanta faoin alt seo sa bhliain 2015.
Cinntí faoi ailt 19-22
In alt 19 den Acht, tugtar d’údarás don Choimisiún imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an Acht.
Cuirtear síos ar chionta in alt 20 den Acht agus foráiltear in alt 21 d’fhógraí íocaíochta seasta a ghearradh i leith
sáruithe sonracha.
Toisc nach bhfuil forálacha imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe an Achta i bhfeidhm go fóill, lena n-áirítear iad sin
atá leagtha amach in ailt 19, 20 agus 21, níl aon rud le tuairisciú ag an gCoimisiún maidir leis na hailt sin.
Foráiltear in alt 22 den Acht do shrianta iarfhostaíochta ar chatagóirí sonracha d’oifigigh phoiblí ainmnithe.
Féadfaidh oifigeach poiblí ainmnithe iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún ar thoiliú chun na srianta sin a
tharscaoileadh nó a laghdú.
Ní bhfuarthas aon iarratais ar thoiliú faoi alt 22 ó oifigigh phoiblí ainmnithe reatha ná ó iaroifigigh phoiblí ainmnithe a
bhí ag iarraidh na srianta iarfhostaíochta a bhféadfadh go mbeidís faoina réir a tharscaoileadh nó a laghdú.
Nósanna imeachta inmheánacha agus próisis achomhairc
Chuir an Coimisiún raon de nósanna imeachta agus de phrótacail inmheánacha i bhfeidhm chun tacú le breitheanna
a thabhairt de réir na bhfreagrachtaí reachtúla atá air faoin Acht agus chun treoir a thabhairt do bhaill foirne maidir leis
na freagrachtaí atá orthu a chomhlíonadh ar bhealach cothrom, comhsheasmhach agus éifeachtúil.
Foráiltear in alt 23 den Acht d’achomhairc a dhéanamh in aghaidh breitheanna sonracha ón gCoimisiún, mar
shampla, breitheanna a bhaineann le faisnéis atá sa chlár a bhaint (alt 10(5)), iarratais ar fhoilsiú moillithe (alt 14),
agus iarratais ar shrianta marana iarfhostaíochta is infheidhme maidir le haicmí áirithe d’oifigigh phoiblí ainmnithe a
tharscaoileadh nó a laghdú (alt 22).
Chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe painéil oifigeach neamhspleách achomhairc ar bun. Beidh
siad sin in ann achomhairc a éisteacht i nGaeilge agus i mBéarla araon.
Faoin Acht, féadfaidh an t-oifigeach neamhspleách achomhairc seasadh le breith ón gCoimisiún nó í a chur ar ceal
agus breith eile a chur ina háit. Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh breitheanna ón oifigeach achomhairc
chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.
Oibriú le daoine eile
D’fhonn taithí a mhalartú agus foghlaim ón dea-chleachtas i ndlínsí eile, chuaigh an Coimisiún i mbun caidrimh le
roinnt cleachtóirí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon leis an lucht léinn in Éirinn agus thar lear:
- Thug Sherry Perreault aitheasc ag ceardlann maidir le brústocaireacht a rialáil, rud ar óstáil Ollscoil Stirling,
Albain, é i mí na Samhna. Toisc go raibh dréachtreachtaíocht brústocaireachta á breithniú sa tír ag an am, bhí
an cheardlann dírithe ar an lucht parlaiminte, ar an lucht déanta beartas agus ar an lucht léinn in Albain agus
tugadh cláraitheoirí brústocaireachta as Éirinn, as an Ríocht Aontaithe agus as an Aontas Eorpach le chéile
inti. Labhair na cláraitheoirí faoina n-eispéireas féin ar chlár gníomhaíochtaí brústocaireachta a bhunú agus a
chothabháil. I measc na gcainteoirí eile ag an ócáid, bhí saineolaí ar an ábhar ón Eagraíocht um Chomhar agus
Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus acadóirí as Albain agus as na Stáit Aontaithe.
- D’fhreagair Rúnaíocht an Choimisiúin do roinnt ceisteanna ón bhFrainc, ón Aontas Eorpach agus ó ECFE sa
bhliain freisin. I mí na Samhna, tháinig Rúnaíocht an Choimisiúin le chéile le toscaire ar cuairt ó La Haute
autorité pour la transparence de la vie publique [an tArd-Údarás um Thrédhearcacht sa Saol Poiblí].
- Chuaigh Rúnaíocht an Choimisiúin leis an Council on Governmental Ethics Laws (COGEL) [an Chomhairle um
Dhlíthe Eitice Rialtais], comhlacht idirnáisiúnta do chleachtóirí eitice, rialálaithe brústocaireachta ina measc.
Tá an comhlacht lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Soláthraíonn COGEL fóram inar féidir le comhaltaí faisnéis a
chomhroinnt, an dea-chleachtas a mhalartú agus tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil trí chomhdháil bhliantúil.