Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifi gí Poiblí is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifi gí Poiblí (an Coimisiún). Tá seisear comhaltaí ann agus tá sé faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, iarBhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Suas go dtí an bhliain 2015, bhí róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún faoi cheithre phíosa reachtaíochta ar leith, ba iad sin:
Mar aon le maoirseacht a dhéanamh ar nochtadh leasanna, ar chomhlíonadh ceanglas imréitigh cánach, ar nochtadh síntiús agus caiteachais toghcháin agus ar an dóigh a gcaitheann páirtithe polaitíochta an maoiniú a fhaigheann siad ón Stát, feidhmíonn an Coimisiún mar Chláraitheoir brústocaireachta, agus an Clár Brústocaireachta á mhaoirsiú aige. Cuireann Oifi g an Ombudsman foireann rúnaíochta ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifi gí Poiblí.
I mí an Mheithimh 2016, déanfar tuarascáil bhliantúil ar leith don bhliain 2015 maidir leis an dóigh ar riaradh na róil eile atá ag an gCoimisiún a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna an Choimisiúin a fhail anseo:
http://www.sipo.gov.ie/en/About-Us/Our-Functions/.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi rialáil na brústocaireachta a fhail anseo: www.lobbying.ie.