Foráiltear leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go dtagann duine faoi raon feidhme an Achta sa chás go ndéanann sé cumarsáid le hoifi geach poiblí ainmnithe maidir le ní iomchuí. Ní mór d’aon duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta clárú agus tuairisceáin rialta ar líne maidir le gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach.
Is córas Gréasánbhunaithe atá sa chlár féin. Ní ghearrtar aon chostas i leith clárú, tuairisceáin a chur isteach ná teacht ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar an gclár. Cé go bhfuil sé de fhreagracht ar an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar bhunú agus ar chothabháil an chláir, bíonn ábhar an chláir faoi réir na faisnéise a thugtar i sonraí clárúcháin na gcláraithe agus sna tuairisceáin a chuireann siad isteach.
Áirítear iad seo a leanas leis na daoine a thagann faoi raon feidhme an Achta:
Áirítear le hoifi gigh phoiblí ainmnithe Airí agus Airí Stáit, Comhaltaí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann, Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa do thoghlaigh in Éirinn, agus Comhaltaí d’Údaráis Áitiúla. Áirítear leo freisin Comhairleoirí Speisialta agus na státseirbhísigh agus na seirbhísigh phoiblí is sinsearaí arna n-ainmniú mar oifi gigh phoiblí ainmnithe le hordú ón Aire.
Is é is ní iomchuí ann aon ní a bhaineann le haon bheartas poiblí nó le haon chlár poiblí a thionscnamh, a fhorbairt nó a mhodhnú, le hachtachán a ullmhú, nó le dámhachtain aon deontais, iasachta nó tacaíochta airgeadais eile, aon chonartha nó comhaontaithe eile, nó aon cheadúnais nó údaraithe eile lena ngabhann cistí poiblí. Is cumarsáidí iomchuí iad nithe a bhaineann le criosú talún agus le forbairt talún. Foráiltear san Acht do roinnt díolúintí maidir le nithe a meastar gur nithe iomchuí iad. Tá na díolúintí sin leagtha amach in alt 5(5) den Acht.
Ní mór d’aon duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta clárú agus tuairisceáin a chur isteach trí huaire in aghaidh na bliana, ina gcuimsítear na tréimhsí forordaithe tuairiscithe (1 Eanáir – 30 Aibreán, 1 Bealtaine – 31 Lúnasa, agus 1 Meán Fómhair – 31 Nollaig). Ní mór na nithe seo a leanas a léiriú sa tuairisceán: cé hé a ndearnadh brústocaireacht air; ábhar na gníomhaíochta brústocaireachta agus na torthaí a bheartaigh an brústocaire a bhaint amach léi; cineál agus méid na gníomhaíochta; ainm an duine san eagraíocht brústocaireachta atá nó a bhí ina oifi geach poiblí ainmnithe agus a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta; agus, más iomchuí, faisnéis faoi aon chliant a bhfuil an brústocaire ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta thar a cheann.
Chomh maith leis sin, foráiltear san Acht go bhfuil aicmí sonracha oifi geach poiblí ainmnithe (mar shampla, Airí den Rialtas agus Airí Stáit, comhairleoirí speisialta, seirbhísigh phoiblí agus státseirbhísigh) faoi réir tréimhse mharana iarfhostaíochta aon bhliana, tréimhse nár cheart dóibh dul i mbun gníomhaíochtaí sonracha brústocaireachta lena linn.
Cé go gcuimsítear san Acht roinnt forálacha imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe, ní bheidh éifeacht leis na forálacha sin go dtí aon bhliain amháin tar éis an dáta a tháinig an tAcht i bhfeidhm. Ba ar oideachas, ar fhor-rochtain agus ar chomhlíonadh a spreagadh a díríodh sa chéad bhliain.
Ar deireadh, foráiltear san Acht d’athbhreithniú reachtach a dhéanamh bliain amháin tar éis an dáta a tháinig an tAcht i bhfeidhm. Is é an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a stiúrfaidh an t-athbhreithniú. Féadfaidh sé breithniú a dhéanamh ar leasuithe féideartha ar an Acht ina dhiaidh sin.
Tugadh trí ionstraim reachtúla isteach faoin Acht, ba iad sin:
Sonraítear sna Rialacháin maidir le hOifi gigh Phoiblí Ainmnithe na róil i gcomhlachtaí poiblí ainmnithe a measfar gur oifi gigh phoiblí ainmnithe iad chun críocha an Achta.
Ar deireadh, forordaítear sna Rialacháin maidir le hAchomhairc an próiseas trína bhféadfar achomhairc a dhéanamh in aghaidh cinntí ón gCoimisiún faoi fhorálacha sonracha an Achta.
Leagtar amach san Acht an ról atá ag an gCoimisiún maidir leis an gClár Brústocaireachta a riar. Foráiltear leis an reachtaíocht go ndéanfaidh an Coimisiún Clár Brústocaireachta poiblí Gréasánbhunaithe a bhunú agus a mhaoirsiú. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta, cuirfi dh sé treoir agus cúnamh ar fáil agus, nuair is gá, imscrúdóidh sé sáruithe ar cheanglais dhlíthiúla agus leanfaidh sé díobh in am trátha. Déantar foráil san Acht freisin go ndéanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas: