An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Caibidil 2 - An Eitic

Clár

An tIonracas a Chinntiú sa tSeirbhís Phoiblí

Tá muintir na hÉireann i dteideal a bheith ag súil leis go mbeidh cinntí a dhéanfar inár n-ainm bunaithe ar fhiúntais an cháis agus nach beifear ag taobhú le haon leas príobháideach leis na cinntí sin. I measc na n-eilimintí atá riachtanach lena chinntiú go mbeidh sé sin amhlaidh tá creatlach ionracais láidir éifeachtach d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus d’ionadaithe poiblí. Bíonn creatlach den sórt sin ag brath ar ráiteas soiléir a bheith ann maidir le prionsabail eitice, arna mhionléiriú i gcás gur gá le rialacha cuí. Bíonn an chreatlach ag brath ar thiomantas láidir a bheith ag ceannairí polaitíochta agus ag lucht na seirbhíse poiblí freisin do bheith ag cinntiú go gcloífear leis na caighdeáin eitice is airde. Ar deireadh, ní mór aon chás ina dteipeann ar dhuine déanamh de réir na gcaighdeán sin a imscrúdú go héifeachtach.

Ag Nochtadh Gníomhartha Éigearta

Bíonn creatlach éifeachtach imscrúdúcháin ag brath ar fhianaise a bheith ar fáil go ndearnadh gníomh éigeart.

Ar an gcúis sin, tugtar cumhachtaí leathana do chomhlachtaí imscrúdúcháin cosúil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil le fianaise a fhionnadh, ráitis a ghlacadh ó fhinnéithe, srl. Ní féidir cumhachtaí den sórt sin a úsáid go dlisteanach áfach ach amháin i gcás go mbeidh údar ann le hiad a úsáid. Bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin an cheist i dtuarascálacha bliantúla roimhe seo maidir leis an bhfáth gur beag fós líon na ngearán a fhaigheann sé faoi na hAchtanna um Eitic. Chuaigh sé i mbun tuairimíochta maidir leis na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis sin -

  • castacht na reachtaíochta, go háirithe na forálacha a bhaineann le gearáin faoi “ghníomh sonraithe”,
  • leibhéal íseal feasachta ar phrionsabail na gcód iompraíochta éagsúil,
  • easpa fianaise atá ar fáil go poiblí maidir le daoine nár chomhlíon a n-oibleagáidí, i bhfianaise na bhforálacha srianta is infheidhme i gcuid mhaith cásanna faoi na hAchtanna um Eitic um nochtadh, nó
  • b'fhéidir nach sáraítear na hAchtanna um Eitic rómhinic.

Is amhlaidh fosta áfach gur cuid mhór den chúis nach ndéantar ach leibhéal íseal gearán ná go mbíonn eagla ar na daoine, a d’fhéadfadh gníomh éigeart a nochtadh, faoina bhféadfadh tarlú dóibh má thuairiscíonn siad an gníomh éigeart sin. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh freisin, de bharr gur tugadh cosaint do dhaoine a nochtann gníomh éigeart isteach ina píosaí anseo is ansiúd, go bhfuil mearbhall ar dhaoine an bhfuil an chosaint sin ar fáil nó go deimhin an fíor go bhfuil aon rún daingean ann le hiad a spreagadh le teacht chun tosaigh. Tá an-suim ag an bpobal a chinntiú go spreagfar daoine atá ar an eolas faoi ghníomhartha éigearta leis na cásanna sin a thuairisciú do na húdaráis chuí.

Bíonn straitéisí rathúla frithchaimiléireachta agus leis an dlí a fhorfheidhmiú ag brath, cuid mhór, ar dhaoine a bheith toilteanach faisnéis a sholáthar agus/nó fianaise a thabhairt. Tugtar ‘whistleblowers’ orthu i mBéarla agus is daoine iad a chuireann an pobal nó na húdaráis ar an eolas faoi idirbhearta cama atá feicthe nó nochta acu. Is minic a bhíonn cosaint ag teastáil ó na daoine sin ó na daoine a nochtann siad. Tagraíonn cosaint do dhaoine a nochtann gníomhartha éigearta, mar sin, do na bearta (bearta riaracháin nó reachtaíochta) a dhéantar chun cosaint a thabhairt do na daoine sin ar fhrithbhearta fisiciúla, sóisialta agus eacnamaíochta. (Corruption glossary, www.u4.no)

Is é seo a leanas an sainmhíniú a thugann Transparency International ar whistleblowing - Faisnéis a nochtadh faoi ghníomh éigeart in eagraíocht, nó an baol go ndéanfar gníomh éigeart, a fheictear a bheith ann do dhuine nó d’aonáin a chreidtear a bheidh in ann gníomh a chur i gcrích ina leith.

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire, mar fhreagairt ar líomhaintí faoi ghníomhartha éigearta a bheith déanta in FÁS, gur thug an rialtas cosaint do dhaoine a nochtann ghníomhartha éigearta faoin Acht um Áiseanna Saothair (Leasú) 2009. Tugann sé dá aire freisin gur fhoilsigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i mí an Mhárta 2010 scéim Bille chun Méara agus Údarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath a bhunú lena dtabharfaí isteach, inter alia, cosaint do dhaoine a thuairisceoidh do chláraitheoir eitice cásanna ina líomhnófar gur sáraíodh an Chreatlach um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil. D’iarr an Coimisiún um Chaighdeáin na forálacha sin den chéad uair sna tuairimí a thug sé ar an dréachtchód iompraíochta d’fhostaithe na n-údarás áitiúil in 2004. Cé gur chóir fáilte a chur roimh na forbairtí iontu féin, ní théitear sách fada leis na forálacha sin sa chaoi is go dtabharfar aghaidh ar an gcultúr atá ann go bhfeictear i roinnt réimsí gur gníomhaíocht dhoghlactha í gníomhartha éigearta a nochtadh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go dtugtar díolúine do dhaoine a dhéanann gearán leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic. I gcás go ndéanann gearánaí gearán faoi na hAchtanna um Eitic de mheon maith nó i gcás ina gcreideann sé nó sí le réasún go bhfuil an gearán déanta leis an duine cuí agus gur ceann é a bheidh le himscrúdú faoi na hAchtanna um Eitic, foráiltear sa reachtaíocht -

ní bheidh cúis le haon chaingean in aghaidh an duine, agus ní dhéanfar aon ghníomh araíonachta ina choinne ná ina coinne, i leith aon chinn díobh seo a leanas, nó in aon ní a éiríonn-

  1. as an ngearán,
  2. as faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún, do Choiste, do Chléireach nó d’oifigeach fiosrúcháin i ndáil leis an ngearán,
  3. as feidhmiú feidhme dá chuid nó dá cuid ag an gCoimisiún, ag Coiste, ag Cléireach nó ag oifigeach fiosrúcháin faoi [na hAchtanna um Eitic] i ndáil leis an ngearán.

Measann an Coimisiún um Chaighdeáin áfach gur gá an díolúine a sholáthraítear a láidriú i gcomhthéacs dlí cuimsithseach lena ndéanfaí socrú chun díolúine a thabhairt do dhaoine a nochtann gníomh éigeart agus socrú chun an gníomh éigeart sin a nochtadh do na húdaráis chuí ar mhaithe le leas an phobail.

D’fhoilsigh Transparency International (TI) Ireland staidéar náisiúnta i mí Eanáir 2010, mar chuid de staidéar a mhaoinigh an Coimisiún Eorpach faoin gcosaint a thugtar do dhaoine a nochtann gníomhartha éigearta i ndeich dtír san Eoraip. Fuarthas leis an staidéar go bhfuil an-chuid lochtanna ar fad ar an gcur chuige atá i réim in Éirinn. Tagraíodh sa staidéar don chur chuige a fágadh gur tugadh an chosaint isteach ina píosaí anseo is ansiúd agus rinneadh an pointe ann go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha ann idir na cosaintí a thugtar le hAchtanna difriúla. Dúradh sa staidéar -

Maidir leis na forálacha atá níos sriantaí, is rímhór an locht orthu nach cosúil, ar an gcéad radharc, go gcuimsíonn siad cuid shuntasach de raon na ngníomhartha agus na neamhghníomhartha a bhíonn le feiceáil agus daoine ag imirt díoltais ar dhaoine a nochtann gníomhartha éigearta. Is é an fhoráil atá sna hAchtanna um Eitic an fhoráil is laige – ní thugann sé cosaint ach ar “beart araíonachta [foirmiúil]" do dhuine a nochtann gníomh éigeart. Le forálacha eile, cuirtear toirmeasc ar an bhfostóir pionós a imirt ar an bhfostaí: d'fhéadfaí léirmhíniú sách teoranta a thabhairt ar an leibhéal cosanta sin agus a rá nach mbaineann sé ach le smachtbhanna foirmiúil ar an bhfostaí. Ba cheart go mbreathnófaí ar na cosaintí a thugtar leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus leis an Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) mar an eiseamláir toisc go bhfuil bonn sách leathan ag gabháil leo sa chaoi is go gcuimseofaí láithreach go leor den bheartaíocht a d’imreofaí ar dhaoine a nochtann gníomhartha éigearta amhail “white-walling” (gan aon obair a thabhairt don fhostaí) nó ragobair agus sochair a bhíodh ar fáil roimhe a dhiúltú don duine, nithe a d’fhéadfaí a rá nach bhfuil cuimsithe leis na sainmhínithe atá níos sriantaí. (Transparency Interantional Ireland - Whistleblower Protection Assessement Ireland)

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an tuarascáil ó TI agus tacaíonn lena mholadh go dtabharfaí dlí cuimsitheach isteach mar ábhar práinne maidir le gníomhartha éigearta a nochtadh ar mhaithe le leas an phobail chomh maith le cosaint do dhaoine a dhéanann amhlaidh. Chomh maith leis na cosaintí sonracha a thabharfaí ach sin a dhéanamh, bheadh comhartha soiléir á chraobhscaoileadh le beart den sórt sin nach bhfuiltear le cur suas le daoine a bheith i mbun gníomhartha éigearta agus go bhfuiltear le daoine a spreagadh go láidir le cásanna dá leithéid a thuairisciú de mheon maith.

Oifigeach Fiosrúcháin

Saincheist ghaolmhar ná acmhainn na gcomhlachtaí imscrúdúcháin lena gcuid imscrúduithe a dhéanamh ar bhealach lena bhfaighfear amach na fíricí sa chaoi is gur féidir gníomhartha éigearta a nochtadh. Ceann de láidreachtaí na nAchtanna um Eitic ná an chumhacht a thugtar don Choimisiún um Chaighdeáin, in Acht 2001, chun Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun cabhrú leis, trí réamhscrúdú a dhéanamh, nuair a bhíonn sé ag breithniú cibé acu an bhfuil bonn le gearán go dtionscnófaí imscrúdú foirmiúil ina leith.

Déantar socrú sna hAchtanna um Eitic maidir le próiseas lena mbaineann dhá chéim chun gearáin a scrúdú -

(a) breithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin cibé acu an bhfuil údar ann le himscrúdú agus
(b) má bhíonn údar ann le himscrúdú, déantar imscrúdú iomlán foirmiúil ina n-éistfear fianaise go poiblí mar chuid de agus ina mbreithneofar fianaise dhoiciméadach ábhartha.

Roimh Acht 2001, bhí ar an gCoimisiún féin fianaise agus ráitis ábhartha a chruinniú ó dhaoine ábhartha agus a bhreith maidir le cibé acu an dtionscnófaí imscrúdú a bhunú ar an bhfianaise nó ar na ráitis a cruinníodh. Rinneadh socrú in Acht 2001 chun Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh a chabhródh leis an gCoimisiún agus gearán á bhreithniú ar dtús aige le cinneadh cibé acu an raibh údar ann le himscrúdú agus le bonn daingean a sholáthar ó thaobh fianaise le cinneadh den sórt sin.

Tugtar na cumhachtaí seo a leanas don Oifigeach Fiosrúcháin le hAcht 2001 -

  • fianaise an ghearánaí nó ó dhuine ábhartha ar bith eile a fháil;
  • an fhianaise sin a chur os comhair an duine is ábhar don ghearán;
  • ligean don duine is ábhar do ghearán ráiteas a dhéanamh;
  • agallaimh a dhéanamh leis an ngearánaí agus leis an duine is ábhar don ghearán;
  • iarraidh ar an duine aon cháipéis ábhartha atá i seilbh nó faoi rialú an duine a thabhairt ar aird; agus
  • tuairisc a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin i scríbhinn.

Ní bheadh aon chinntí nó torthaí de bharr an fhiosrúcháin sa tuairisc ach, dá n-iarrfadh an Coimisiún amhlaidh, léireofaí tuairim an Oifigigh Fiosrúcháin sa tuairisc maidir le cibé acu an raibh fianaise prima facie ann mar bhonn leis an ngearán. Bheadh an Coimisiún i riocht cinneadh a dhéanamh ansin maidir le cibé acu an raibh údar ann le himscrúdú a dhéanamh faoin ngearán.

Tá an chumhacht le hOifigeach Fiosrúcháin a cheapadh tábhachtach sa chaoi is go gcinnteofar nach ndéanfaidh an Coimisiún imscrúdú foirmiúil iomlán faoi ghearáin ach amháin sa chás go mbeidh fíorúdar ann le hamhlaidh a dhéanamh.

I dtuarascálacha bliantúla ó 2004 i leith, tá an pointe déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin nach féidir leis Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh ach amháin sa chás go mbeidh gearán faighte aige.Tá an moladh déanta aige go dtabharfaí de chumhacht dó Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun cabhrú leis a bhreithniú cibé acu an bhfuil údar ann le himscrúdú i gcás nach bhfuil aon ghearán faighte.

Cé go bhfuil a mholadh agus an bonn atá leis leagtha amach ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ina chuid tuarascálacha bliantúla, ar an drochuair, bhí míthuiscint ann i gcónaí maidir leis an seasamh sin i dtráchtaireacht phoiblí faoin ábhar. I ndíospóireachtaí Dála maidir leis an tsaincheist sin, pléadh é ar an mbonn go raibh an Coimisiún ag moladh go dtabharfaí de chumhacht dó imscrúduithe a thionscnamh agus gan gearán a bheith déanta. Ó achtaíodh an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, bhí sé de chumhacht ag an gCoimisiún cásanna a imscrúdú i gcás gearán a bheith faighte aige agus chomh maith leis sin "nuair is cuí leis an gCoimisiún amhlaidh a dhéanamh...". Mar sin, bhí an chumhacht le tús a chur le himscrúdú ar a chonlán féin agus gan gearán a bheith déanta tugtha ag an Oireachtas don Choimisiún cheana féin.

Aithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin an fhreagracht atá leagtha air leis na hAchtanna ina leith sin chomh maith leis an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ar dhuine a gcuirtear ina leith gur sháraigh sé nó sí na hAchtanna um Eitic dá dtionscnófaí imscrúdú foirmiúil. Ní dhéanfadh sé amhlaidh ach amháin sa chás go raibh fianaise prima facie ann mar údar leis an imscrúdú a thionscnamh. D’fhéadfadh an tOifigeach Fiosrúcháin an fhianaise sin a sholáthar i gcás go mbeidh fianaise den sórt sin ann, is léir gur ar mhaithe le leas an phobail go ndéanfaí imscrúdú iomlán faoin ábhar, is cuma cé acu an bhfuil gearán déanta nó nach bhfuil. I gcodarsnacht leis an méid a mhaíonn daoine áirithe, is é sin, má bhíonn scéal sách tábhachtach don phobal, go ndéanfaidh tríú páirtí nó páirtí a dtéann an scéal sin i bhfeidhm air gearán, tá an Coimisiún sásta nach amhlaidh a bheidh i gcónaí.

Dá mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin nó comhlachta eile Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh, bheifí in ann scéal a mbaineann tábhacht shuntasach leis don phobal a scrúdú ar bhealach éifeachtúil, tíosach agus éifeachtach lena soiléireofaí na ceisteanna a bhaineann leis an scéal agus lena soláthrófaí bonn daingean le haghaidh aon chinnidh a dhéanfadh an Coimisiún maidir le himscrúdú a thionscnamh. Is é an próiseas a gcaithfear cloí leis faoi láthair ná go mbreithníonn comhaltaí uile an Choimisiúin scéal, déanann siad cinneadh ag gach céim maidir leis an gcéad ghníomh eile a dhéanfar, cinneann siad faisnéis, fianaise, srl. a lorg ó dhuine nó ó chomhlacht, tugann siad ordú go bhfionnófar cáipéisí má mheastar go bhfuil údar leis sin agus téann siad ar aghaidh le cinneadh a dhéanamh ansin maidir le cibé acu an bhféadfadh an reachtaíocht um eitic a bheith sáraithe ag duine nó 'gníomh sonraithe' a bheith déanta aige nó aici.

