Aguisín 4: Moltaí le haghaidh athruithe
Ina Thuarascálacha Bliantúla roimhe seo, rinne an Coimisún um Chaighdeáin
achoimre ar a mholtaí le haghaidh athruithe ar an reachtaíocht um eitic agus
toghcháin. Déantar achoimre ar na príomh-mholtaí san Aguisín seo, in éineacht leis
an scéal is déanaí maidir le haon dul chun cinn a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe idir
an dá linn. Tagraítear do mhionmholtaí, amhail leasuithe teicniúla, i dtuarascálacha
bliantúla roimhe seo.
Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar
reachtaíocht ghaolmhar
- acht cuimsitheach lena gcomhdhlúthófar na hAchtanna um Eitic agus gach
reachtaíocht eile do dhéanamh socrú chun leasanna a nochtadh, chomh maith le
forálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí (Tuarascáil Bhliantúil 2009);
- dlí cuimsitheach maidir le gníomhartha éigearta a nochtadh ar mhaithe le leas
an phobail agus maidir le cosaint a thabhairt do dhaoine a dhéanann amhlaidh
(Tuarascáil Bhliantúil 2009);
- na forálacha a leasú maidir le gearáin faoi ‘ghníomh sonraithe’ sa chaoi is go
gceadófar tagairt do ráiteas ardleibhéil faoi na prionsabail eitice atá le leanúint
ag fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus ag ionadaithe poiblí (Tuarascáil Bhliantúil
2009);
- leasú ar an sainmhíniú ar ‘dhuine bainteach’ sa chaoi is go bhforálfar gur "duine
atá bainteach" le cuideachta duine atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus
gur "daoine atá bainteach" leis an duine sin freisin stiúrthóirí eile na cuideachta
sin (Tuarascáil Bhliantúil 2009);
- ceanglas go nochtófar dliteanais mar ‘leasanna inchláraithe’ (Tuarascáil Bhliantúil
2009);
- cumhacht Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh
maidir le cás nach bhfuil gearán ina leith déanta faoi na hAchtanna um Eitic
(Tuarascáil Bhliantúil 2004);
- foráil go ndéanfaí socrú go mbeidh córam nach lú ná tríúr comhaltaí (lena
n-áirítear an Cathaoirleach i ngach cás) ann le himscrúdú a éisteacht faoi na
hAchtanna um Eitic (Tuarascáil Bhliantúil 2008);
- moladh go dtionscnófaí tairiscintí i dTithe an Oireachtais chun Cathaoirligh ar
Choistí Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna
um Eitic (Tuarascáil Bhliantúil 2005); Chinn an tAire Airgeadais gan na rúnta a
thairiscint. (Tuarascáil Bhliantúil 2008);
- leasuithe ar na teorainneacha ama ar laistigh díobh a bhfuil dearbhuithe
reachtúla, deimhnithe imréitigh cánach agus ráitis iarratais le déanamh nó
le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ag comhaltaí
tofa agus ag daoine a cheaptar i bpoist shinsearacha agus i stiúrthóireachtaí
sa tseirbhís phoiblí. Leasaítear, leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha
Ilghnéitheacha) 2008, an spriocdháta ó mhí amháin go dtí trí mhí, maidir le
dearbhú reachtúil a chaithfidh duine a dhéanamh sa chás go moltar go gceapfaí
in oifig bhreithiúnach é nó í. Tá foráil cosúil léi siúd ag teastáil le haghaidh
comhaltaí tofa agus fostaithe sinsearacha sa tseirbhís phoiblí. (Tuarascáil
Bhliantúil 2003);
- cód iompraíochta a ghlacadh d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus do chomhaltaí
ar bhoird stáit sa tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne (Tuarascáil Bhliantúil
2003).
Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
- Mar an comhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na
hAchtanna Toghcháin, ba chóir go mbeadh bonn reachtúil ag an gCoimisún um
Chaighdeáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus a thorthaí a
thuairisciú. (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003);
- Is gá ailt áirithe den Acht a leasú ionas go gcuirfear san áireamh go mbíonn a
gceanglais tuairisceoireachta féin ar chomhaltaí na n-údarás áitiúil agus ar
iarrthóirí ag toghcháin áitiúla faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus
Caiteachas a Nochtadh) 1999, arna leasú. (Athbhreithniú ar na hAchtanna
Toghcháin, 2003);
- Ba chóir cuimhneamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na
dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse sonraithe roimh thús na tréimhse toghcháin
arna sainmhíniú leis an dlí (.i. go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an tréimhse
toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála nó sula dtáirgtear
eascaire ag toghchán). (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003);
- Níor chóir an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le "tríú páirtí" a chinneadh ar bhonn
cé acu an bhfuair pearsa aonair/grúpa síntiús ach ba chóir go mbeadh an fócas
ar chaiteachas ag pearsana aonair/ag grúpaí agus ar iad a mheas mar thríú
páirtithe má bhíonn futhu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach
áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a
shainmhínítear sa reachtaíocht. (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003
agus Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann maidir le Conradh
Liospóin);
- Ba chóir an próiseas clárúcháin do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile”
(a bhfuil futhu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh. (Níor chóir go mbeadh aon ghá ann go gcláródh pearsa aonair/grúpa mar “thríú páirtí" agus go gcláródh an duine/grúpa mar "dhuine eile" freisin.)
(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003);
- Ba chóir cuimhneamh ar theorainn a fhorchur ar shuim an chaiteachais a
fhéadfaidh tríú páirtí"/"duine eile" a tharraingt orthu féin ag toghchán. Mar
shampla, má bhíonn "tríú páirtí"/"duine eile" ag cur in éadan iarrthóir áirithe
ag toghchán, níor chóir go rachfadh suim an chaiteachais gur féidir leis an “tríú
páirtí”/”duine eile” a tharraingt air/uirthi féin os cionn na teorainne reachtúla
caiteachais is infheidhme i leith an iarrthóra sin. (Athbhreithniú ar na hAchtanna
Toghcháin, 2003);
- Le cothrom na féinne idir iarrthóirí a chinntiú, chomh maith le roinnt
trédhearcachta, ba chóir go mbeadh úsáid cistí poiblí chun críocha toghcháin
ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go
ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Chaithfí na forálacha, lena bpléitear le
soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe
an Oireachtais [(Alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003
(a cuireadh isteach leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006) (arb
é Alt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009) anois é],
a aisghairm dá bharr sin. (Tuarascáil maidir le holltoghchán 2007 don Dáil);
- Ba cheart go gceadófaí tríú páirithe a chlárú le haghaidh feachtas ar leith nó ar
bhonn leanúnach. (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann maidir
le Conradh Liospóin 2008);
- Ba chóir go n-éileofaí socrú maidir leis an trédhearcacht i maoiniúchán agus i
gcaiteachas ar fheachtais reifrinn, ba chóir go gceanglófaí ar thríú páirtithe
agus ar pháirtithe polaitíochta mionsonraí caiteachais ar fheachtais reifrinn a
nochtadh. Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go gcuirfí faisnéis ar fáil maidir leis na
foinsí maoiniúcháin atá ar fáil do thríú páirtithe agus do pháirtithe polaitíochta
araon. (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann maidir le
Conradh Liospóin 2008);
- Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí a ghearrtar mura
gcomhoibrítear leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Ba chóir go mbeadh sé ina
chion, ach go háirithe, loiceadh comhoibriú le fiosrúcháin arna ndéanamh ag an
gCoimisiún um Chaighdeáin faoi alt 4(4) den Acht. (Tuarascáil 2009 maidir le tríú
páirtithe ag an Reifreann maidir le Conradh Liospóin 2008);
Leasú a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir leis an Liúntas
Ceannairí Páirtí
- Ba cheart go mbeadh an Coimisiún um Chaighdeáin nó an tAire Airgeadais
in ann treoirlínte a fhoilsiú nó comhairle a thabhairt maidir leis an úsáid chuí atá
le baint as an Liúntas Ceannairí Páirtí agus ba cheart go mbeadh treoirlínte agus
comhairle den sórt sin ina gceangal dlí ar na daoine a bhfuil feidhm acu maidir
leo. (Tuarascáil Bhliantúil 2007)