Réamhrá leis an gCathaoirleach
In imeacht na mblianta, tá an-chuid moltaí déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh leasuithe ar an reachtaíocht Toghcháin agus ar an reachtaíocht um Eitic araon. Tá roinnt de na moltaí sin curtha chun suntais arís in Aguisín 1 a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo. Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin fáilte roimh na tograí atá i gClár an Rialtais um Théarnamh Náisiúnta 2011 - 2016 le haghaidh athruithe fadréimseacha sa dá réimse lena dtabharfar aghaidh ar go leor de na nithe atá ina n-údar imní don Choimisiún.
Cuimsíonn an reachtaíocht um Eitic idir na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí agus an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 agus is reachtaíocht chasta í ina bhfuil go leor aimhrialtachtaí. Mar shampla, foráiltear le Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, lena bpléitear leis an gcreatleach eitice do chomhaltaí agus d’fhostaithe na n-údarás áitiúil, le haghaidh raoin leathain de chionta i gcás go sárófar ceanglais áirithe atá san Acht, mar shampla, i gcás go dteipfidh ar dhuine leas inchláraithe a nochtadh. I gcodarsnacht leis sin, ní fhoráiltear sna hAchtanna um Eitic le haghaidh smachtbhannaí coiriúla i gcás go sárófar ceanglais chomhchosúla.
Thairis sin, ní shonraítear aon mheicníocht shoiléir le gearán a dhéanamh i gCuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil agus is údar mearbhaill agus frustrachais é sin do dhaoine den phobal a thagann ar an eolas faoi ghníomhaíocht mhíchuí sa rialtas áitiúil. Cuireadh fabhtanna sa mheicníocht maidir le gearáin chun suntais i gcás a bhain le gearán i gcoinne fostaí de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo a dtugtar níos mó sonraí ina thaobh níos déanaí sa tuarascáil seo. Tar éis don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh sa chás seo, scríobh mé chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi mheicníocht shonrach maidir le gearáin a bheith in easnamh agus faoi nithe eile a bhí ina n-údar imní don Choimisiún agus a tháinig chun cinn de bharr an cháis.
Rud mór atá ina údar imní de bharr an cháis sin i Maigh Eo ab ea go raibh taifid a bhain le húsáid a baineadh as cistí suntasacha poiblí go hiomlán in easnamh. Níor cheart go gcuirfí suas le fíor-dhroch-chleachtais dá leithéid agus caithfear déanamh fíorchinnte nach dtarlóidh a leithéid in aon áit choíche arís. Dá réir sin, d’iarr mé ar an Aire go ndéanfaí athbhreithniú ar bhonn náisiúnta ar an úsáid a bhaineann comhaltaí na n-údarás áitiúil as cistí lánroghnacha d’fhonn a chinntiú go n-úsáideann údaráis áitiúla cistí poiblí, atá tearc go leor, ar mhaithe le leas an phobail, agus ní ar mhaithe le leas daoine príobháideacha, cibé acu an fostaithe údaráis áitiúil atá i gceist, comhaltaí údaráis áitiúil nó aon daoine eile.
In 2008, mhol an Coimisiún don Aire Airgeadais, atá freagrach as an Reachtaíocht um Eitic, go leasófaí an dlí chun a chumasú don Choimisiún suí chun imscrúdú a éisteacht nó chun críocha cinnidh a bhaineann le himscrúdú, agus córam idir 3 agus 6 chomhalta den Choimisiún i láthair. Éilítear leis an dlí atá i réim faoi láthair go mbeidh 6 chomhaltaí uile an Choimisiúin i láthair le haghaidh suíonna dá leithéid. Ní ionann é sin agus an nós atá ann le haghaidh ghnáthchruinnithe den Choimisiún, mar ar leor córam de 3 chomhaltaí. Mar gheall go bhfuil ualaí troma oibre ar chomhaltaí ex officio an Choimisiúin cheana féin - an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman agus Cléirigh Dháil agus Sheanad Éireann – a thagann de bharr a gcuid dualgas oifigiúil, bíonn sé an-deacair, uaireanta gan ach fíorbheagán d’fhógra a thabhairt do na comhaltaí, dátaí agus amanna a aimsiú a mbeidh na comhaltaí ar fad saor le freastal ar chruinnithe. Is mó a thiocfadh a leithéid de laghdú ar líon na gcomhaltaí a bheadh éigeantach, leis na héilimh reatha atá ann maidir leis an éifeachtúlacht a chinntiú cibé huair is féidir.
Maidir leis an gceanglas go bhfreastalóidh seisear comhaltaí uile an Choimisiúin ar shuí le himscrúdú a éisteacht, d’fhéadfadh moilleanna teacht dá bharr sin maidir le himscrúduithe a thabhairt chun críche; níl sé sin ceart ná cóir d’aon duine a bhíonn i gceist leis na himscrúduithe sin, gan trácht ar an duine a bhfuil gearán déanta ina choinne nó ina coinne. D’fháilteodh an Coimisiún roimh chomhartha go bhfuiltear ag cuimhneamh go fabhrach ar an moladh a rinne sé in 2008. D’fhéadfadh an t-am a bheith áisiúil fosta le socruithe a dhéanamh le haghaidh bealaí eile imscrúdaithe, a bheidh níos solúbtha, go háirithe do chásanna mionchúiseacha, agus an éisteacht phoiblí iomlán a fhágáil le haghaidh cásanna níos tromchúisí.
Tá neamhspleáchas an Choimisiúin faoi shainordú de bharr reachta – foráiltear le halt 33 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 go mbeidh an Coimisiún agus a chomhaltaí neamhspleách agus a bhfeidhmeanna faoin reachtaíocht á bhfeidhmiú acu. Cuirtear tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin ar fáil don Aire Airgeadais, áfach, a chaithfidh an tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas faoi cheann 2 mhí. Is é an gníomh sin ó thaobh an tuarascáil a leagan faoi bhráid an Tí a spreagann foilsiú agus scaipeadh na tuarascála chuig comhaltaí an Oireachtais agus chuig an bpobal. Ní bhíonn smacht ag an gCoimisiún mar sin ar dháta foilsithe a thuarascála féin mar sin agus ní cuí a leithéid do chomhlacht neamhspleách. Aithnítear é sin sna hAchtanna Toghcháin sa mhéid go dtuairiscíonn an Coimisiún chuig an Oireachtas agus ní chuig an Aire. I gcodarsnacht leis an gCoimisiún, cuireann sealbhóirí oifige neamhspleácha, amhail an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an tOmbudsman, a gcuid tuarascálacha faoi bhráid an Oireachtais go díreach. Creideann an Coimisiún gur cheart go dtuairisceodh sé chuig an Oireachtas go díreach freisin faoi na hAchtanna um Eitic.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo Chomhchoimisinéirí as a rannchuidiú i rith na bliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann ár rúnaíochta agus lenár rúnaí freisin as a bheith chomh héifeachtúil, diongbháilte agus tiomanta dá n-obair i rith 2010.