Toisc nach bhfuil ach ceathrar comhaltaí ex-officio aige, fágann comhdhéanamh an Choimisiúin nach éasca dó an próiseas sin a chur i gcrích go gasta. I gcásanna inar cheap sé Oifigeach Fiosrúcháin chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh maidir le fíricí gearáin, bíonn an próiseas i bhfad níos éifeachtúla agus soláthraítear bonn daingean le tuairisc an Oifigigh Fiosrúcháin ar bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhfuil fianaise prima facie ann gur sáraíodh an tAcht nó go ndearnadh 'gníomh sonraithe'. Níl i gceist le moladh an Choimisiúin ach go mbeadh macasamhail an phróisis éifeachtúil sin ann chun cabhrú leis agus é i mbun na ndualgas reachtúil atá air cheana féin le breithniú cibé acu ar chuí tabhairt faoi imscrúdú in ainneoin gan gearán a bheith déanta.

Cuireadh chun suntais de bharr cásanna a bhí ann roimhe seo go bhfuil bac ar an gCoimisiún na feidhmeanna a tugadh dó a fheidhmiú maidir le himscrúdú a thionscnamh ar a chonlán féin i gcomparáid lena chumhachtaí i gcás go bhfuil gearán déanta. Creideann an Coimisiún i gcónaí gur cheart deireadh a chur leis an aimhrialtacht sin mar ábhar práinne.

Creatlaí um Eitic arb Ionann a bhForálacha

Is údar imní don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuil líon na bhforálacha reachtúla a bhaineann le leasanna a nochtadh ag dul i méad go gasta i reachtaíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí aonair, a bhíonn faoi réir fhorálacha ar leithligh na nAchtanna um Eitic freisin. Tá sé tugtha dá aire aige, ó achtaíodh an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, gur tugadh reachtaíocht isteach chun socrú a dhéanamh maidir le hoibleagáidí ar leithligh go nochtófaí leasanna i mbreis is caoga comhlacht poiblí. Is éard atá i gceist leis na hAchtanna um Eitic go soláthrófaí creatlach shoiléir chuimsitheach le haghaidh leasanna a bheith á nochtadh ag oifigigh phoiblí. Ní aon chúnamh leis an sprioc sin a bhaint amach go n-achtaítear reachtaíocht a bhaineann le roinnt comhlachtaí poiblí, ach nach mbaineann leo ar fad, agus arb ionann a forálacha agus forálacha na nAchtanna um Eitic. Is é an impleacht a d’fhéadfadh a bheith leis sin go measann an tOireachtas nach leor forálacha na nAchtanna um Eitic más gá iad a fhorlíonadh le reachtaíocht ar leithligh i gcás comhlachtaí poiblí áirithe. Lena chois sin, tá an-seans ann go mbeadh mearbhall ar dhaoine a bhfuil sé d’oibleagáid orthu forálacha ar leithligh a chomhlíonadh maidir le leasanna a nochtadh. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go bhfaighfí go raibh forálacha na nAchtanna um Eitic sáraithe ag duine, ach go raibh forálacha reachtúla eile a bhaineann le leasanna a nochtadh agus a tháinig chun cinn ó na cúinsí céanna comhlíonta ag an duine.

Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur léir gur ar mhaithe le leas an phobail go nglacfaí Acht cuimsitheach aonair a bhfuil feidhm chomhionann aige maidir le gach comhlacht poiblí lena chinntiú go nochtaítear leasanna príobháideacha go cuí agus go ndéileáiltear le coimhlintí leasanna i gceart. Molann sé gur cheart go ndréachtódh an Roinn Airgeadais reachtaíocht nua a bheadh bunaithe ar an gcleachtas is fearr maidir le bheith ag déileáil le coimhlintí leasa agus lena gcomhdhlúthófaí forálacha na nAchtanna um Eitic, gach reachtaíocht ábhartha eile agus forálacha ábhartha an Chóid Chleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit.

Ráiteas Ardleibhéil maidir le Prionsabail Eitice

Ón uair a thosaigh na géarchéimeanna baincéireachta agus airgeadais, is minic a pléadh an tsaincheist maidir le cibé acu ar chóir cur chuige a bheadh bunaithe ar rialacha nó cur chuige a bheadh bunaithe ar phrionsabail a leanúint i gcúrsaí rialachais chorparáidigh. Tagann an tsaincheist chéanna chun cinn i leith creatlaí um eitic. Tugadh sraith rialacha soiléire a bhí le leanúint i ndáil le coimhlintí leasa isteach leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995. Cé gur athbhreithníodh na rialacha sin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 i bhfianaise a taithí a fuarthas go luath tar éis achtú Acht 1995, athraíodh an bhéim in Acht 2001 sa mhéid is gur tugadh forálacha isteach leis freisin i ndáil le cóid iompraíochta, lena leagfaí síos na caighdeáin iompraíochta agus ionracais a bhí le leanúint ag fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus ag ionadaithe poiblí agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú acu. Foilsíodh cóid ina dhiaidh sin do shealbhóirí oifige, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus státseirbhísigh.

