Regulation of Lobbying - Tuarascáil Bhliantúil 2015

Caibidil 3: Ullmhú le haghaidh Tosach Feidhme

Clár Ábhar

Síníodh an tAcht isteach sa dlí i mí an Mhárta 2015 agus tháinig sé i bhfeidhm ansin an 1 Meán Fómhair.

Mar gheall ar an obair ullmhúcháin a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta an 1 Meán Fómhair 2015, bhí na córais, na hacmhainní agus na tacaí riachtanacha i bhfeidhm agus i mbun feidhme roimh an tosach feidhme. Chabhraigh an obair sin freisin le feasacht mhéadaithe ar an reachtaíocht a chothú i measc cláraithe féideartha agus oifi gigh phoiblí ainmnithe.

Daoine

Cuireadh aonad rialála ar bun laistigh de Rúnaíocht an Choimisiúin. Cuireann Oifi g an Ombudsman feidhmeanna tacaíochta ar fáil don aonad, lena n-áirítear Cumarsáid, Airgeadas, Acmhainní Daonna agus Teicneolaíocht na Faisnéise. Cuireadh de chúram ar an aonad maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar riar laethúil an chláir agus an tsuímh Ghréasáin.

Ba trí phróiseas earcaíochta oscailte faoi bhainistíocht ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a líonadh an ról nua mar Cheann um Brústocaireacht a Rialáil. Chuaigh Sherry Perreault i mbun an phoist sin i mí na Bealtaine 2015. Cuimsíonn an fhoireann seisear ball foirne lánaimseartha anois.

Forbairt an tsuímh Ghréasáin agus an chláir

Ag deireadh na bliana 2014, agus de bhun próiseas iomaíoch tairisceana, bronnadh conradh ar ghnólacht seachtrach chun an suíomh Gréasáin agus an clár brústocaireachta ar líne a fhorbairt. Cuireadh an suíomh Gréasáin agus an clár araon faoi réir tástáil fhairsing inghlacthachta úsáideoirí ag baill foirne an Choimisiúin agus ag geallsealbhóirí seachtracha le linn an gheimhridh agus an earraigh chun a chinntiú go mbeadh an córas furasta le húsáid agus le nascleanúint. Críochnaíodh an clár agus an suíomh Gréasáin ansin agus seoladh iad go poiblí ag ócáid a bhí ar siúl an 30 Aibreán 2015.

Tá an suíomh Gréasáin www.lobbying.ie ar an ionad céadfhreastail d’aon duine atá ag iarraidh clárú, tuairisceáin a chur isteach nó faisnéis a chuardach faoi bhrústocaireacht a rialáil. Mar aon leis an gclár a óstáil, cuimsítear ar an suíomh Gréasáin uirlisí faisnéise agus treorach, amhail treoirlínte do dhaoine atá ag seoladh gníomhaíochtaí brústocaireachta, treoirlínte maidir le criosú agus le forbairt, agus treoirlínte atá sainoiriúnaithe do ghrúpaí oifi geach poiblí ainmnithe. Cuimsítear ar an suíomh freisin sraith físeán teagaisc ina mínítear na próisis chlárúcháin agus tuairisceáin, tuairisceáin shamplacha maidir le gníomhaíocht brústocaireachta, “ceisteanna coitianta” a nuashonraítear go rialta, agus doiciméid eile ina léirítear na gnéithe éagsúla den Acht. Tá liosta foilseacháin ar áireamh in Aguisín 1.

Agus an clár seolta ceithre mhí roimh thosach feidhme an Achta, bhí na daoine sin ar dóigh dóibh oibleagáidí a bheith orthu faoin Acht in ann clárú, bréagthuairisceáin a chruthú agus cleachtadh a fháil ar an gcóras i dtimpeallacht saor ó riosca. Ag deireadh mhí Lúnasa, tugadh rogha do na cláraithe a bhfaisnéis clárúcháin a thabhairt ar aghaidh chuig an gcóras beo nua. Scriosadh gach bréagthuairisceán ón gclár agus seoladh an córas beo i nGaeilge agus i mBéarla araon ansin an 1 Meán Fómhair.

An Grúpa Comhairleach ar Bhrústocaireacht a Rialáil

Cuireadh Grúpa Comhairleach ar bhrústocaireacht a rialáil ar bun, agus é comhdhéanta de shaineolaithe agus de gheallsealbhóirí iomchuí (féach Aguisín 2) Is é ról an Ghrúpa faisnéis agus ionchur a sholáthar ar ábhair chur chun feidhme, lena n-áirítear tástáil inghlacthachta úsáideoirí ar an gclár; feidhmiú mar fhóram réiteach fadhbanna, agus é ag sainaithint saincheisteanna, rioscaí agus bearnaí ar dóigh dóibh dul i bhfeidhm ar oibriú an chórais; agus eolas a thabhairt d’fhorbairt straitéisí cumarsáide agus ábhar, treoirlínte reachtacha ina measc, chun a chinntiú go mbíonn daoine atá faoi réir an Achta ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí. Bhí ionchur ó chomhaltaí den Ghrúpa ríthábhachtach maidir le cabhrú leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na príomh-shaincheisteanna cur chun feidhme a tháinig as bunú an chláir.