Agus an cur chuige sin á leanúint aige, chinn an tOireachtas nár chuí cur chuige simplí a bhí bunaithe ar rialacha ná ceann a bhí bunaithe ar phrionsabail. Is é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin gur bonn daingean a bheadh ann dá bhfeidhmeofaí meascán den dá chur chuige le chéile agus gur ceann é a leithéid ar a mbíonn aon chreatlach um eitic ag brath. Ba cheart go mbeadh aon rialacha a leagfaí síos ag teacht ó phrionsabail ghinearálta maidir le hiompar eiticiúil. Tá an Coimisiún daingean ina thuairim fosta go gcaithfidh an bhéim a bheith ar dhaoine a bheith ag déanamh de réir spiorad na ndlíthe um eitic seachas díreach mionsonraí an reachta a chomhlíonadh. Measann sé áfach, nach leor, mar léargas ar na caighdeáin ar chóir do gach fostaí sa tseirbhís phoiblí agus do gach ionadaí poiblí cloí leo, earnálacha sonracha a bheith ag glacadh cód iompraíochta agus gan mórán thairis sin i gceist.

Mhol an Coimisiún um Chaighdeáin mar sin gur chóir ráiteas soiléir ardleibhéil a ghlacadh, i reachtaíocht phríomhúil nó i ngach ceann de na cóid reachtúla ábhartha iompraíochta, maidir leis na prionsabail eitice a bheidh ar fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus ar ionadaithe poiblí a leanúint. Measann sé go mb’fhéidir gur túsphointe maith iad ‘Seven Principles of Public Life’ de chuid an UK Committee on Standards in Public Life, le haghaidh díospóireachta maidir leis na bunphrionsabail ar chóir gurbh eol do gach fostaí sa tseirbhís phoiblí agus do gach ionadaí poiblí nach mór iad a leanúint. Ba chóir go gcuirfí na prionsabail a chomhaontófar ar deireadh isteach ina gcuid de na hAchtanna um Eitic mar luachanna na seirbhíse poiblí. Dá dteipfeadh ar aon duine nó ar aon chomhlacht déanamh de réir na bprionsabal sin, d’fhéadfaí é sin a lua in aon ghearán faoin reachtaíocht ábhartha um eitic. Ba chóir an fhoráil in alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ina bhféadfar gearán a dhéanamh faoi ‘ghníomh sonraithe' a rinne ‘duine sonraithe’ a leasú chun socrú a dhéanamh go bhféadfaidh an Coimsiún um Chaighdeáin aird a thabhairt ar na prionsabail agus é ag breithniú cibé acu an bhfuil ‘gníomh sonraithe’ déanta ag duine.

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire arís, beagnach deich mbliana tar éis don Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 a bheith achtaithe, go bhfuiltear fós ag fanacht go nglacfar cód iompraíochta don tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne faoin Acht sin. Cuireadh an Coimisiún ar an eolas go bhfuil an Roinn Airgeadais, a bhfuil freagracht uirthi maidir leis sin, ag leanúint leis an scéal go gníomhach agus tá sé ag súil go soláthrófar dréachtchód don Choimisiún um Chaighdeáin le haghaidh comhairliúcháin de réir fhorálacha na reachtaíochta. Tá sé muiníneach go mbrostófar leis an gcáipéis thábhachtach sin sa chaoi is go mbeidh ráiteas soiléir ag stiúrthóirí agus ag fostaithe gach comhlachta poiblí maidir leis na caighdeáin a mbítear ag súil leo a bheith ag leanúint agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu.

Gearáin

Tá líon na ngearán a fhaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin fós íseal. Fuair sé 32 gearán in 2009 san iomlán, a raibh sé chinn díobh bailí de réir théarmaí na nAchtanna um Eitic. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh bonn le ceann ar bith de na gearáin ar a bhféadfaí imscrúdú a thionscnamh.

Comhairle Baile Chill Airne

Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin i dtuarascálacha bliantúla roimhe seo maidir lena imscrúdú faoi chásanna inar líomhnaíodh gur sháraigh beirt chomhaltaí de chuid Comhairle Baile Chill Airne an Chreatlach um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil, agus go bhfuarthas gur sháraigh duine díobh siúd roinnt gnéithe de na forálacha sin. Sa tuarascáil bhliantúil i gcomhair 2008, thuairiscigh sé, tar éis éisteachta imscrúdúcháin in 2007, gur chuir sé tuairisc ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le cás inar líomhnaíodh gur sháraigh an Comhairle Patrick O'Donoghue an Chreatlach um Eitic don Rialtas Áitiúil. Cúisíodh ina dhiaidh sin é as cionta faoin Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus ag éisteacht sa Chúirt Choiriúil Chuarda i dTrá Lí, an 12 Márta 2009, phléadáil an Comhairleoir O’Donoghue ciontach i gcúiseamh "gur chomhalta de Chomhairle Bhaile Chill Airne é agus duine a raibh eolas iarbhír aige ar a leas tairbheach i dtailte áirithe ag Cill Airne ar dhátaí idir Eanáir 1, 2006 agus Márta 6, 2006 ag Cill Áirne – agus gur fhéach sé le tionchar a imirt ar chinneadh Chomhairle Baile Chill Airne i leith ábhair maidir le feidhmeanna an údaráis sin a bheith á bhfeidhmiú faoin Acht um Pleanáil 2000, mar a bhí, na tailte sin a athchriosú”. Tarraingíodh siar cúiseamh gur loic sé é féin a tharraingt amach as cruinniú de chuid na Comhairle oíche an 6 Márta, 2006, nuair a bhí an rún á bhreithniú.

An 30 Meitheamh 2009, gearradh fíneáil €5,000 ar an gComhairleoir O’Donoghue. Ba é sin an chéad ócáid a bhfuarthas go ndearnadh cion faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001.

Úsáid Áiseanna an Oireachtais

I mí an Mhárta 2009, scríobh Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin chuig an Taoiseach lena dhearcadh a leagan amach arís nár chóir go dtabharfaí acmhainní, amhail clúdaigh litreach an Oireachtais, a sholáthraítear do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí mar speansas poiblí chun éascú leo a bhfeidhmeanna mar ionadaithe poiblí a fheidhmiú, ar aghaidh do dhaoine eile nach bhfuil teidlíocht ar bith acu chun iad a úsáid. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin daingean ina thuairim gur mí-úsáid acmhainní poiblí cleachtas den sórt sin agus go bhfuil sé go hiomlán míchuí. D’eisigh sé preasráiteas maidir leis an gceist i mí Aibreáin 2009.

Ní bhfuair an Coimisiún um Chaighdeáin aon ghearáin ina dhiaidh sin faoi chomhaltaí an Oireachtais a bheith ag tabhairt áiseanna a maoiníodh go poiblí ar aghaidh d'iarrthóirí ag na togcháin áitiúla nó Eorpacha. Fuair sé roinnt gearán maidir le comhalta a bheith ag úsáid áiseanna an Oireachtais é féin chun feachtasaíocht a dhéanamh thar ceann iarrthóra. Níor shealbhóir oifige an comhalta a bhí i gceist áfach agus mar sin, bhí an scéal lasmuigh de shainchúram an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Daoine Bainteacha

Tá imní ar an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an sainmhíniú cúng a thugtar ar ‘dhuine bainteach’ sna hAchtanna um Eitic i gcomhthéacs duine a bhfuil leas aige mar stiúrthóir cuideachta. Tá an sainmhíniú iomlán ar ‘dhuine bainteach’ leagtha amach in Aguisín 3, ach áirítear an méid seo a leanas leis -

(iv) tá cuideachta (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3) bainteach le duine eile má bhíonn an chuideachta faoi rialú an duine sin (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3) nó má bhíonn an chuideachta faoi rialú an duine sin chomh maith le daoine atá bainteach leis an duine sin,
(v) maidir le haon bheirt nó líon is mó ná beirt a ghníomhóidh le chéile chun a dhaingniú go mbeidh cuideachta faoina rialú, nó chun rialú a dhéanamh ar chuideachta, caithfear leo, i ndáil leis an gcuideachta sin, mar dhaoine atá bainteach le chéile agus le haon duine a ghníomhóidh ar threoracha aon duine díobh chun a dhaingniú go mbeidh an chuideachta faoina rialú, nó chun rialú a dhéanamh ar an gcuideachta.

Is é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin go bhfuil an sainmhíniú ar 'dhuine bainteach' róshriantach agus neamhchuí sa mhéid sin i ndáil le cibé acu an bhfuil cuideachta bainteach le duine agus cibé acu an bhfuil duine eile, atá bainteach le cuideachta, bainteach le duine. Bíonn an cheist sin ag brath ar an gcoincheap ó thaobh “rialú” a bhfuil an bhrí leis a shanntar dó le halt 157 den Acht Cánach Corparáide 1976, ina dtagraítear d'alt 102 den Acht sin faoi seach, agus a athachtaíodh ina dhiaidh sin in alt 432 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Foráiltear mar seo a leanas -

measfar cuideachta a bheith faoi rialú duine má dhéanann sé rialú nó má tá ar a chumas rialú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar ghnóthaí na cuideachta, nó má tá sé i dteideal an rialú sin a fháil, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, má shealbhaíonn sé nó má bhíonn sé i dteideal go bhfaigheadh sé—

  1. an chuid is mó de scairchaipiteal nó de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó den chumhacht vótála sa chuideachta; nó
  2. cibé cuid de scairchaipiteal eisithe na cuideachta a thabharfadh teideal dó, dá ndéanfaí ioncam uile na cuideachta a dháileadh iarbhír ar na rannpháirtithe (ar neamhshuim le haon chearta atá aige féin nó ag aon duine eile mar chreidiúnaí iasachta), an chuid is mó den méid a dáileadh amhlaidh a fháil; nó
  3. cibé cearta a thabharfadh teideal dó, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh nó in aon imthosca eile, an chuid is mó de shócmhainní na cuideachta a bheadh inchomhairimh an tráth sin le dáileadh ar na rannpháirtithe a fháil.

Is dá bharr sin a tharlaíonn sé, mar shampla, go mbíonn comhalta boird chomhlachta phoiblí, a bhfuil dlúthpháirt aige nó aici i gcuideachta (m.sh. Cathaoirleach, Príomhfheidhmeannach srl.) ach nach bhfuil an chuideachta sin "faoina rialú” agus a n-iarrtar air nó uirthi feidhm a fheidhmiú mar chomhalta boird an chomhlachta phoiblí, arbh é a éifeacht sin go rachadh sé sin chun sochair don chuideachta sin go suntasach, nach gá go bhféadfaí a mheas gur duine bainteach í an chuideachta a bhfuil leas ábhartha aici san fheidhm atá le feidhmiú, agus sa chás sin, bheadh sé de láncheart ag an gcomhalta boird páirt a ghlacadh san fheidhm, in ainneoin an dlúthnaisc atá ann idir an duine sin agus an chuideachta.

Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin sampla de sin ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2007. Fuair sé gearán faoi ghníomhartha bheirt chomhaltaí d’Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, an tUas. Lar Bradshaw agus an tUas. Seán Fitzpatrick, i bhfianaise a leasanna sa Bhanc Angla-Éireannach a bhí ag soláthar maoiniúcháin le haghaidh roinnt scéimeanna i limistéar na ndugthailte. Líomhnaigh an gearánaí, inter alia, gur theip ar an mbeirt chomhaltaí ráiteas maidir le leas ábhartha a dhéanamh, faoi mar a ceanglaíodh orthu a dhéanamh le halt 17 d’Acht 1995, roinnt uaireanta de bharr cinntí a ghlac an tÚdarás a bhain le sraith forbairtí dár sholáthair an Banc Angla-Éireannach maoiniúchán.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon bhonn ann ar a bhfaighfí gur daoine bainteacha, mar gheall ar an ngaol a bhí eatarthu féin, an tUas. Fitzpatrick agus an tUas. Bradshaw. Lena chois sin, ní raibh aon bhonn ann ar a bhfaighfí gur dhuine bainteach an Banc Angla-Éireannach, i ndáil leis an Uas. Fitzpatrick ná leis an Uas. Bradshaw. Cé go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh go raibh líon substaintiúil scaireanna ag an mbeirt acu sa bhanc, ba é ba bhonn leis an gcinneadh nach raibh aon fhianaise ann go raibh an banc faoi 'rialú' ceachtair acu. Dá réir sin, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon fhorais ann ar a dtionscnófaí imscrúdú faoi alt 17 d'Acht 1995 a bheith sáraithe ag an Uas. Fitzpatrick ná ag an Uas. Bradshaw.

Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart Alt 2(2) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 a leasú sa chaoi is go ndéanfaí socrú freisin gur "duine atá bainteach" le cuideachta duine atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus gur "daoine atá bainteach" leis an duine sin freisin stiúrthóirí eile na cuideachta sin.

Raon Feidhme na nAchtanna um Eitic

Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin i ngach ceann dá thuarascálacha bliantúla ó 2004 i leith maidir leis an méadú mór atá tagtha ar raon feidhme na nAchtanna um Eitic ó thaobh líon na gcomhlachtaí poiblí sa tseirbhís phoiblí a bhfuil stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist fhostaíochta ainmnithe (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3) forordaithe iontu ag an Aire Airgeadais. Ina thuarascáil i gcomhair 2008, dúirt sé go raibh breis is 670 comhlacht poiblí clúdaithe in 2009

Tá méadú déanta ar líon na gcomhlachtaí sin trí huaire ón tráth sin. An 24 Iúil 2009, shínigh an tAire Airgeadais rialacháin lenar forordaíodh stiúrthóireachtaí agus poist fhostaíochta sa Bhanc-Chorparáid Angla-Éireannach Teoranta agus in 31 dá chuid fochuideachtaí. Bhí an Banc tugtha faoi úinéireacht phoiblí i mí Eanáir 2009. D’iarr an Coimisiún um Chaighdeáin go dtabharfaí rialacháin isteach nuair a bhí comhlacht poiblí á bhunú sa chaoi is go bhfeidhmeofaí na hoibleagáidí um eitic a luaithe agus ab fhéidir. Fáiltíonn sé roimh na rialacháin mar an chéad uair dá ngníomhaíodh ar mholadh ón gCoimisiún.

Tugadh rialacháin bhreise isteach le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 rud a d’fhág gur thart faoi 860 líon iomlán na gcomhlachtaí, fochomhlachtaí san áireamh, a bhí clúdaithe. Rinneadh rialacháin ina dhiaidh sin an 19 Márta 2010 lenar forordaíodh mar stiúrthóirí ainmnithe comhaltaí boird na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA), de choistí NAMA a bunaíodh faoi alt 32(1) nó 33(1) den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 agus de ghrúpaonáin NAMA faoi mar a sainmhíníodh in alt 4 den Acht sin (lena n-áirítear aon Fheithiclí Cuspóra Speisialta a bunaíodh faoin alt sin).

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh na rialacháin sin agus tá sé muiníneach go gcinnteoidh an tAire Airgeadais go bhfeidhmeofar raon feidhme na nAchtanna um Eitic maidir le gach comhlacht poiblí nua go tráthúil.

Creatlach um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an rún atá ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil raon feidhme na bhforálacha i gCuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil a bhaineann leis an gCreatlach um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil a leathnú sa chaoi is go gclúdófar Méara agus Údarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath atá beartaithe. Is é tuairim an Choimisiúin i gcónaí áfach nach leor na nósanna imeachta le haghaidh scrúdú agus imscrúdú atá ann faoin gcreatlach agus gur cheart tús áite a thabhairt d’obair le nós imeachta reachtúil sainráite a thabhairt isteach le haghaidh gearán faoi chomhaltaí agus faoi fhostaithe na n-údarás áitiúil.

Cóid Iompraíochta

Leagtar amach i gCód Chaighdeáin agus Iompair na Státseirbhíse, inter alia, an toirmeasc atá ar gach státseirbhíseach os cionn ghráid na gcléireach páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil. Sonraítear sa chód nach bhféadfaidh státseirbhísigh ar leibhéal na gcléireach nó os a chionn sin dul i mbun díospóireacht phoiblí (m.sh. litreacha a scríobh chuig nuachtáin, ionchur a bheith acu i gcláir theilifíse nó raidió, srl.) maidir le cúrsaí polaitíochta, ach amháin má cheanglaítear orthu amhlaidh a dhéanamh mar chuid dá ndualgais oifigiúla.