De réir alt 5(7) den Acht, d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Trédhearcachta, ina leagtar amach conas a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí iomchuí áirithe, amhail grúpaí comhairleacha aireachta, a gcuid gníomhaíochtaí a sheoladh ar bhealach trédhearcach. Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta sin, tagann cumarsáidí leis na comhlachtaí sin faoin eisceacht, atá leagtha amach in alt 5(5)(n) den Acht, ón gceanglas a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus tuairisc a thabhairt orthu.

Dá réir sin, chloígh an Coimisiún le ceanglais an Chóid Trédhearcachta agus foilsíodh an fhaisnéis riachtanach faoin nGrúpa Comhairleach ar an suíomh Gréasáin www.lobbying.ie.

Cumarsáidí agus for-rochtain

Rinneadh straitéis fhairsing cumarsáide agus for-rochtana a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a chinntiú go mbeadh gach duine a bhféadfadh go mbeadh oibleagáidí orthu faoin Acht nó a bhféadfadh go mbeadh leas acu san Acht ar an eolas faoi fhorálacha an Achta. I measc na ngníomhaíochtaí for-rochtana ar tugadh fúthu, bhí roinnt láithreoireachtaí éagsúla a soláthraíodh do ghrúpaí geallsealbhóirí ar fud na hÉireann, lenar áiríodh gnóthais agus cumainn ghnó, carthanais, agus comhlachtaí ionadaitheacha agus tathanta.

Soláthraíodh láithreoireachtaí do ghrúpaí oifigeach poiblí ainmnithe freisin, lenar áiríodh: Comhaltaí den Dáil agus den Seanad, comhaltaí, bainisteoirí agus baill foirne de chuid údarás áitiúil, agus roinnt foirne bainistíochta ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí éagsúla. Cé nach bhfuil aon oibleagáidí ar oifigigh phoiblí ainmnithe faoin reachtaíocht, is amhlaidh go bhfuil leas acu sa chlár toisc go mbeidh siad ainmnithe mar dhaoine a ndearnadh brústocaireacht orthu i dtuairisceáin maidir le gníomhaíocht brústocaireachta. Iarraimid ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad féin a chur i láthair mar oifigigh phoiblí ainmnithe agus iad ag déanamh cumarsáid le daoine a ndéanann brústocaireacht orthu. Cuirfidh sé sin le feasacht ar an Acht agus cabhróidh sé le daoine atá ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta tuairisceáin chruinne a chur isteach.

I measc na ngníomhaíochtaí eile for-rochtana a bhí ann, bhí láithreacht ar Twitter a bhunú ar mhaithe le haird a tharraingt ar eachtraí, ar dhátaí agus ar chlocha míle suntasacha. Rinneadh roinnt alt maidir le brústocaireacht a rialáil a chur isteach lena bhfoilsiú i roinnt nuachtán agus irisleabhar. Seoladh comhfhreagras chuig níos mó ná 2,000 ceann de chomhlachtaí earnála poiblí agus de chomhlachtaí earnála príobháidí agus chuig an 1,000 cuideachta is mó in Éirinn chun iad a chur ar an eolas faoin Acht agus faoi na hoibleagáidí a ghabhann leis. Ar deireadh, seoladh feachtas náisiúnta fógraíochta i mí Mheán Fómhair, agus é mar aidhm leis feasacht ghinearálta a mhúscailt ar an Acht.

Uirlisí faisnéise agus acmhainní

In alt 17 den Acht, tugtar d’údarás don Choimisiún treoir a eisiúint maidir leis an Acht. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a chur ar fáil freisin d’fhonn feasacht faoin Acht agus tuiscint air a chur chun cinn.

D’fhoilsigh an Coimisiún sraith treoirlínte atá sainoiriúnaithe do pháirtithe éagsúla a bhfuil leas acu san Acht: Áiríodh iad seo a leanas leis na treoirlínte a foilsíodh ar an suíomh Gréasáin i mí Lúnasa 2015:

  • Treoir d’Oifi gigh Phoiblí Ainmnithe,
  • Treoir do Bhaill d’Údaráis Áitiúla,
  • Treoir do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna,
  • Treoirlínte do dhaoine atá ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na Treoirlínte maidir leis an mbrústocaireacht i dtaca le criosú agus le forbairt.

Foilsíodh raon faisnéise cabhrach eile ar an suíomh Gréasáin freisin, lenar áiríodh ceisteanna coitianta, tuairisceáin shamplacha, físeáin treorach, agus Tástáil Trí Chéim, lena gcabhraítear le daoine a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht a bhfuil siad ag gabháil di ina gníomhaíocht brústocaireachta.

back to top