Dhréachtaigh an Roinn Airgeadais ciorclán lenar pléadh le státseirbhísigh agus cúrsaí polaitíochta i rith 2009. Chuaigh an Roinn i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus tagairt ar leith á déanamh d’idirghníomhaíocht sa pholaitíocht ag daoine arna gceapadh ag Airí nach bhfuil faoi réir ghnáthshrianta an chóid maidir le gníomhaíocht den sórt sin. Sholáthair an Coimisiún um Chaighdeáin tuairimí faoin dréachtchiorclán maidir le comhairle a tugadh d’iarrthóirí toghcháin faoi chaiteachas agus maidir le hiarrthóirí a bheith ag úsáid áiseanna a maoiníodh go poiblí i rith toghcháin. Athdhréachtaíodh an ciorclán dá réir. Chuaigh an Roinn i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin maidir le comhairle a bhí le tabhairt do státseirbhísigh i leith faisnéis a sholáthar do chomhaltaí Oireachtais. Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin maidir leis an tsaincheist sin sa tuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006. B’údar áthais don Choimisiún um Chaighdeáin gur léiríodh dearcadh an Choimisiúin sa dréachtchiorclán, ba é sin, nár chóir do státseirbhísigh faisnéis a thabhairt do chruinnithe páirtí parlaiminte, ach gurbh inghlactha faisnéis a thabhairt d'fhochoistí páirtí parlaiminte maidir le cúrsaí teicniúla amhail dréachtreachtaíocht.

Mionléiríodh forálacha an chóid sa chiorclán freisin maidir le státseirbhísigh a bheith ag dul i mbun gníomhaíocht pholaitiúil. Foráiltear leis an gciorclán -

Féadfaidh státseirbhísigh dul i mbun gnóthaí deonacha, áitiúla, pobail nó spóirt, i gcás nach mbeidh an ghníomhaíocht sin bainteach le, ná i gcomhlint le, a ndualgais oifigiúla; ná bainteach leis an bpolaitíocht; agus nach mbeidh sí i gcoimhlint leis an ngá go n-iompródh státseirbhísigh iad féin, agus go bhfeicfí go n-iompróidís iad féin, ar bhealach neamhchlaonta ó thaobh cúrsaí polaitíochta. Ba cheart d’oifigigh a bheith fíorchúramach áfach agus iad ag déileáil leis na meáin chumarsáide nó aon rud á rá go poiblí acu faoina gcuid gníomhaíochtaí. Ní mór d’oifigigh fógra a thabhairt d’Oifigeach Pearsanra a Roinne/a nOifige sula ndeirfidh siad aon rud go poiblí faoi na gníomhaíochtaí sin agus caithfidh siad cloí le haon srianta a éileodh an tOifigeach Pearsanra.

I gcás go bhfaighidh an Coimisiún um Chaighdeáin gearán faoi státseirbhíseach a bheith ag dul i mbun gníomhaíocht pholaitiúil, féadfaidh sé aird a thabhairt ar théarmaí an chiorcláin chomh maith le forálacha an chóid iompraíochta.

Dliteanais a Nochtadh

Déantar socrú leis na hAchtanna um Eitic chun 'leasanna inchláraithe' a nochtadh go bliantúil. Déantar socrú leis an reachtaíocht go nochtófar na catagóirí leasanna seo a leanas -

  • Ioncam ó shlí bheatha, srl
  • Scaireanna, srl.
  • Stiúrthóireachtaí
  • Talamh (lena n-áirítear áitreabh)
  • Bronntanais
  • Maoin agus seirbhísí
  • Áiseanna taistil, cóiríocht maireachtála, béilí nó siamsaíocht
  • Post lena ngabhann luach saothair mar bhrústocaire polaitíochta nó mar bhrústocaire maidir le gnóthaí poiblí, mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir
  • Conarthaí le hearraí nó seirbhísí a sholáthar don tseirbhís phoiblí

Ní cheanglaítear leis na hAchtanna um Eitic ar dhuine a d(h)liteanais a nochtadh. Is éard a bheartaítear a bhaint amach leis na hAchtanna um Eitic socrú a dhéanamh chun aon leasanna a d'fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar oifigeach poiblí i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna oifigiúla, a nochtadh go cuí. Is léir don Choimisiún um Chaighdeáin, má bhíonn dliteanais shuntasacha ar ionadaí poiblí nó ar fhostaí sa tseirbhís phoiblí m.sh. d'fhoras airgeadais, go bhféadfadh sé sin tionchar ábhartha a imirt air nó uirthi i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna i gcás go mbíonn air nó uirthi déileáil leis an bhforas airgeadais sin mar chuid de na dualgais sin agus i gcás go bhféadfaí a shamhlú go bhféadfadh gníomhartha an fhostaí sa tseirbhís phoiblí dul i bhfeidhm ar a leasanna féin. Is ar mhaithe le leas an phobail mar sin go nochtófaí dliteanais den sórt sin go cuí.

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire, agus treoir á soláthar do bhallstáit maidir le coimhlintí leasa a bhainistiú, go bhfuil an OECD tar éis a mholadh go nochtófar dliteanais reatha, iasachtaí reatha, morgáistí reatha, srl., seachas mionfhiacha (Managing Conflict of Interest in the Public Sector - A Toolkit, OECD, 2005).

Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire freisin go gceanglaítear leis an Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 ar chomhalta fhoireann na Gníomhaireachta Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a bhfuiltear ag cuimhneamh é nó í a shannadh do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, ráiteas a sholáthar maidir lena c(h)uid leasanna, sócmhainní agus dliteanas do Phríomhfheidhmeannach NAMA. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurb iomlán cuí go nochtófaí dliteanais sa chomhthéacs sin. Is léir gur gá cúrsaí den sórt sin a chur san áireamh maidir le hoifigigh phoiblí eile a bhíonn ag déileáil le forais airgeadais. Is é tuairim an Choimisúin gur cheart go gceanglófaí ar gach oifigeach poiblí nithe cosúil leo siúd a nochtadh faoi na hAchtanna um Eitic.

Dá réir sin, molann an Coimisiún um Chaighdeáin gur cheart go leasófaí an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 sa chaoi is go ndéanfar socrú go measfar gur leas inchláraithe chun críocha na nAchtanna um Eitic dliteanas a bheidh os cionn tairseach áirithe.